Irish Language Blog
Menu
Search

Céard (Cad é / Cad) atá ort?  … air sin?  srl.  (some uses of the word ‘ar’ in Irish) Posted by on Jun 15, 2015 in Irish Language

(le Róislín)

Cén dath atá ar chuid gruaige an duine seo?  An bhfuil sé cosúil le hamhránaí clúiteach a bhí i mbanna buachaillí go dtí le déanaí?  Cén t-amhránaí atá i gceist agam?  An freagra -- léigh leat! (http://clipart-finder.com/clipart/egghead-green-spikey-hair.html)

Cén dath atá ar chuid gruaige an duine seo? An bhfuil sé cosúil le hamhránaí clúiteach a bhí i mbanna buachaillí go dtí le déanaí? Cén t-amhránaí atá i gceist agam? An freagra — léigh leat! (http://clipart-finder.com/clipart/egghead-green-spikey-hair.html)

Lately we’ve been looking at how to say you have red hair or a black beard (and/or mustache and sideburns), using the word “ar” (on).  In previous blog posts, we’ve looked at using “ar” to say you’re ill (“I have a cold”) or how you feel about something, either emotionally (I’m happy) or as a physical sensation (I’m hungry).  “Ar” is also used to say you’re wearing an item of clothing (Tá cóta nua orm, I’m wearing a new coat) and to indicate the price or value of something (Cén luach atá air sin? How much is that?).  Some expressions for indicating color also use “ar,” especially if the color is a little unusual or described poetically (Tá dath an fhéich ar a cuid gruaige, Her hair is raven-colored, lit. The color of the raven is on her hair).

Today we’ll practice some similar expressions and a few more using the word “ar,” whose basic meaning is “on,” but which can be translated in many different ways.

Uair amháin eile, seo seacht bhfoirm an fhocail “ar”: orm, ort, air, uirthi, orainn, oraibh, orthu.

There are some duplicate answers; freagraí thíos.

  1. “Tá tinneas cluaise ____, nó b’fhéidir tinniteas,” a dúirt an fear a bhí ag ceolchoirm Kiss.
  2. “Cén dath atá _____ fhéasóg Dhaidí na Nollag?” “Tá a fhéasóg bán. Tá féasóg bhán  _____  Dhaidí na Nollag.”    
  3. Comhrá beag:  

Duine A: Féach ar an phictiúr de Kate Middleton ag a bainis. Is fiú thart fá £250,000 an gúna pósta atá _____.

Duine B: An-chostasach!  Tá an gúna an-chosúil leis an ghúna a bhí  ____  Grace Kelly nuair a pósadh ise sa bhliain 1956.

Duine A: Ó, cé mhéad a bheadh  ____  ghúna pósta Grace Kelly dá mbeadh sé ar fáil (le ceannach) inniu?

Duine B: Bhuel, leis an fhírinne a rá, ní féidir luach a chur  ____.  Tá sé ríluachmhar agus tá sé in iarsmalann i bhFilideilfia (Philadelphia Museum of Art).  Ba as Filideilfia í Grace Kelly, ar ndóigh, de shliocht Éireannach.

tuilleadh eolais anseo má tá suim agat: http://www.philamuseum.org/collections/permanent/56621.html

  1. “Tá hataí gréine againn ach níl siad ____,” a deir an bheirt chailíní atá ag déanamh bolg le grian. “Bígí cúramach nach mbeidh sibh dóite ag an ngrian. Ba chóir daoibh na hataí a chur _____ ,” a deir a máthair.   
  2. Ní bhíodh mórán éadaí _____ Tarzan sna scannáin. Bréid gabhail a bhí  _____ an chuid is mó den am.    
  3. Cén dath atá ar chuid gruaige Pippi Longstocking agus ar chuid gruaige Anne Shirley? Tá gruaig rua _____. 
  4. “Tá ocras _____,” a deir an mac tíre sa scéal “Clóicín Dearg.” 
  5. Comhrá eile (tusa ag caint le Zayn Malik)                                                                                                                                                                                                                                                                                                     

Tusa: Dia dhuit, a Zayn, conas atá tú?

Zayn (dá mbeadh Gaeilge aige): Tá mé go maith, go raibh maith agat.  Agus tusa?

Tusa: Tá mise go maith freisin.  Feicim go bhfuil dath nua ____ do chuid gruaige.  Tá gruaig uaine (nó “gruaig ghlas”)  _____ anois.  Tá an dath go deas. 

Zayn:  Tá mise breá sásta leis!

(cúpla lá ina dhiaidh sin)

Tusa: Dia dhuit, a Zayn.  Feicim go bhfuil dath nua _____ do chuid gruaige.  An dara dath nua sa mhí seo!

Zayn: Tá, tá mo chuid gruaige bán anois!  Is fearr liom mar seo í.

Nóta don léitheoir:  Cén dath is fearr leatsa?  A chuid gruaige a bheith uaine (nó glas)?  Nó bán?  

Scríobh isteach, más mian leat le do bharúil faoi dhath chuid gruaige Zayn.  Nó inis dúinn cén dath atá ar do chuid gruaige féin.  Tá súil agam go gcloisfidh mé uait.  SGF — Róislín

Freagraí:

  1. “Tá tinneas cluaise orm, nó b’fhéidir tinniteas,” a dúirt an fear a bhí ag ceolchoirm Kiss. (orm)
  2. “Cén dath atá ar fhéasóg Dhaidí na Nollag?” “Tá a fhéasóg bán. Tá féasóg bhán ar Dhaidí na Nollag.” (ar, ar) (NB: the word “dath” is often dropped in the reply to “Cén dath atá air?”  The answer could simply be: Tá sé bán, or whatever color is involved).
  3. A: Féach ar an phictiúr de Kate Middleton ag a bainis. Is fiú thart fá £250,000 an gúna pósta atá uirthi. (uirthi)

B: An-chostasach!  Tá an gúna an-chosúil leis an ghúna a bhí ar Grace Kelly nuair a pósadh ise sa bhliain 1956. (ar)

A: Ó, cé mhéad a bheadh ar ghúna pósta Grace Kelly dá mbeadh sé ar fáil (le ceannach) inniu?  (ar)

B: Bhuel, leis an fhírinne a rá, ní féidir luach a chur air.  Tá sé ríluachmhar agus tá sé in iarsmalann i bhFilideilfia (Philadelphia Museum of Art).  Ba as Filideilfia í Grace Kelly, ar ndóigh, de shliocht Éireannach.   (air)

  1. “Tá hataí gréine againn ach níl siad orainn,” a deir an bheirt chailíní atá ag déanamh bolg le grian. “Bígí cúramach nach mbeidh sibh dóite ag an ngrian. Ba chóir daoibh na hataí a chur oraibh ,” a deir a máthair.  (orainn, oraibh)
  2. Ní bhíodh mórán éadaí ar Tarzan sna scannáin. Bréid gabhail a bhí air an chuid is mó den am. (ar, air) 
  3. Cén dath atá ar chuid gruaige Pippi Longstocking agus ar chuid gruaige Anne Shirley? Tá gruaig rua orthu. (ar, orthu)
  4. “Tá ocras orm,” a deir an mac tíre sa scéal “Clóicín Dearg.” (orm).  Leagan den scéal, Clóicín Dearg, ISBN 1922852553, ar fáil anseo: http://aimsbooks.com/Results_Pages/full_description.asp?Item=E139
  5. Tusa: Dia dhuit, a Zayn, conas atá tú?

Zayn (dá mbeadh Gaeilge aige): “Tá mé go maith, go raibh maith agat.  Agus tusa?

Tusa: Tá mise go maith freisin.  Feicim go bhfuil dath nua ar do chuid gruaige.  Tá gruaig uaine (nó “gruaig ghlas”) ort anois.  Tá an dath go deas. (ar, ort)

Zayn:  Tá mise breá sásta leis!

(cúpla lá ina dhiaidh sin)

Tusa: Dia dhuit, a Zayn.  Feicim go bhfuil dath nua ar do chuid gruaige.  An dara dath nua sa mhí seo. (ar)

Zayn: Tá, tá mo chuid gruaige bán anois!  Is fearr liom mar seo í.

Má tá tú ag iarraidh tuilleadh eolais faoi dhath ghruaige Zayn Malik (iarbhall de One Direction), féach anseo:  http://www.washingtonpost.com/entertainment/zayn-malik-has-green-hair/2015/06/07/0681988e-0d3f-11e5-a0fe-dccfea4653ee_story.html agus http://www.inquisitr.com/2164008/zayn-malik-ditches-neon-green-for-white-hair-as-perrie-malik-trends-on-twitter/

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: