Irish Language Blog
Menu
Search

Comhrá (samhlaitheach) le Nola, an Srónbheannach: An Imaginary Conversation in Irish with Nola, The Rhinoceros Posted by on Nov 23, 2015 in Irish Language

(le Róislín)

Nola (ca. 1974-2015), an srónbheannach bán tuaisceartach a bhí ina cónaí sa Pháirc Safari de chuid Zú San Diego. (grafaic: By Jeff Keeton (Own work) [CC BY-SA 4.0 (http://creativecommons.org/licenses/by-sa/4.0)], via Wikimedia Commons)

Nola (ca. 1974-2015), an srónbheannach bán tuaisceartach a bhí ina cónaí sa Pháirc Safari de chuid Zú San Diego.
(grafaic: By Jeff Keeton (Own work) [CC BY-SA 4.0 (http://creativecommons.org/licenses/by-sa/4.0)], via Wikimedia Commons)

Amidst the many catastróif that seem to be happening lately, I was also saddened to learn of the death of Nola, an srónbheannach bán tuaisceartach a bhí ina cónaí i San Diego Zoo Safari Park ó 1989.

Of course, she probably lived longer in captivity than she would have in the wild, due to danger from póitseálaithe.

Here is my imaginary conversation with her, assuming of course, go raibh Gaeilge aici!  The time period is sometime between December 14, 2014 and November 21, 2015.

R: Dia dhuit,  a Nola.

N: Dia ‘s Muire dhuit.  Cad is ainm duit?

R: Mise Róislín.  Agus ‘s é Nola an t-ainm atá ort, nach é?

N: ‘S é, mise Nola.  Tá áthas orm bualadh leat.

R: Agus tá áthas ormsa bualadh leatsa.   Is onóir é.  Ba mhaith liom cúpla ceist a chur ort, mura mhiste leat, mar tá mé ag scríobh ailt fút.

N: Ceart go leor.  Fadhb ar bith.

R: Cén sórt luath-óige a bhí agat?

N: Ag rith an méid a bhí i mo chraiceann is mó a rinne mé.   Fuaim na ngunnaí i ngach áit agus daoine ag screadach agus ag béicíl i ngach treo.

R: Mar gheall ar …?

N: Mar gheall ar na póitseálaithe, drochíde orthu!  Mharaigh siad mo mháthair agus bhí siad sa tóir orm.  Ach tháinig lucht an zú agus shábháil siad mé.  Sheol siad go zú sa bhaile Dvůr Králové nad Labem mé.  Ag an am sin, thart fá 1976, bhí sé sa tSeicslóvaic ach anois is é “Poblacht na Seice” ainm na tíre.  Sa bhliain 1989 seoladh go Meiriceá mé, go dtí an Pháirc Safari de chuid Zú San Diego, an áit a bhfuil muid ann anois.

R: An dtaitníonn sé leat a bheith i do chónaí anseo?

N: Taitníonn, tá na coimeádaithe zú an-chineálta. Tugann siad an bia is fearr liom dom, rudaí mar chairéidí agus úlla.  Agus an rud is fearr, tugann siad cuimiltí boilg agus cuimiltí muiníl dom, agus bíonn siad sin go hálainn.

R: An bhfuil mórán cairde agat sa zú?

Angalifu, an srónbheannach bán tuaisceartach fireann a bhí ina cónaí sa Pháirc Safari de chuid Zú San Diego (grafaic: By Sheep81 (Own work) [Public domain], via Wikimedia Commons

Angalifu, an srónbheannach bán tuaisceartach fireann a bhí ina chónaí sa Pháirc Safari de chuid Zú San Diego (grafaic: By Sheep81 (Own work) [Public domain], via Wikimedia Commons)

N: Tá, ainmhithe eile agus na coimeádaithe.  Bhí srónbheannach eile, Angalifu, ina chónaí anseo go dtí le déanaí.  Fuair sé bás ar an 14ú lá de mhí na Nollag, 2014.

R: Tá an-bhrón orm sin a chluinstin.

N: Is brónach an scéal é.  Níl mórán dár sórt fágtha.  B’eisean an t-aon srónbheannach bán tuaisceartach fireann amháin a bhí ina chónaí sa leathsféar thiar.  Nuair a d’éag sé, d’fhág sin srónbheannach fireann amháin inár bhfospeiceas beo.  Tá seisean san Afraic, sa Chéinia.

R: Mar sin níl lao srónbheannaigh (lao srónbheannach bán tuaisceartach) ann áit ar bith ar domhan?

N: Níl, agus níl seans ann go mbeidh ceann ann.  Níl céile agam agus ní shíleann na zó-eolaithe go mbeidh níos mó páistí ag “Sudan,” an t-aon srónbheannach bán tuaisceartach fireann amháin atá fágtha ar domhan. Tá iníon agus gariníon aige ach ní shíleann na zó-eolaithe go mbeidh sliocht eile ann.

R: Tá sin uafásach ar fad.  Cén fáth a mbíonn na póitseálaithe ar bhur dtóir?

N: Síleann daoine gur féidir leo afraidíseach a dhéanamh as ár n-adharca.  Ach níl inár n-adharca ach ceiritin.  Go díreach cosúil le hingne do mhéar, nó ingne mhéara na ndaoine a chreideann gur afraidíseach atá ann, leis an fhírinne a dhéanamh.  D’fhéadfadh siad an rud céanna a dhéanamh as a n-ingne féin, gan a bheith ag marú m’fhospeicis.  Tá muid beagnach marbh mar fhospeiceas, tá a fhios agat.

R: Tá a fhios agam. Ba bhreá liom a bheith ábalta rud éigin a dhéanamh faoi ach, faraor, níl sé i mo chumas rud ar bith a dhéanamh seachas ailt mar seo a scríobh.

N: Bhuel, sin mar atá agus níl neart againn air.  Níl mé uaigneach, tá a fhios agat, mar tá sioráif, gasailí, agus buabhaill Rinne ina gcónaí sa chlós ollmhór seo, agus tá na coimeádaithe ann.  Agus tagann cuairteoirí chugam, mar thusa agus an t-iriseoir Irv Erdos as San Diego.  Ach tá eagla orm go mbeidh mé “gan ó gan mac os mo chionn, a shilfeadh na deora tráthnóna nó’r maidin go trom,” mar a deir an t-amhrán. Ní fheicfidh mé srónbheannach bán tuaisceartach óg i mo shaol, an méid den saol atá fágtha dom.

R: Ó, a Nola, tá tú ag baint na ndeor asam cheana féin.

N: Agus asamsa freisin, caithfidh mé a admháil.  Ach caithfidh muid a bheith dóchasach.  B’fhéidir go mbeidh freagra éigin ag na heolaithe.  Nó b’fhéidir go bhfíoróidh “Páirc Iúrasach” an lae inniu.  Idir an dá linn, bainim sult as do chuideachta agus as cuideachta na gcuairteoirí eile agus as na cuimiltí boilg is muiníl a fhaighim ó na coimeádaithe.  Céard eile atá i ndán dúinn seachas fanacht beo ar an domhan chomh fada agus is féidir linn?

R: ‘Sea, tá an ceart agat, agus tá súil agam go mbeidh neart agat.  Tá súil agam go mbeidh mé ábalta cuairt eile a thabhairt ort roimh i bhfad, b’fhéidir thart fán Nollaig.  Ar mhaith leat sin?

N: Ba mhaith, cinnte.  A fhad is a mhairim.

R: Ó, a Nola, ná bí ag caint mar sin!

N: Bhuel, anois, a stór, feicim an coimeádaí ag teacht.  Tá sé in am dom dul a luí anois.

R: Slán go fóill, a Nola, agus tabhair faoi deara an “go fóill” sin.  Beidh mé ar ais.

N: Tá súil agam go mbeidh.  Slán leat agus go mbeire muid beo ar an am seo arís.

R: (i gcogar) ‘Sea, a Nola, go mbeire muid beo ar an am seo arís.

Imíonn R as an gclós agus téann Nola a luí.

Mar is eol don domhan, fuair Nola bás ar an 22ú lá de mhí na Samhna, 2015, tamaillín tar éis an chomhrá shamhlaithigh seo.  Bhí sí an-tinn, le heaspaí agus le hionfhabhtú baictéarach. Cuireadh a chodladh go trócaireach í.  Ní gá a rá nár tharla an dara hagallamh.

Tá trí shrónbheannach bhána thuaisceartacha fágtha ar domhan anois, iad ina gcónaí ag Ol Pejeta Conservancy (http://www.olpejetaconservancy.org/) sa Chéinia.  Tá eagla orm nach fada an lá nuair nach mbeidh a leithéidí féin arís ann, mar a dúradh i gcomhthéacsanna eile faoi chineálacha eile marthanóirí deireanacha.

Slán leat is mo sheacht mbeannacht leat, a Nola, a shrónbheannaigh ionúin chróga — Róislín

Nasc eile ó Ol Pejeta, é brónach: http://www.olpejetaconservancy.org/experience/destinations/rhino-cemetery/

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: