Irish Language Blog
Menu
Search

Cúig phictiúr d’imeachtaí an tséasúir: Irish words for some festivals and events from late January through mid February Posted by on Jan 27, 2017 in Irish Language

 

(le Róislín)

This time of year seems to be jam-packed with holidays and special events, be they religious, calendrical, or pop/folk cultural.  So we have five pictures (cúig phictiúr) in the graphic above and there are five descriptions (cúig chur síos) to match them up with.  NB: In case anyone thinks I put them in nice neat chronological order, that would be beagán ró-éasca.  So the sequence is deliberately mixed up, ar son an dúshláin.

  1. úitseach, groundhog (aka woodchuck), cineál marmait a mhaireann i Meiriceá Thuaidh. After a long hibernation (codladh geimhridh), on Groundhog Day (2 Feabhra), he comes out of his den (uachais, brocais, pluais, OR gnáthóg – a lán focal ar “den” i nGaeilge!) around sunrise. If he sees his shadow (scáil OR scáth), there will be six more weeks of winter.  Muna bhfeiceann sé a scáth, tiocfaidh an tEarrach go luath — de réir an traidisiúin, ní de réir na meitéareolaithe.  Téann an cur síos seo le pictiúr ____.
  2. coileach, rooster, given that rooster is this year’s symbol for the Chinese New Year (28 Eanáir 2017). Bliain Nua na Síneach. Of course it’s not just na Sínigh who celebrate the lunar new year, so we could also say “Bliain Nua na Gealaí.” Téann an cur síos seo le pictiúr ____.
  3. Crosóg Bríde, St. Brigid’s Cross (aka St. Bridget’s Cross). This cross of rushes is typically made on Lá Fhéile Bríde (St. Bridget’s Day, 1 Feabhra, aka St. Bride’s Day).  Téann an cur síos seo le pictiúr _____.
  4. cárta Vailintín, a Valentine’s card, this historic one in the Museum of London. Ar Lá Fhéile Vailintín (14 Feabhra), tugtar cártaí mar seo do dhaoine a bhfuil grá agat dóibh (do stóirín, do chailín, do stócach, d’fhear, do bhean, do pháirtí, do leannán, do ghrá geal, agus, amanna, i Meiriceá ar a laghad, do thuismitheoirí, do sheantuismitheoirí, do nianna, do neachtanna, do shiblíní, srl., agus, más páiste óg thú, do chomhscoláirí agus do mhúinteoir). Ar ndóigh, tá an cárta sa phictiúr an-ghalánta.  Amanna bíonn siad greannmhar agus go minic bíonn téama carachtar cartúin acu, mar shampla Snoopy Mickey Mouse.  Téann an cur síos seo le pictiúr _____.
  5. dhá pheil Mheiriceánacha (two American footballs); this picture represents “An Sárbhabhla” held on the first Sunday of February (ar an gcéad Domhnach de mhí na Feabhra, 5 Feabhra i mbliana, 2017). Téann an cur síos seo le pictiúr ____.

Tá súil agam gur bhain tú sult as seo.  Más múinteoir thú, b’fhéidir go dtig leat úsáid a bhaint as i rang.  Slán go fóill – Róislín

Gluaisín: babhla, bowl; cur síos, description; de réir, according to (+ genitive); dúshlán, challenge; éasca, easy; go dtig leat, (that) you can; leannán, lover; maireann, lives; marmat, a marmot; nianna, nephews; neachtanna, nieces; sár-, super-, sult, enjoyment; Thuaidh, North

Freagraí

1.A. úitseach, Lá na nÚitseach (2 Feabhra)

  1. B. coileach, Bliain Nua na Síneach / Bliain Nua na Gealaí (Bliain an Choiligh, i mbliana, 2017: 28 Eanáir)
  2. C: crosóg Bríde, Lá Fhéile Bríde (1 Feabhra)
  3. D: cárta Vailintín, Lá Fhéile Vailintín (14 Feabhra)
  4. E: peileanna Meiriceánacha, an Sárbhabhla (5 Feabhra 2017; is é an chéad Domhnach de mhí na Feabhra Domhnach an tSárbhabhla)
Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: