Irish Language Blog
Menu
Search

Fáilte na Madraí Roimh Lennox (The Dogs’ Welcome to Lennox) Posted by on Jul 12, 2012 in Irish Language

(le Róislín)

As promised, here is my imagined dialogue in memory of Lennox (2005-2012, RIP) with some new canine companions, just after he has arrived at Droichead an Tuar Ceatha (The Bridge of the Rainbow / The Rainbow Bridge).  Please note that there has been very little time between Lennox’s execution and the writing of this blog, so there may be some further revisions to the text.

Lennox (2005-2012), Rest In Peace

Bran agus Sceolaing (na madraí a bhí ag Fionn Mac Cumhail, the legendary warrior/giant/Fenian eponym): Fáilte romhat, a Lennox.   Ní maith linn an trioblóid a bhí ort — an chillín, an mhín sáibh, na maoir, an droch-chuma a bhí ar do chraiceann, ach tá tú saor ó na rudaí sin anois.  Bí linn, ag rith, agus ag léimnigh, an féar faoi do chosa in ionad na suiminte.  An ghrian agus an ghaoth, dea-bholaithe (agus drochbholaithe suimiúla chomh maith) agus na leoithní is na feoithní  a bhíodh ag séideadh in Éirinn in aimsir na bhFiann, nuair a bhí na coillte fairsing agus na fianna agus na heilití agus na heilceanna flúirseach.  Ionanáiligh an t-aer úr agus bí linn!

Lennox: Bí libh, gan Brooke?  Gan mo theaghlach?  Ní féidir, ní féidir.

Bran agus Sceolaing: Ach sin an rud ba mhaith leosan duit anois.  Tú a bheith ar do shuaimhneas, ag ligean do scíthe, le comhluadar na madraí go léir a tháinig romhat, cuid acu a d’fhulaing mar thusa, cuid acu a raibh bás suaimhneach acu, ach iad uilig saor anois.

Lennox: Ach mo mhuintir?  Cá bhfuil siad?  Ní fhaca mé le dhá bhliain iad.  ‘S iad mo chairde is fearr iad.  Go díreach mar a deir daoine gur muide, na madraí, a gcairde is fearr.

Bran agus Sceolaing: Á, a Lennox, is fada leat uait iad, cinnte, agus is fada leo uathu thú, ach bíonn an saol mar sin.  Anois tá siadsan agus na sluaite ar fud an domhain ag iarraidh síorshíochána a bheith agat.  Tá sé deas anseo, socair, sámhach.  Agus deirtear go bhfeicfidh muid ár ndaoine arís, lá den tsaol. Nach ndeirtear sin, a Gelert?

Gelert (an madra Breatnach a bhí ag Llywelyn Fawr sna Meánaoiseanna, tuilleadh eolais faoi sa nóta thíos):  Deirtear, agus tá mé ag tnúth le mo mháistir a fheiceáil arís.  Mhaith mé dó mo bhás.  Níor thuig sé cad a tharla.  Deirtear nach ndearna sé miongháire ón am sin.  B’fhéidir go bhfeicfidh mé arís é am éigin, dóigh éigin, i gcruth éigin, i bhfoirm éigin de ábhar.  Déanfaidh mise miongháire ina threo agus b’fhéidir go mbeidh miongháire airsean arís faoi dheireadh.  Tá a fhios agat go dtig linn miongháire a dhéanamh, nach bhfuil, a Lennox?  Ní go díreach cosúil le daoine ach inár stíl féin.  Tá a fhios agam nach raibh cúis mhiongháire agat le dhá bhliain ach anois, déan triail.  An cuimhin leat é, miongháire a bheith ort, agus a mhacasamhail ar Brooke ag an am céanna?

Lennox: Ní cuimhin liom sin, miongháire.  Cén dóigh a mbeinn ábalta triail a bhaint as muna gcuimhním air?

Gelert: Bí ag smaoineamh air.  Bí ag smaoineamh ar na dea-amanna.  Ag imirt sa sneachta.  Brooke ag déanamh peataireachta ort.  Tiocfaidh an miongháire.  Caithfidh muid a ndrochghníomhartha a mhaitheamh do dhaoine.   Agus ní ar do mhuintir a bhí an locht.  Rinne siad a seacht ndícheall thú a shábháil.  Agus chuidigh na milte leo.  Ar fud an domhain.  Tá cairde agat i ngach áit.  Agus ní dhéanfar dearmad ort!  B’fhéidir go sábhálfar madraí eile mar gheall ort.

Lennox (ag déanamh meangadh miongháire): Bheadh sé sin go deas.

Gelert: Sin é, maith an madra, maith thú.  Nach maith é, a Maida?

Maida (fiachú Sir Walter Scott):  Is maith, cinnte.  Madra den scoth, madra gan smál.

Lennox: Gan smál?  Ach mo chraiceann!  Na cneácha!  Ní bheadh daoine ag iarraidh a bheith ag breathnú orm, ag déanamh peataireachta orm agus an chuma seo orm.   An … an … an í an chlaimhe atá orm?  Níor shíl mé riamh go mbeadh an chl-chl-chlaimhe orm.  Is deacair fiú an focal sin a rá.

Maida: Ní hea, ní hea, a Lennox.  Is cuma faoi na rudaí sin anois.  Agus féach ort.  Níl na cneácha ort anois.  D’imigh siad nuair a tháinig tú go dtí an Droichead.

Lennox:  An Droichead?  Cén Droichead?

Maida: Droichead an Tuar Ceatha.  Tá a fhios agat, The Rainbow Bridge.

Lennox: Ó, sea, chuala mé faoi, i mBéarla, ar ndóigh.

Maida: Tá a fhios agat go mbíonn ár spioraid beo go deo trasna an Droichid, nach bhfuil?

Lennox: Ní raibh mé cinnte.  Ní fhaca mé aon rud.  Níor mhothaigh mé aon rud.

Maida: Amanna ní mhothaítear.  Agus cogar, an bhfuil a fhios agat, cé go bhfuil mé anseo tá dealbh díom sa domhan eile, an t-iardhomhan sin, a mbínn i mo chónaí ann tráth.  Bhuel, tá dhá dhealbh ann, leis an fhírinne a rá, ach ní ach ceann amháin acu atá i gceist agam anois.  An ceann ag Abbotsford, an áit a raibh mo dhuine, Sir Walter Scott, ina chónaí ann.  Agus tá véarsa beag scríofa ansin.  Ar mhaith leat é a chloisteáil?

Lennox: Ba … ba … ba mhaith.  Is fada ó bhí mé ag smaoineamh faoi fhilíocht.   Ach abair é, le do thoil.

Maida: Seo é, “Maidae marmorea dormis sub imagine; Maida ad ianuam domini sit tibi terra levis.”

Lennox:  An Laidin í sin?

Maida: ‘Sea, is Laidin í.  Scríobh John Gibson Lockhart, cliamhain Sir Walter é.  Seo an Béarla a thug Sir Walter air, ar an toirt, chomh luath is a chuala sé é: “Beneath the sculptured form which late you wore, Sleep soundly, Maida, at your master’s door.”  Focal ar fhocal, ciallaíonn an chuid dheireanach (sit tibi terra levis), “Go raibh an talamh éadrom ort.”

Lennox: Ó, tá sin go hálainn.  Ach níl muid inár gcodladh, an bhfuil?  Feicim thú agus cloisim thú.

Maida: Bhuel, tá agus níl.  Síleann daoine go bhfuil muid inár gcodladh ar bhealach.  Ach go bhfuil muid inár ndúiseacht freisin.  Tá a fhios agat mar atá sé san amhrán “Old Blue” le Cisco Houston.  “Old Blue’s gone where the good dogs go.”  Sin an áit a bhfuil muide.

Lennox: An féidir leat Gaeilge a chur ar na línte sin?  Is í Gaeilge atá á labhairt againn anois.

Maida: Déanfaidh mé iarracht: “Ina luí anois faoin marmar atá mo Maida dílis, Ach chomh héadrom atá an talamh air, go bhfuil an t-aer chomh húr, chomh milis.”  Bhuel, níl sin focal ar fhocal.  Ach ní bhíonn filíocht mar sin.  Tá sé cineál aisteach é a rá fúm féin, an bhfuil a fhios agat?

Lennox: Tá a fhios, ach tuigim na línte níos fearr anois.

Maida: Agus éist, a Lennox.  Níl tú faoi mharmar agus níl tú faoin talamh, trom nó éadrom.  Tá a fhios agat, ar ais ar an domhan ábhartha, de ghnáth scaipeann daoine cuid denár luaith, amanna an t-iomlán díobh.  Ansin ní hé an “sit tibi terra levis” atá i gceist.  Tá muide ar dhromchla an domhain agus sa ghaoth agus san aer agus gach áit a mbíonn ár ndaoine.  Is mar a gcéanna muide agus ábhar an tsaoil.

Lennox: An ea? Mothaím beagán níos fearr.

Maida: Go maith!  Anois, ar mhaith leat teacht liomsa anois?  Tá madraí eile ann, cuid acu cáiliúil agus cuid acu ina “home-bodies” ceart.  Fan go bhfeicfidh tú Lassie!

Lennox: Ó, ‘sea, Lassie!  Go deas.  Go hiontach, really!

Maida: Abair slán le Bran agus Sceolaing agus Gelert, mura mhiste leat.  Tá a fhios agat go mbíonn siadsan ag fanacht anseo ag ceann an droichid, chun madraí nua a fháiltiú.

Lennox: Slán, a Bhrain!  Slán, a Sceolaing!  Hwyl fawr, a Gelert.  Go raibh maith ag- … diolch.   Um, errr, ar labhair mé Breatnais ansin?  Meas tú?

Bran, Sceolaing, agus Gelert: Slán, a Lennox.  Tóg go bog é.  Ffarwél! (a deir Gelert)

Maida: Is cuma cén teanga a labhraíonn tú anseo.  Tuigtear gach rud.  Anois, téana liom chun siúil, tá a lán le déanamh againn …

(Agus amach leo thar bharr an chnoic, luas agus lúfaire ina gcosa agus an méid lúchaire orthu agus is féidir a bheith ag madra gan a dhuine, Lennox ag smaoineamh fós faoina theaghlach, an teaghlach Barnes, go mór mór an iníon, Brooke … ach lá den tsaol, cibé sórt saoil é seo atá againn …).  

Nóta do leitheoirí: If readers are interested, I can post a translation in the next blog.  But for right now, tá mo shúile cineál tirim agus dearg agus níl a fhios ag mo mhadraí féin cad atá ar siúl.  Dhá mhadra ó dhídean iad, ceann a raibh “out of time” scriófa ar a chuid páipéarachais, 24 uair fágtha aige le bheith beo, ach a tarrtháladh ar an nóiméad lom.  In other words, I’m just not up to writing the translation right now, and this blog is plenty long, and my dogs (both rescues) are hovering around me wondering what’s wrong.

Nóta faoin gcú Gelert: Madra maith dílis cróga a bhí ann a mharaigh mac tíre a tháinig isteach sa chaisleán nuair a bhí na fir amuigh ag seilg.  Bhí an mac tíre ar tí an naíonán a bhí ina chodladh sa chliabhán a ionsaí.  Throid Gelert agus an mac tíre.  I ndeireadh na troda, bhí fuil (ón mac tíre) ar Gelert.  Nuair a tháinig Llywelyn agus na fir abhaile, ní raibh siad ábalta teacht ar an naíonán in áit ar bith ach chonaic siad an fhuil ar Gelert.  Bhí fearg agus díomá ar Llywelyn mar shíl sé gur mharaigh a chú féin an naíonán.  Sháigh Llywelyn le claíomh é go dtí go bhfuair an cú bás.  Agus arraingeacha an bháis ar Gelert, thosaigh an leanbh ag gol, mar fhreagra d’uaill Gelert.  Chuala Llywelyn an leanbh.  Bhí sé faoi chorp an mhic tíre mhairbh, é slán sábháilte, a bhuí leis an gcú Gelert.  Ach ní buíochas a fuair Gelert ach bás.  Ar ndóigh, deirtear nach bhfuil ann ach finscéal (legend) agus fiú nach “bedd” (uaigh) Gelert atá sa bhaile beag Beddgelert ar chor ar bith ach “bedd” naoimh.  Ach má théann tú ann, feicfidh tú an uaigh, agus comhartha ag rá gur “bedd” Gelert atá ann.  Bhí mé féin ann.

Naisc (blaganna eile sa tsraith seo faoi Lennox):

A glossary: Páirtghluais don Bhlag: Fáilte na Madraí roimh Lennox (2005-2012, RIP) Posted on 15. Jul, 2012 by in Irish Language (https://blogs.transparent.com/irish/pairtghluais-don-bhlag-failte-na-madrai-roimh-lennox-2005-2012-rip/)

Translations (in three parts):
Fáilte na Madraí Roimh Lennox (The Dogs’ Welcome to Lennox): Aistriúchán go Béarla (i gcodanna, cuid 1/3) Posted on 18. Jul, 2012 by in Irish Language (https://blogs.transparent.com/irish/failte-na-madrai-roimh-lennox-the-dogs-welcome-to-lennox-aistriuchan-go-bearla-i-gcodanna/)

Fáilte na Madraí Roimh Lennox, Cuid 2 Athphostáilte i bParagraif (The Dogs’ Welcome to Lennox, Pt. 2 Reposted in Paragraphs): Aistriúchán go Béarla (i gcodanna, cuid 2/3) Posted on 23. Jul, 2012 by in Uncategorized (https://blogs.transparent.com/irish/failte-na-madrai-roimh-lennox-cuid-2-athphostailte-i-bparagraif-the-dogs-welcome-to-lennox-pt-2-reposted-in-paragraphs-aistriuchan-go-bearla-i-gcodanna-cuid-23/)

Fáilte na Madraí Roimh Lennox, Cuid 3 (The Dogs’ Welcome to Lennox, Pt. 3): Aistriúchán go Béarla (i gcodanna, 3/3) Posted on 25. Jul, 2012 by in Irish Language (https://blogs.transparent.com/irish/failte-na-madrai-roimh-lennox-cuid-3-the-dogs-welcome-to-lennox-pt-3-aistriuchan-go-bearla-i-gcodanna-33/)

Tags: , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: