Irish Language Blog
Menu
Search

Fido Is Ainm do Mo Mhadra (How to Say ‘My Dog’s Name Is …’ in Irish) Posted by on Jun 11, 2016 in Irish Language

An féidir leat ainm a mholadh don mhadra seo? Seol isteach é sna nótaí tráchta, le do thoil. Má roghnaítear an t-ainm a mholann tusa, scríobhfar comhrá ag úsáid an ainm sin i mblagmhír sa todhchaí. Iontas na n-iontas, beidh cnámh hióideach faighte ag an madra agus labhróidh seisean sa chomhra! (grafaic: http://www.clipartlord.com/wp-content/uploads/2016/03/woman32.png)

An féidir leat ainm a mholadh don mhadra seo? Seol isteach é sna nótaí tráchta, le do thoil. Má roghnaítear an t-ainm a mholann tusa, scríobhfar comhrá ag úsáid an ainm sin i mblagmhír sa todhchaí. Iontas na n-iontas, beidh cnámh hióideach faighte ag an madra agus labhróidh seisean sa chomhra! (grafaic: http://www.clipartlord.com/wp-content/uploads/2016/03/woman32.png)

(le Róislín)

In a recent blog (nasc thíos), we looked at flower terms that occur in movie titles, and checked out what these would be in Irish.   So we had some fun vocabulary, ranging from “filiméala” to “gáma-ghathanna” and some specific flowers like “nóiníní” and “poipíní,” as we worked through the translations of the titles.   We also saw “tiúilip” used in two movie titles, once as a dog’s name (Mo Mhadra Tiúilip, 2009, le guthú le Christopher Plummer, Lynn Redgrave, agus Isabella Rossellini) and once in a more matter-of-fact way, in the title of an early travelogue about Holland (where else?) , An Ollainn in Aimsir na dTiúilipí, 1934, le James Fitzpatrick (scannán gairid faisnéise, ina shraith Traveltalks, “Holland in Tulip Time”).

So for today’s blogpost, I thought it would be fun to look at some more dogs’ names and their owners.   We’ll have a series of sentences in which the owner says the dog’s name.  I’d love to have the dogs speaking for themselves, but unfortunately, they don’t have a cnámh hióideach, the bone which enables us humans to speak.  So for these sentences, the owners are speaking.  Perhaps in a future blogpost, we can imagine the dogs speaking for themselves, in the first person, or should that be, first canine?

Pé scéal é, can you fill in ainm an úinéara for na madraí clúiteacha seo?  Freagraí thíos, agus cúpla nasc leo.

  1. “‘Skip’ is ainm do mo mhadra,” a deir __________.
  2. “‘Tulip’ is ainm do mo mhadra,” a deir _________. Ar dtús ba é Queenie an t-ainm a bhí ar an madra ach athraíodh go “Tulip” é don leabhar a scríobh an t-údar seo fúithi (My Dog Tulip).
  3. “‘Bran’ is ainm do cheann de mo mhadraí,” a deir ________. “Sceolaing is ainm don mhadra eile.”
  4. “‘Lassie’ is ainm do mo mhadra,” a deir __________.
  5. “‘Lassie’ nó ‘Lassie Come-Home’ is ainm do mo mhadra,” a deir __________ (in úrscéal Eric Knight).
  6. “‘Porthos’ is ainm do mo mhadra,” a deir __________ ar an Enterprise NX-01.
  7. “‘Astro’ is ainm do mo mhadra,” a deir ________.
  8. “‘Vincent’ is ainm do mo mhadra,” a deir __________ (ar an chlár teilifíse ‘Lost’).
  9. “‘King Timahoe’ is ainm do mo mhadra,” a deir __________. “Is é ‘Tim’ an leasainm atá air.”
  10. “Nana” is ainm dár madra,” a deir __________ agus _________ agus a gclann, __________, _________ agus _________.

It would be great to see what other dog names you can think of.  Can you introduce your dog to us in Irish?  Or send in a sentence in which a fictional character introduces their dog?  And pretty soon we’ll have to follow this up with cait, won’t we?  SGF  — Róislín

Freagraí

  1. “‘Skip’ is ainm do mo mhadra,” a deir Willie Morris (sa scannán agus ina leabhar cuimhní cinn, My Dog Skip).
  2. “‘Tulip’ is ainm do mo mhadra,” a deir J. R. Ackerley. Ar dtús ba é Queenie an t-ainm a bhí ar an madra ach athraíodh go “Tulip” é don leabhar a scríobh sé fúithi (My Dog Tulip).
  3. “‘Bran’ is ainm do cheann de mo mhadraí,” a deir Fionn Mac Cumhaill. “Sceolaing is ainm don mhadra eile.”
  4. “‘Lassie’ is ainm do mo mhadra,” a deir Timmy Martin.
  5. “‘Lassie’ nó ‘Lassie Come-Home’ is ainm do mo mhadra,” a deir Joe Carraclough (in úrscéal Eric Knight).
  6. “‘Porthos’ is ainm do mo mhadra,” a deir an Captaen Archer ar an Enterprise NX-01.
  7. “‘Astro’ is ainm do mo mhadra,” a deir Elroy Jetson (sa chartún, The Jetsons).
  8. “‘Vincent’ is ainm do mo mhadra,” a deir Walt Lloyd (ar an chlár teilifíse ‘Lost‘).
  9. “‘King Timahoe’ is ainm do mo mhadra,” a deir Richard Nixon. “Is é ‘Tim’ an leasainm atá air.”
  10. “Nana” is ainm dár madra,” a deir George agus Mary Darling agus a gclann, Wendy, Michael agus John (san úrscéal Peter Pan).

Nasc don bhlag eile:

Teidil Scannán (Aistrithe go Gaeilge) le Líonadh Isteach le hAinm Blátha: 30 Film Titles, translated to Irish, to Fill In with a Flower Name, Pt. 1 Posted on 29. May, 2016 by róislín in Irish Language, https://blogs.transparent.com/irish/teidil-scannan-aistrithe-go-gaeilge-le-lionadh-isteach-le-hainm-blatha-30-film-titles-translated-to-irish-to-fill-in-with-a-flower-name-pt-1/

Agus na freagraí:

Teidil Scannán (Aistrithe go Gaeilge) Líonta Isteach le hAinm Blátha: 30 Film Titles, translated to Irish, Filled In with a Flower Name, Pt. 2 (Answers), Posted on 31. May, 2016 by róislín in Irish Language . https://blogs.transparent.com/irish/teidil-scannan-aistrithe-go-gaeilge-lionta-isteach-le-hainm-blatha-30-film-titles-translated-to-irish-filled-in-with-a-flower-name-pt-2-answers/

Spéis múscailte sna madraí?  Seo cúpla nasc:

http://www.startrek.com/article/porthos-had-it-ruff-on-enterprise
http://www.kentucky.com/entertainment/movies-news-reviews/article44095398.html#ixzz1MKZWe200 (faoi My Dog Tulip)

Tags: , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: