Irish Language Blog
Menu
Search

Irish Numbers 1-100 (with pronunciation) Posted by on Mar 30, 2010 in Irish Language

(le Róislín)

Maidir leis na briathra neamhrialta (i.e. the irregular verbs that we were working on), briseann muid isteach ar an gclár sin leis an liosta seo a thabhairt duit.  Is cuid de tionscnamh (project) ag Transparent Language é – na huimhreacha ó 1 go 100 a scríobh amach i ngach blag (do na teangacha go léir atá acu).

Cuid mhaith agaibh, tá sé seo ar sheaneolas agaibh.  Más amhlaidh an cás, b’fhéidir gur mhaith leat a bheith ag smaoineamh ar shamplaí de na huimhreacha in úsáid nó i gcomhthéacs.  Is féidir linn colún eile a chur leis seo am éigin, le bhur bhfrásaí.  Ceann de na cinn is fearr liom: Daichead a dó (uimhir árasán Fox Mulder agus, de réir Douglas Adams, an freagra don saol, don chruinne, agus do ‘chuile rud (which includes “ach’an rud,” “gach uile rud,” and “gach rud”).

These are the “maoluimhreacha” (lit. “bald” numbers) and they are sometimes slightly different from the “bunuimhreacha” (lit. basic numbers, i.e. cardinal).  The maoluimhreacha may be used after a noun (Bus a Dó) or independently (a haon agus a haon, sin a dó).  But to do both sets of numbers in aon bhlag amháin (in just one blog) would be dodhéantaCuirfidh muid na bunuimhreacha “ar an gcúldóire.”  Sin ráite agam, seo iad na maoluimhreacha:

Ó, agus pointe beag bídeach amháin eile, the system as presented here doesn’t deal with counting le scórtha nó le fichidí (vigesimal counting).  Sin ábhar blag eile (S.Á.B.E.).

In pronunciation, the numerical particle “a” will tend to be absorbed into a preceding vowel and is barely articulated.  So “FIH-huh uh HAYN” really ends up sounding like “FIH-huh-HAYN.”  The particle (“a”) has no lexical meaning, it just tells you that the number coming up is “maol” (bald, or if you prefer, tonsured, hornless, bare, edgeless, blunt, obtuse, or unprotected)!

Irish Numbers 1 – 100

1 a haon uh hayn
2 a dó uh doh
3 a trí uh trzhee
4 a ceathair uh KyAH-hirzh
5 a cúig uh KOO-ig
6 a sé uh shay
7 a seacht uh shakht
8 a hocht uh hokht
9 a naoi uh nee
10 a deich uh djeh
11 a haon déag uh hayn djayg
12 a dó dhéag uh doh yayg
13 a trí déag uh trzhee djayg
14 a ceathair déag uh KyAH-hirzh djayg
15 a cúig déag uh KOO-ig djayg
16 a sé déag uh shay djayg
17 a seacht déag uh shakht djayg
18 a hocht déag uh hokht djayg
19 a naoi déag uh nee djayg
20 fiche FIH-heh
21 fiche a haon FIH-heh uh hayn
22 fiche a dó FIH-heh uh doh
23 fiche a trí FIH-heh uh trzhee
24 fiche a ceathair FIH-heh uh KyAH-hirzh
25 fiche a cúig FIH-heh uh KOO-ig
26 fiche a sé FIH-heh uh shay
27 fiche a seacht FIH-heh uh shakht
28 fiche a hocht FIH-heh uh hokht
29 fiche a naoi FIH-heh uh nee
30 tríocha TRzhEE-uh-khuh
31 tríocha a haon TRzhEE-uh-khuh uh hayn
32 tríocha a dó TRzhEE-uh-khuh uh doh
33 tríocha a trí TRzhEE-uh-khuh uh trzhee
34 tríocha a ceathair TRzhEE-uh-khuh uh KyAH-hirzh
35 tríocha a cúig TRzhEE-uh-khuh uh KOO-ig
36 tríocha a sé TRzhEE-uh-khuh uh shay
37 tríocha a seacht TRzhEE-uh-khuh uh shakht
38 tríocha a hocht TRzhEE-uh-khuh uh hokht
39 tríocha a naoi TRzhEE-uh-khuh uh nee
40 daichead DAH-hyad
41 daichead a haon DAH-hyad uh hayn
42 daichead a dó DAH-hyad uh doh
43 daichead a trí DAH-hyad uh trzhee
44 daichead a ceathair DAH-hyad uh KyAH-hirzh
45 daichead a cúig DAH-hyad uh KOO-ig
46 daichead a sé DAH-hyad uh shay
47 daichead a seacht DAH-hyad uh shakht
48 daichead a hocht DAH-hyad uh hokht
49 daichead a naoi DAH-hyad uh nee
50 caoga KAY-uh-guh
51 caoga a haon KAY-uh-guh uh hayn
52 caoga a dó KAY-uh-guh uh doh
53 caoga a trí KAY-uh-guh uh trzhee
54 caoga a ceathair KAY-uh-guh uh KyAH-hirzh
55 caoga a cúig KAY-uh-guh uh KOO-ig
56 caoga a sé KAY-uh-guh uh shay
57 caoga a seacht KAY-uh-guh uh shakht
58 caoga a hocht KAY-uh-guh uh hokht
59 caoga a naoi KAY-uh-guh uh nee
60 seasca SHASS-kuh
61 seasca a haon SHASS-kuh uh hayn
62 seasca a dó SHASS-kuh uh doh
63 seasca a trí SHASS-kuh uh trzhee
64 seasca a ceathair SHASS-kuh uh KyAH-hirzh
65 seasca a cúig SHASS-kuh uh KOO-ig
66 seasca a sé SHASS-kuh uh shay
67 seasca a seacht SHASS-kuh uh shakht
68 seasca a hocht SHASS-kuh uh hokht
69 seasca a naoi SHASS-kuh uh nee
70 seachtó SHAKHT-oh
71 seachtó a haon SHAKHT-oh uh hayn
72 seachtó a dó SHAKHT-oh uh doh
73 seachtó a trí SHAKHT-oh uh trzhee
74 seachtó a ceathair SHAKHT-oh uh KyAH-hirzh
75 seachtó a cúig SHAKHT-oh uh KOO-ig
76 seachtó a sé SHAKHT-oh uh shay
77 seachtó a seacht SHAKHT-oh uh shakht
78 seachtó a hocht SHAKHT-oh uh hokht
79 seachtó a naoi SHAKHT-oh uh nee
80 ochtó OKHT-oh
81 ochtó a haon OKHT-oh uh hayn
82 ochtó a dó OKHT-oh uh doh
83 ochtó a trí OKHT-oh uh trzhee
84 ochtó a ceathair OKHT-oh uh KyAH-hirzh
85 ochtó a cúig OKHT-oh uh KOO-ig
86 ochtó a sé OKHT-oh uh shay
87 ochtó a seacht OKHT-oh uh shakht
88 ochtó a hocht OKHT-oh uh hokht
89 ochtó a naoi OKHT-oh uh nee
90 nócha NOH-khuh
91 nócha a haon NOH-khuh uh hayn
92 nócha a dó NOH-khuh uh doh
93 nócha a trí NOH-khuh uh trzhee
94 nócha a ceathair NOH-khuh uh KyAH-hirzh
95 nócha a cúig NOH-khuh uh KOO-ig
96 nócha a sé NOH-khuh uh shay
97 nócha a seacht NOH-khuh uh shakht
98 nócha a hocht NOH-khuh uh hokht
99 nócha a naoi NOH-khuh uh nee
100 céad kyayd

Slán go fóill  —  Róislín

Gluais: ach’an rud (‘chuile rud, gach rud, gach uile rud), everything; briathra neamhrialta, irregular verbs; briseann muid isteach ar an gclár seo, we interrupt this program; comhthéacs, context; cruinne, universe; de réir, according to; dodhéanta, impossible; dóire, burner; i ngach, in every; ráite (having been) said; saol, life; seaneolas, familiar knowledge

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Comments:

  1. Mise Áine:

    Jab maith, a chara! Coinnigh ag dul…:-)

  2. róislín:

    Coinneoidh, roimh i bhfad. Ag comhaireamh liom go gúgolphléasc? Bhuel, le bheith níos praiticiúla, go míle b’fhéidir, i ndeicheanna agus i gcéadta.

  3. Cathal:

    Go raaib Míle maith agut.

    • róislín:

      @Cathal A Chathail, a chara,

      Tá fáilte romhat! Tá áthas orm gur thaitin sé leat.

      Cúpla pointe faoi litriú má tá suim agat ann: raibh, agat.

  4. hi:

    dia duit

  5. hi:

    thank you for the numbers.

  6. róislín:

    Dia dhuit, a “hi,”

    Tá fáilte romhat. Tá súil agam go mbeidh siad
    úsáideach.

  7. roisin:

    Tus maith!:D Dia duit, is misé Roisin Bieber!

    • róislín:

      @roisin Dia duit, a Róisín, tá áthas orm gur bhain tú sult as an mblag. – R eile

  8. Matthew:

    Dia duit,
    Go raibh míle maith agat. Ceapaim go bhfuil sé seo an úsáideach domsa. Is múinteoir Gaeilge mé ach níl an t-am agam chun uimhir haon go dtí uimhir a céad a clóscríobh. Ar son nós, tá míle maith agat agus go néiri an bothar leat,

    Sonas ort,
    An t-uasal ó Murchú

    • róislín:

      @Matthew Go raibh míle maith agatsa, a Mhaitiú. Tá áthas orm go raibh sé seo úsáideach duit. — Róislín

  9. Lizzy:

    Go raibh maith agat

    • róislín:

      @Lizzy Tá fáilte romhat, a Lizzy. An bhfuil tú ag déanamh cúrsa uimhríochta ar scoil?


Leave a comment to Matthew