Irish Language Blog
Menu
Search

Lá Bloom nó Lá Bhloom – 16 Meitheamh (gach bliain) Posted by on Jun 16, 2010 in Uncategorized

(N.B. a ghluaisín féin ag gach alt an uair seo, mar tá an blag seo i nGaeilge amháin; beagán de chuidiú do thosaitheoirí, tá súil agam; a glossary follows each paragraph this time, since this blog is all in Irish!)

An oiread sin d’imeachtaí i mí an Mheithimh!  Is beag go raibh mé ábalta m’anáil a tharraingt.  Lá Bloom (nó Bhloom) ar an 16ú.  Céimniú mo nia ar an 17ú.  Lá na nAithreacha ar an 20ú.  Mé ag tosú ag teagasc mionchúrsa Breatnaise ag an Osher Lifelong Learning Institute (OLLI).  Corn FIFA an Domhain ó 11 Meitheamh go 11 Iúil san Afraic Theas.  Agus gach lá eachtraí agus míthapaí a bhaineann le coileán nua sa teach (é seacht mí d’aois). 

gluaisín: céimniú, graduation; coileán, puppy; Corn an Domhain, World Cup; eachtra, adventure; imeachtaí, events; m’anáil, my breath; míthapa [MEE-HAHP-uh], misadventure; nia, nephew; oiread, amount; tarraingt, to draw, pull; Theas [HASS] South

 

Ach is leor Lá Bloom mar ábhar do 16 Meitheamh. 

gluaisín: ábhar [AW-wur], subject, topic; leor, enough, plenty

 

Ar ndóigh, scríobh James Joyce i mBéarla, nó i gcineál de Bhéarla atá lán d’fhocail ó theangacha eile, Gaeilge ina measc.  I ndáiríre, bhí an cineál Béarla a bhí ag Joyce ar cheann de na rudaí a dhúisigh mo shuim sna teangacha Ceilteacha.*  Léigh muid “Clay” agus “Araby” ar an ardscoil agus tar éis sin, bhí mé “faoi chrúcaí” ag an ábhar.  Ag an nGaeilge í féin is mó, ar ndóigh, ach ag Béarla na hÉireann (ó “Ahaygar” go “yoke” agus na mílte focal idir an dá litir).   

gluaisín: ahaygar, ón nGaeilge “a théagair!” (my dear!); cineál, kind, type; dhúisigh, awakened; faoi chrúcaí [fwee KHROO-kee], “hooked”; ina measc, amongst them; suim [sim], interest; yoke, Béarla na hÉireann ar “rud,” mar “a quare yoke,” srl.)

 

Maidir le “Bloomsday,” is é ainm an lae i nGaeilge is mó a bhfuil suim agam ann mar ábhar do bhlag an lae inniu.  Tá go leor (leor leor leor go héigríoch) scríofa faoin Seoigheach agus a shaothar in áiteanna eile. 

gluaisín: ainm an lae, the name of the day; go héigríoch, ad infinitum; maidir le X, regarding X; saothar, work, opus; an Seoigheach, the man Joyce

 

An seancheist chéanna – séimhiú nó gan séimhiú?   Shílfinn “gan séimhiú” sa chás seo, don sloinne “Bloom,” mar is sloinne iasachta é, ach feictear an dá stíl.  Ag cuardach amas ar Google, tháinig mé ar 105 sampla de “Lá Bloom” agus 72 sampla de “Lá Bhloom.”  Claonadh chun “Lá Bloom” (gan séimhiú) ach beagán neamhchonchlúideach.  

gluaisín: amas, hit (in searching), of hits; céanna, same; claonadh [KLEEN-uh], tendency; conchlúideach, conclusive; feictear, is/are seen; seancheist [shan-hyesht] old question; séimhiú, lenition; sloinne, surname

 

Is dócha go mbeadh áthas ar an Seoigheach é féin dá mbeadh an tranglam teangeolaíochta faoina shaothar ag fás fiú tar éis a  bháis agus maidir le focal nár úsáid sé féin (Bloomsday)!   Bhí an chéad Lá Bloom i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1954, breis agus ceithre bliana déag tar éis dháta a bháis.  Barúil ar bith agat cérbh iad na daoine a bhí páirteach?  (freagraí thíos).  An ndearna tusa aon rud ar leith ar Lá Bloom?  

gluaisín: 1954, “naoi déag caoga a ceathair”; an chéad, the first; ar leith, special; barúil, opinion; breis agus, more than; cérbh iad?, who were (they)?; fiú, even; go mbeadh, that there would be; nár úsáid, didn’t use; páirteach, participating; tar éis a bháis [tahr aysh uh wawsh], after his death; teangeolaíochta, linguistic, of linguistics; tranglam, confusion

Freagraí:

John Ryan, ealaíontóir, critic, tábhairneoir agus bunaitheoir na hirise, Envoy. foilsithe ó 1949 go 1951, gearrshaolach ach tábhachtach,

Brian Ó Nualláin, aka Flann O’Brien aka Myles na gCopaleen,

Pádraig Caomhánach, file agus úrscéalaí Éireannach,

Anthony Cronin, an file Éireannach – ní hé A[rchibald] J. Cronin, an t-úrscéalaí agus dochtúir Albanach, atá i gceist anseo,

Tom Joyce (col ceathar de chuid an tSeoighigh)

agus, A. J. Leventhal, aka Laurence K. Emery, (páirteach sa chéad Lá Bloom go haineolach de réir cosúlachta), scríbhneoir, craoltóir ar Radió Éireann agus ar an BBC; an carachtar clúiteach Molly Bloom bunaithe roinnt ar a bhean, Marion).

gluaisín do na freagraí: an tSeoighigh, of the man Joyce; bunaitheoir, founder; clúiteach, famous; col ceathar, cousin; craoltóir, broadcaster; foilsithe, published; gearrshaolach, short-lived; go haineolach, unwittingly; iris [IRzh-ish], journal; roinnt, somewhat

Nóta seachránach (dóibh siúd a bhfuil suim acu ina leithéid)

* agus a lán rudaí eile chomh maith, mar shampla How Green Was My Valley mar léitheoireacht dhualgais ar ardscoil freisin.  Agus cad é eile?  Bhuel, Kidnapped, is dócha.  Ag amharc siar ar m’óige, sílim go bhfuil sé beagán mar thuar na todhchaí gurbh é The Clue of the Whistling Bagpipes an t-aon leabhar Nancy Drew a bhí agam (a shealbhaigh mé) mar pháiste.  Fuair mé mar bhronntanas Nollag é.  Tuar ag mo thuismitheoirí go mbeadh suim mhór agam i rudaí Ceilteacha?  Suim fiú i gCeilteachas i bpopchultúr (mar Nancy Drew) agus trí scagaire an Bhéarla.  Ach, hmmm, ní cuimhin liom go díreach an raibh aon fhocal de Ghaeilge na hAlban sa leabhar sin faoi na píoba mála feadánacha sin.  “Heuch,” b’fhéidir?  Ach thar aon fhicsean i mBéarla, ina mbeadh corrfhocal i dteanga Cheilteach, ba iad na scéaltaí traidisiúnta (scéalta ón mBéaloideas) ó chultúr Ceilteach ar bith a dhúisigh mo shuim i dteangacha Ceilteacha.  Scéalta faoi dhaoine mar Fhionn Mac Cumhaill agus Pwyll agus faoi neacha mar an Gruagach agus an t-each uisce agus fiú Ollphéist Loch Nis.  Ach scéal na scéaltaí a léigh mé mar pháiste, sin scéal eile!     

 gluais: corrfhocal, occasional word; dhúisigh, awakened; d(h)ualgais, necessity, of requirement; each uisce [akh ISH-keh], water-horse (supernatural); feadánach, whistling (also “wheezing,” hmm!); ficsean, fiction (ní nach ionadh!); Gruagach, a brownie-like creature; gurbh é, that it was; neacha, beings; ollphéist [ol-faysht], monster; scagaire, filter; shealbhaigh, owned; siar, back, west; todhchaí [TOW-khee], (the) future; trí, through; tuar [TOO-ur], omen, premonition

Nóta don nóta maidir le fuaimniú “todhchaí”: “tow” to rhyme with US “cow,” “now,” etc., not like “tow-boat.  Why “tow” then, you might ask?  Why not “tau” like “tau-cross”?  Or “Tao” like “The Tao of Pooh” (et al.)?  I’m trying to be consistent from blog to blog, having previously used “bow” like “bower,” etc., probably for “babhla” [BOW-luh] or “babhta” [BOW-tuh] or some such word – ní cuimhin liom cén ceann anois!

Tags: , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: