Irish Language Blog
Menu
Search

Maidir leis an gCnámh Hióideach Sin (Regarding the Hyoid Bone) — ó radharc an mhadra (Irish-speaking, natch!) Posted by on Jun 18, 2016 in Irish Language

(le Róislín)

Bhuel, a chairde (cainíneach agus daonna).  Seo an madra ag “caint.”  Tá mé fós ag fanacht le hainm.  Más cuimhin leat, sa bhlag eile fúm (nasc thíos), bhí “Fido” ann mar shampla d’ainm do mhadra, ach b’fhearr liom ainm níos Gaelaí.   Moltaí ar bith agaibh?  Bheinn buíoch díbh!

grafaic: http://www.clipartlord.com/wp-content/uploads/2016/03/woman32.png

grafaic: http://www.clipartlord.com/wp-content/uploads/2016/03/woman32.png

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Pé scéal é, tá mé anseo inniu le bheith ag caint faoi chnámha hióideacha.  (Anyway, I’m here today to talk about hyoid bones).

Fada ó shin léigh údar an bhlag seo nach raibh cnámh hióideach ach ag daoine agus ag Néandeartálaigh.

But looking further into this situation, she finds that various animals do have hyoid bones.  It’s just the position of the bone in relation to “an laraing” and “an teanga” that makes the difference in the ability to speak.

Cén fáth?  Tá cnámh hióideach an duine réasúnta íseal i muineál an duine agus is é an suíomh sin a thugann cumas labhartha do dhaoine.  Sna mamaigh eile a bhfuil cnámh hióideach acu tá an chnámh suite ró-ard don chumas labhartha.  Fiú i naíonáin dhaonna, bíonn an chnámh hióideach suite ró-ard agus mar sin ní bhíonn an struchtúr acu a bheith ábalta labhairt go dtí go n-íslíonn an chnámh hióideach agus an laraing.  De ghnáth tosaíonn sin ag tarlú nuair atá an naíonán thart fá thrí mhí d’aois.  Ar ndóigh, ag an aois sin, plubaireacht (babbling) is mó atá ann, ní focail idirdhealaithe le cialla cruinne.  Ach tá an t-infreastruchtúr ann don chumas labhartha, le n-úsáid nuair a bhíonn an fhorbairt chognaíoch réidh.

If the human hyoid bone didn’t descend in the way it does, people wouldn’t be able to speak.  They would only be able to make sounds, like hooting (scréach), grunting (gnúsacht), and gabbling (glagaireacht).   Of course, as canines, we don’t have speech either, except for a few literary or filmic exceptions, like Martha, of Martha Speaks; Astro, of The Jetsons; Scooby-Doo, of, well, Scooby-Doo, or Shadow and Chance of Homeward Bound (the 1993 remake of The Incredible Journey).  But we do have plenty of ways of being expressive.

Is féidir linn:

tafann (bark)

sceamh a ligean (yelp)

geonaíl (whimper)

dranntán a chur asainn (growl),

drannadh (snarl), agus ar ndóigh,

ár súile tochtmhara (our soulful eyes), suíomh ár gcluas (the position of our ears), agus ár rubaill a léiríonn ár ngiúmar, ag croitheadh go haigeanta nó inár ngabhail againn (nuair a mhothaíonn muid “hangdog”)

An bhfuil mórán difríochta idir “dranntán” agus “drannadh” mar fhocail?  Níl a fhios agam.  Ceist do na teangeolaithe agus do na hiompraithe ainmhithe í sin.

To conclude, what I’ve found out so far is that we dogs do have cnámha hióideacha, but they’re not positioned in the right place for speech as humans know it.  But enough of this anatomical analysis.  I’m catching a whiff of a cnámh dheas bhlasta le neart fola uirthi agus a lán solamair intiSlán go fóill agus más féidir leat ainm Gaeilge a mholadh dom, bheadh mise agus m’úinéir buíoch díot.  –  Madra gan ainm agus Róislín

An blag eile faoin huscaí: Fido Is Ainm do Mo Mhadra (How to Say ‘My Dog’s Name Is …’ in Irish)Posted  y róislín on Jun 11, 2016 in Irish Language (https://blogs.transparent.com/irish/fido-is-ainm-do-mo-mhadra-how-to-say-my-dogs-name-is-in-irish/)
Dornán foinsí:  http://www.penn.museum/documents/publications/expedition/PDFs/49-2/Lieberman.pdf

http://www.pbs.org/wgbh/nova/evolution/are-neanderthals-human.html

http://www.livescience.com/7468-hyoid-bone-changed-history.html

http://a-vet-to-be.blogspot.com/2012/11/hyoid-apparatus.html

and on Scooby-Doo’s idiosyncratic speech: http://blogs.discovermagazine.com/but-not-simpler/2014/03/11/finally-name-scooby-doos-speech-disorder/#.V25zw7srKM8

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: