Irish Language Blog
Menu
Search

Martin Luther King, Jr. — Capsúlbheathaisnéis i nGaeilge (Brief Bio in Irish) Posted by on Jan 18, 2016 in Irish Language

(le Róislín)

Martin Luther King, Jr. , 15 Eanáir 1929 - 4 Aibreán 1968 [https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/8/81/Martin_Luther_King_-_March_on_Washington.jpg By Unknown? [Public domain], via Wikimedia Commons]

Martin Luther King, Jr. , 15 Eanáir 1929 – 4 Aibreán 1968 [https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/8/81/Martin_Luther_King_-_March_on_Washington.jpg By Unknown? [Public domain], via Wikimedia Commons]

The fundamental concept of a “gluaiseacht cearta sibhialta” transcends any one country, so it seems appropriate to recognize the American federal holiday, Martin Luther King, Jr. Day, with a brief biography of King n Irish.  In fact, the Civil Rights Movement of 1960s America, in which King played an immensely significant role, was one of the inspirations of the Civil Rights Movement in Ireland.  Among other connections, both had a Bloody Sunday (Selma, Alabama, 1965; Domhnach na Fola, Doire, 1972) as one of their most significant events.

For any teachers of the Irish language reading this, you might note that this blog presents some basic facts of King’s life in Irish, in a format readily translatable by Irish learners at an advanced beginner or intermediate level.  Given the American setting, there are many words and phrases in English, which will help the student along.   There are also at least a few phrases which might prove challenging even to advanced learners (“diagacht chórasach” mar shampla).  So this blog post is basically a lesson ready to use for almost any level of Irish in a straightforward format, ideal for “round-robin” reading aloud in a classroom.  Tá ceisteanna le plé ag bun an bhlag.  A glossary and pronunciation guide for this blog post are planned for the next entry in the series.

Martin Luther King, Jr. — seanmóirí, údar, gníomhaí polaitiúil (Cearta Sibhialta)

1929 (15 Eanáir): Rugadh in Atlanta, Georgia, é.  Ba é an tOirmhinneach Martin Luther King, Sr. a athair agus ba í Alberta Williams King a mháthair.   Ba é “Michael” an t-ainm a tugadh air ag a bhaisteadh agus ba é “Michael King” ainm a athar ach tar éis turas go dtí an Ghearmáin le freastal ar an Fifth Baptist World Alliance Congress i mBeirlín, d’athraigh a athair a ainm féin agus ainm a mhic go “Martin Luther King.”  Ba as Éirinn cuid de shinsir Martin Luther King, Sr.

1948: B.A. Morehouse College, Atlanta, Georgia (Socheolaíocht)

1951: B.D., Crozer Theological Seminary, Upland, PA.  Níl cliarscoil san áit sin fós.  Bhog sé go Rochester, NY i 1970.  Ach is cuid de champas Crozer-Chester Medical Center anois é an príomhfhoirgneamh.  Ba “Normal School” é ó 1857 go 1866.  Ansin, rinne muintir Crozer cliarscoil de agus ba chliarscoil é ó 1866 go 1970.  Tá an foirgneamh stairiúil ar an National Register of Historic Places

1953 (18 Meitheamh): Phós sé Coretta Scott i dteach thuismitheoirí Scott i Marion, Alabama

1955: Ph.D., Boston University (Diagacht Chórasach)

1955-1956: Ina cheannaire ar Bhaghcat Bus Montgomery

1955: Rugadh Yolanda Denise, an chéad iníon aige (básaithe, 2007)

1955: Dhiúltaigh Rosa Parks (1913-2005) a dhul go cúl an bhus i Montgomery, Alabama

1956: Buamáladh teach Martin Luther King, Jr.

1957: Bhunaigh sé an Southern Christian Leadership Conference (SCLC)

1957: Rugadh Martin Luther King III, an chéad mhac aige

1961: Rugadh Dexter Scott, an dara mac aige

1963: Rugadh Bernice Albertine, an dara hiníon aige

1963 (28 Lúnasa): Mórshiúl ar Washington agus óráid “I have a dream” os comhair Leacht Cuimhneacháin Lincoln

1964 (14 Deireadh Fómhair): Bronnadh Duais Nobel na Síochána air

1965: Mórshiúlta Selma, King páirteach sa dara mórshiúl (9 Márta) agus sa tríú mórshiúl (21-25 Márta).  Tharla “Bloody Sunday” ag an gcéad mhórshiúl (7 Márta).  Dála an scéil, is ainm cineál Ceilteach é “Selma.”  An cúlra?  Féach an nóta thíos.

1968 (4 Aibreán): Feallmharaíodh i Memphis, Tennessee, é

1971: Bunaíodh Lá Martin Luther King, Jr. i roinnt cathracha agus i roinnt stát i Meiriceá

1977: Bronnadh an “Presidential Medal of Freedom” air, (tar éis bháis)

1983: Bunaíodh Lá Martin Luther King, Jr. mar lá saoire feidearálach i Meiriceá

1986: An chéad cheiliúradh náisiúnta de Lá Martin Luther King, Jr. i Meiriceá

2004: Bronnadh an “Congressional Gold Medal” air, (tar éis bháis)

2006 (30 Eanáir): Fuair a bhaintreach, Coretta, bás

2011: Tiomnaíodh Cuimhneachán Náisiúnta Martin Luther King, Jr. ar an National Mall i Washington DC.  Lei Yixin a dhear é.  Dealbhóir eisean a rugadh i 1954 i Changsha, Cúige Hunan, an tSín.  Cé go bhfuil an leacht cuimhneacháin ollmhór agus an-mhórga, níl ‘chuile dhuine sásta leis, mar is soiléir ón alt seo: A blockheaded memorial, Aug 30th 2011, by W.W., Iowa City
http://www.economist.com/blogs/democracyinamerica/2011/08/martin-luther-king.  Deir an t-alt seo faoi chuma na deilbhe: “a certain cheap effect, a vacuous sublimity easily mistaken for awed reverence, by means of a formulaic, emotionally rote approach to monumentality.”  Agus faoi Lei Yixin, deir an t-alt gur “ace aesthetic hype man for Mao” é.

Úsáid na Teanga sa Téacs Thuas (Language Usage in the Text Above)

Among the various language structure features in this text we have:

an saorbhriathar, the autonomous verb

an aimsir chaite, the past tense

an tuiseal ginideach, the genitive case (“na deilbhe,” agus taobh amuigh de chómhthéacs creidimh, “ainm a mhic” srl.)

na horduimhreacha, the ordinal numbers  (an chéad, an dara, srl.)

an clásal coibhneasta, the relative clause (Lei Yixin a dhear é)

“ba” vs. “is”

cleachtadh leis an dóigh le huimhreacha a rá os ard (go minic bíonn Gaeilge an-mhaith ag duine ach deacracht aige/aici le dátaí agus uimhreacha móra a rá os ard — dála an scéil, sin í an fhadhb chéanna a bhí agamsa sna ranganna Fraincise, Spáinnise agus Géarmáinise a rinne mé.  Ní duine uimhreach mé, is dócha.  Aisteach a rá ach níor cheap mé go raibh na huimhreacha ródhona sa Bhreatnais.

Chomh maith leis sin uilig, is féidir stair an fhocail “baghcat”  a phlé (baineann stair an fhocail le himeachtaí i stair na hÉireann)

Bhuel, sin an chroineolaíocht agus an ghramadach taobh thiar de chuid de na frásaí.  Tá súil agam go raibh sé úsáideach agus suimiúil agus go raibh ábhar machnaimh ann — Róislín

P.S. Litriú an tsloinne ‘Morehouse’: litrítear “Morehouse College” mar sin, le “o” amháin sa chéad chuid den sloinne.  Chonaic mé le dhá “o” é cúpla uair ach ní thagann “Morehouse” ón sloinne “Moore” ach ón bhfocal “Muir”.  Dóigh éigin, d’athraigh “muir” go “more” sa chás seo.

Nóta maidir leis an ainm “Selma”: Tagann sé ó “The Songs of Selma” de chuid James MacPherson (Seumas Mac a’ Phearsain) agus deirtear go gciallaíonn sé “throne” nó “high seat.”  Ach leis an fhírinne a dhéanamh, ní fheicim an bhaint mar i ngnáthúsáid deirtear “suíochán ard” (Gaeilge) do “high seat” (Gàidhlig: suidheachan ard) agus “ríchathair” do “throne” (Gàidhlig: rìgh-chathair).  Níl ceann ar bith acu sin cosúil le “Selma.”   Ach tá an ceangal (nó “an ceangal” mar a thugtar uirthi) suimiúil mar sin féin.

Ceisteanna le plé sa rang:

1) An bhfaca tú dealbh Lei Yixin?  Nó an bhfaca tú pictiúr den dealbh?  Más amhlaidh go bhfaca, céard é do bharúil faoin dealbh?

Leibhéal:

  1. a) an bhuncheist: bunleibhéal, freagraí mar “chonaic” nó “ní fhaca”
  2. b) barúlacha faoin dealbh: meánleibhéal nó ardleibhéal (bheadh téarmaí teibí i gceist)

2) Cé acu dealbh is fearr leat?

  1. a) an ceann le Lei Yixin (san alt thuas agus anseo: https://en.wikipedia.org/wiki/File:MLK_Memorial_NPS_photo.jpg) nó
  2. b) an ceann i Westminster Abbey, Londain, le Tim Crawley: https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Martin_Luther_King_memorial_Westminster_Abbey.jpg nó
  3. c) an ceann i mBirmingham, Alabama (Kelly Ingram Park) ag http://www.loc.gov/pictures/item/2010636983/ nó ag https://commons.wikimedia.org/wiki/File:KellyIngramMLKStatue.jpg . Dála an scéil, rinne mé iarracht ainm dhealbhóir na deilbhe seo a fháil agus bhreathnaigh mé ar thart fá dhá scór leathanach gréasáin leis an íomhá seo ach níor dhúirt ceann ar bith acu cé a rinne an dealbh. Má tá an t-eolas agat nó má tá tú i do chónaí sa cheantar sin, seol an t-eolas chugainn, le do thoil  Bheinn buíoch díot.
  4. d) ceann eile?

Leibhéal na bhfreagraí

  1. bunleibhéal: “Is fearr liom dealbh _____ (ainm an dealbhóra)” nó “Is fearr liom an dealbh i ____ (ainm na háite)

2. meánleibhéal (is féidir caint neamhdhíreach a úsáid anseo): freagraí mar, “Sílim go bhfuil an ceann i _____ (ainm na háite) níos fearr ná an ceann i _____ (ainm na háite) mar _____ (an réasún)” nó “Sílim gurb í an dealbh le _____ (ainm dealbhóra) an ceann is fearr mar ___ (an réasún)

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: