Irish Language Blog
Menu
Search

Titles, Quotes, and Sayings in Irish to Practice Terms for ‘Daoine Muinteartha’ (Family Members), Cuid/Part 2 Posted by on Nov 30, 2016 in Irish Language

(le Róislín)

Seo cuid 2 (cuid a dó) den mhionsraith le teidil, athfhriotail agus seanráite a bhfuil téarmaí do bhaill an teaghlaigh (“family members”) iontu.  As previously (nasc thíos), some of these are traditional  proverbs in Irish and the others are quotes, paraphrases, or classic book, movie, or TV program titles that I have translated into Irish or written in Irish.  In each case, a key word defining a family relationship is left blank.  See if you can fill in na bearnaí.

I still have dozens more of these up my sleeve, so this second blogpost will probably be followed by several more sa mihonsraith.  And, as I mentioned before, contributions from readers are welcome — can you think of some fun ones that are also good practice to follow up on our recent posts on “gaolta teaghlaigh“?  Freagraí thíos.

11..  _____Mame, úrscéal a scríobh “Patrick Dennis” (ainm cleite an údair) i 1955; rinneadh scannán de i 1958.

12.. Is é Pádraig ainm an _____  sa scéal agus sa scannán a luaitear in uimhir 11 (thuas).

13.. “_____ agus _____ agus _____  agus  _____,” 1991, eipeasóid den chlár teilifíse Dallas.  Tagairt do Turgenev, an ea?  Leid: is ionann an chéad fhocal agus an tríú focal agus is ionann an dara focal agus an ceathrú focal.

14.. I leagan amháin de The Playboy of the Western World le John Millington Synge, deir an téacs gur _____ ceathracha iad Pegeen agus Christy.  I leagan eile, deir sé gur _____  seisreacha iad. (NB: an focal céanna sa dá bhearna)

15.. Seisear Páistí agus _____  Amháin (scannán, 2016).  Leid: ní athair na bpáistí é an fear sa dara cuid den teideal ach …

16.. “Seanaithreacha agus _____” (2014), eipeasóid den chlár Five Plus (sraith teilifíse i Macadóinis, is clár Macadónach do pháistí é).  Leid: ní garmhic na seanaithreacha atá i gceist, ach mic dheartháireacha an tseanathar.

17.. Mo Thriúr _____, (sraith teilifíse, 1960-65, le Fred MacMurray i ról an athar agus Tim Considine, Don Grady, agus Stanley Livingston — ainm suimiúil, nach ea ?–  mar na mic)

18.. Tá Dia láidir agus tá  _____ mhaith aige. (seanfhocal traidisiúnta)

19.. Sa chlár teilifíse An Marsach Is Fearr Liom (1963-66), tagann Marsach darb ainm “Andromeda” go dtí an domhan chun cuairt a thabhairt ar Exegius 12 1/2 (aka Uncail Mairtín an Marsach).  Is ___________ Mháirtín/Exegius 12 1/2 é Andromeda.

20.. Tagann Muire _______________ chuig an amhránaí (Paul McCartney) nuair a bhíonn trioblóidí sa mhullach air (de réir a amhráin chlúitigh).

Tá súil agam go raibh an cleachtadh seo úsáideach agus faisnéiseach agus go raibh spraoi ann chomh maith.  *Oidsiamsaíocht, b’fhéidir?  SGF  – Róislín

Nasc: Titles, Quotes, and Sayings in Irish to Practice Terms for ‘Daoine Muinteartha’ (Family Members), Cuid/Part 1Posted by róislín on Nov 28, 2016 in Irish Language

Freagraí:

11.. Aintín Mame, úrscéal a scríobh “Patrick Dennis” (ainm cleite an údair) i 1955; rinneadh scannán de i 1958.

12.. Is é Pádraig ainm an nia sa scéal agus sa scannán a luaitear in uimhir 11 (thuas).

13.. “Aithreacha agus Mic agus Aithreacha agus Mic,” 1991, eipeasóid den chlár teilifíse Dallas.  Tagairt do Turgenev, an ea?

14..  I leagan amháin de The Playboy of the Western World le John Millington Synge, deir an téacs gur col ceathracha iad Pegeen agus Christy.  I leagan eile, deir sé gur col seisreacha iad.

15..  Seisear Páistí agus Seanathair Amháin (scannán, 2016)

16.. “Seanaithreacha agus Nianna” (2014), eipeasóid den chlár Five Plus (sraith teilifíse i Macadóinis, is clár Macadónach do pháistí é)

17.. Mo Thriúr Mac, (sraith teilifíse, 1960-65, le Fred MacMurray i ról an athar agus Tim Considine, Don Grady, agus Stanley Livingston — ainm suimiúil, nach ea? —  mar na mic)

18,. Tá Dia láidir agus tá máthair mhaith aige. (seanfhocal traidisiúnta)

19.. Sa chlár teilifíse An Marsach Is Fearr Liom (1963-66), tagann Marsach darb ainm “Andromeda” go dtí an domhan chun cuairt a thabhairt ar Exegius 12 1/2 (aka Uncail Mairtín an Marsach).  Is nia Mháirtín/Exegius 12 1/2 é Andromeda.

20.. Tagann Muire Mháthair chuig an amhránaí (Paul McCartney) nuair a bhíonn trioblóidí sa mhullach air (de réir a amhráin chlúitigh).  Nó b’fhéidr gurb í a mháthair féin, Máire, a bhí i gceist aige.

 

Tags: ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: