Irish Language Blog
Menu
Search

Eleven Pipers Piping, but not for Christmas per se, or, Ó Mhálta go Mars ag píobaireacht linn Posted by on Mar 31, 2018 in Irish Language

(le Róislín)

https://en.wikipedia.org/wiki/Pan_(god)#/media/File:Sweet,_piercing_sweet_was_the_music_of_Pan%27s_pipe.jpg, “Sweet, piercing sweet was the music of Pan’s pipe” reads the caption on this depiction of Pan (by Walter Crane), public domain; Téacs Gaeilge le Róislín, 2018

 

Before we continue with the list of Irish traditional instruments, I thought it would be fun to talk about eleven types of pipers from around the world.  Why eleven?  Well, we’re all familiar with saying “Eleven Pipers Piping,” right?

Our definition of “pipes” here will be a little flexible, since it can refer to flute-like instruments or panpipes, as well as bagpipes.  But they’ll all be good Irish practice.   We’ll start with variations on some of the sentences used in the last blogpost, making some grammatical variations, and add a few more, for good measure (NPI) to reach our eleven.

Seinneann an píobaire Seapánach an phíb bhambú. 

Seinneann Geordie an phíb Northumbria. 

Seinneann an píobaire Spáinneach an gaita.

Seinneann an píobaire Mallarcach an xeremias.

Sheinn Joseph Béchonnet an “musette Béchonnet” nuair nach raibh sé gnóthach ag déanamh paitíní agus ag deileadóireacht.  (Joseph Béchonnet, 1820-1900).

Seinneann an píobaire Albanach an phíb mhór taobh amuigh go minic agus cuid mhór den am bíonn sé/sí ag siúl.

Seinneann an píobaire Éireannach an phíb uilleann taobh istigh an chuid is mó den am agus de ghnáth bíonn sé/sí ina s(h)uí.  An féidir an phíb uilleann a sheinm agus tú i do sheasamh?  Níl a fhios agam.  Ní dóigh liom go bhfaca mé riamh é.  B’fhéidir le cos amháin beagán in airde ar bhosca nó ar chathaoir nó ar ardán beag?  Ach má tá bosca nó cathaoir nó ardán beag ann, cén fáth nach mbeadh an píobaire ina shuí/suí air?  Ach amháin más píobaire Jem’Hadar thú — sa chás sin bheadh taca de shaghas éigin do do chos de dhíth ort mar ní maith leis na Jem’Hadar a bheith ina suí ar chor ar bith.  Sin é an fáth nach mbíonn suíocháin ar bith ina spásárthaigh.  Ní shuíonn siad.  Ar ndóigh, ní fhaca mé píobaire Jem’Hadar riamh, fiú ar an teilifís, agus is dóigh liom gur cuma leo faoi cheol.  Cé gur daonnóidigh iad.  Ó, an ea nach cuimhin leat iad?  Ba shaighdiúirí ar Star Trek: Deep Space Nine iad, neacha nach raibh suim acu i rud ar bith seachas a bheith ag troid ar son a gcruthaitheoirí. 

Anois, ar ais go gnáthabairtí …

Seinneann an píobaire Máltach an żaqq.

Seinneann an píobaire Gascúnach an boha.

Seinneann Pan an phainphíb.   

Sa scannán Robinson Crusoe on Mars (1964), seinneann an Ceannasaí Christopher Draper foireann píob a rinne sé as luachra a fhásann ar Mhars (!) agus as píosaí dá “fhaighneog éalaithe” (don mhála agus más cuimhin liom i gceart, an seamsúr).  Maidir leis an bhfrása “foireann píob,” tá “foireann píob” feicthe agam chomh minic agus atá “foireann píbe” feicthe agam.  A phíobairí ar an liosta seo — an fearr libh téarma amháin thar an téarma eile?  An síleann sibh go bhfuil ceann acu ceart agus go bhfuil an ceann eile mícheart? 

So, sin agaibh aon phíobaire dhéag ag píobaireacht, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. 

Tá súil agam gur thaitin sé seo leat agus go mbeidh tú ag smaoineamh air nuair a bhuailfidh an Nollaig (agus séasúr na gcarúl Nollag) linn arís.  Slán go fóill – Róislín

Naisc d’iarmhíreanna faoi uirlisí ceoil sa bhlag seo

Irish musical instrument series, 2018: 

Ag Seinm Ceol Gaelach?  Irish Words for Musical Instruments and How to Use Them in Phrases (Pt./Cuid 1)Posted by  on Mar 22, 2018 in Irish Language

Ag Seinm Ceol Gaelach?  Irish Words for Musical Instruments and How to Use Them in Phrases (Pt./Cuid 2)Posted by  on Mar 25, 2018 in Irish Language

4-part series (Alpchorn go Xileafón), 2015

Ag seinm uirlisí ceoil, ó alpchorn go xileafón (Alpenhorn to Xylophone in Irish, pt. 1)Posted by róislín on Mar 19, 2015 in Irish Language

Ag seinm uirlisí ceoil, ó alpchorn go xileafón (Alpenhorn to Xylophone in Irish, Pt.2): ideafón go  hócairínPosted by róislín on Mar 21, 2015 in Irish Language

Ag seinm uirlisí ceoil, ó alpchorn go xileafón (Alpenhorn to Xylophone in Irish): Pt. 4: Triantán go xileafónPosted by róislín on Mar 29, 2015 in Irish Language

Ag seinm uirlisí ceoil, ó alpchorn go xileafón (Alpenhorn to Xylophone in Irish): Pt. 4: Triantán go xileafónPosted by róislín on Mar 29, 2015 in Irish Language

Tags: , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: