Irish Language Blog
Menu
Search

Is (X) mé — An (X) thusa?  — Saying ‘I am a (X)’ — ‘Are you a (X)?’ in Irish  Posted by on Oct 27, 2017 in Irish Language

(le Róislín)

OK, so we’ll start out on the more fanciful side, a conversation (comhrá) between a pumpkin and a turnip.  What the hay — if horses, dogs, clocks, cars, and flowers can all talk in various realms of fiction and folklore, why not pumpkins and turnips?  Oh, by the way, those words i nGaeilge would be: capaill, madraí, cloig (nó “cloganna”), carranna (nó “gluaisteáin”), agus bláthanna.

We’ll start with the conversation shown above, fanciful as it is, and then we’ll try a few more based on more practical topics, well, mostly more practical.  Perhaps a little imagination can still be applied.

1.. Puimcín (P) agus Tornapa (T)

P: Is puimcín mé.  An puimcín thusa?

T: Ní hea, ní puimcín mé.

P: Cén sórt glasra thú, mar sin?

T: Tornapa, is tornapa mé.

P: Ní svaeid thú?

T: Ní hea, is tornapa mé, mar a dúirt mé.

P: Á, ‘sea, just ag iarraidh a bheith cinnte.

T: Tornapa, ó stuimine go post.

P: Cá as thú?

T: Is as California mé.

P: California!  Cén chuid de?

T: Gleann Napa, ar ndóigh!

P: Gleann na dTorNapa, an ea?

T: Há, há!

2.. And now for some more everyday topics, like occupations:

A: An dochtúir thú?

B: ‘Sea, is dochtúir mé.  Is cairdeolaí me.  Céard fútsa?  Cén post atá agatsa?

A: Is dochtúir mise, freisin, otairinealaraingeolaí.

B: Go deas bualadh leat.

A: Go deas bualadh leatsa.

3.. And nationality:

A: An Meiriceánach thú?

B: Ní hea, is Ceanadach mé.

A: Tuigim.  Is Astrálach mé féin.

B: Astrálach, an ea?  An maith leat Vegemite?

A: Is maith, ar ndóigh!

4.. How about species?

(suíomh: beár idir-réaltrach)

A: An Marsach thú?

B: ‘Sea, is Marsach mé.

A: (cogar) Is Marsach mise freisin ach tá mé ag obair faoi rún.  Sin é an fáth go bhfuil cuma neach daonna orm.

B: Ó, so ní neach daonna thú?

A: Ní mé, is Marsach mise, mar thusa.  Tá trí shúil agam mar atá agatsa ach ní fheiceann tú an tríú súil mar tá sí faoi dhuilleog an hata mhóir seo.  Sin an straitéis a rinne “Haley, an Freastalaí Beáir” sa chlár teilifíse “Will The Real Martian Please Stand Up?” sa tsraith “The Twilight Zone.”

B: Á, straitéis mhaith ab ea í, cinnte.  An-inchreidte!

A: GoraibhMarsagat!

5.. And since, in a previous blogpost, we’ve already introduced one of my favorite phrases in Irish, how about roles in pop culture fandom:

A: An móidín Doctor Who thú?

B: ‘Sea, is móidín Doctor Who mé.  Sin é an fáth go bhfuil mé ag cur gotha orm féin sa mhacasamhail de Tardis mé.  Céard fútsa?  An móidín Doctor Who thú féin?

A: ‘Sea.  Sin é an fáth go bhfuil geansaí Tardis agus hata Tardis agus mála droma Tardis orm.

B: Bhuel, yeah, bhí sé cineál soiléir.

Bhuel, that’s some cleachtadh anyway.  To recap:

i) identifying a thing: Is puimcín mé, if the pumpkin itself is talking.  More likely we (neacha daonna, that is) would describe a thing by saying, “Is puimcín é” (using “é” for a third-person reference, i.e. he/she/it/they)

ii) occupation: Is dochtúir mé.

iii) nationality: Is Ceanadach mé.

iv) species (why not  — if we have talking pumpkins and turnips, then why not eachtardhomhandaigh a bhfuil Gaeilge acu?): Is Marsach mé.

c) and finally, fandom roles: Is móidín Doctor Who.

So, spórt agus spraoi leis an gcopail (an briathar “is” sna habairtí seo)!   Beagán níos mó craice ná just liostaí slite beatha agus náisiúntachtaí, b’fhéidir?  SGF — Róislín

Tags: ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Comments:

  1. Ross:

    Dia dhuit, a Róislín. Is breá liom do bhlag, go raibh míle maith agat as. Níl a fhios agam, an féidir le daoine ceisteanna a chur ort faoin Ghaeilge? Táim ag foghlaim an Ghaeilge i Nua-Gheirsí agus bíonn ceisteanna agam ó am go ham nach bhfuil furasta freagraí a fháil dóibh.

    Míle buíochas,
    Ross

    • róislín:

      @Ross Is féidir, cinnte.
      Dála an scéil — tagann an tuiseal ginideach tar éis ag + VN (verbal noun), mar sin: na Gaeilge

  2. Ross:

    Go raibh maith agat as do fhreagra agus leasú.

    • róislín:

      @Ross Tá fáilte romhat. Tá áthas orm go mbaineann tú sult as an mblag.


Leave a comment to róislín