Irish Language Blog
Menu
Search

There’s No Place Like Home: Irish Vocabulary for Describing a Hamster’s Cage Posted by on May 31, 2019 in Irish Language

(le Róislín) 

grianghraf: Jorge Barrios [Public domain] https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Jaula_Roedores_Ferplast.jpg ; Español: Jaula para roedores. Cuenta con tres niveles, dos escaleras, dos comederos, un bebedero, una casa y una rueda de ejercicios. Hecha por la compañía italiana de productos para mascotas Ferplast. Téacs Gaeilge le Róislín, 2019

Lately we’ve been writing about hamstair (hamsters) and specifically the Irish words for different foods that they eat.  Now we’ll check out their digs — a “cás hamstair” and its typical “troscán.”

This will also be some practice with matching up Irish nouns and adjectives and using numbers to say how many of something you have.  Or how many of something a hamster cage has — like ladders and water bottles.

So, seo an banc focal agus na frásaí le líonadh isteach: banc focal: bán, beathadán, buidéal, dearg, doras, dréimire, fuinneog, leibhéal, roth, tigín

Sin an banc focal ach bíodh cuimhne agaibh — seans go mbeidh oraibh athrú a dhéanamh ar chuid acu (séimhiú, foirm iolra).  Ag breathnú ar an bpictiúr thuas, céard a fheiceann tú?

1) trí __________

2) dhá __________  ________

3) dhá __________

4) __________ uisce amháin

5) _____ aclaíochta _____amháin

6) _____ amháin le _____ amháin agus _____ amháin (infheicthe) agus ? sliotán poist (poll beag le hais an dorais)

Chuir mé comhartha ceiste (?) roimh an bhfrása “sliotán poist” mar níl mé cinnte céard atá i gceist leis an bpoll beag sin a fheiceann tú sa phictiúr.  Ar ndóigh, ní fhaigheann hamstair post (gnáth-hamstair, ar a laghad) ach níl a fhios agam cén fáth a mbeadh sliotán mar sin le hais an dorais murach an post.   Níos ornáidí ná úsáidí, is dócha. 

 An t-aon rud amháin nach bhfeicim sa phictiúr — an hamstar é féin!  Is dócha go bhfuil sé amuigh — ag siopadóireacht, b’fhéidir, nó b’fhéidir go bhfuil sé ag Hamsterfest (fleá cheoil a tosaíodh i Hamilton, Nua-Shéalainn i 1970 agus a bhíonns ar siúl fós, ar dheireadh seachtaine na Cásca / on Easter weekend, hence an “-ster,” is dócha). 

I don’t know that Hamsterfest has a particularly hamsterish theme, but I did note the a band called Celtic Ferret played there this year (nasc dóibh thíos).  Not that we need a further animal connection, but I was tickled to see that the two members of Celtic Ferret are also part of another music group called “SuperSheep.”  Hmm, have to check this out.  Is trua go bhfuil siad chomh fada uaim, agus ón chuid is mó dár léitheoirí, is dócha.  Léitheoir ar bith sa Nua-Shéalainn?  Nó san Astráil nó aon tír sa chuid sin den domhan?  Pé scéal é, tá dhá naisc shuimiúla thíos agus ansin na freagraí.  SGF —  Róislín

Naisc: Celtic Ferret: https://www.facebook.com/events/house-concert/celtic-ferret/916334681901504/

SuperSheep (an grúpa ceoil): ní bhfuair mé aon nasc dóibh ach …

Fíorshárchaoirigh (“sár” ó thaobh géinitice de): ar lorg “SuperSheep” tháinig mé ar an alt seo faoi fhíorshárcaoirigh: https://www.theland.com.au/story/5940981/genetic-selection-could-solve-the-mulesing-mystery-and-lead-to-super-sheep/  Agus má tá tú fiosrach faoi “mulesing,” bhí mise freisin.  Baint cuid bheag den chraiceann olanntáirgeach de leatha deiridh na gcaorach atá ann (ionas nach mbeidís “faoi uibheacha cuileanna” nó ” fíniúch,” i.e. fly-blown, i.e.x2 nuair a bhíonn “flystrike” orthu).  Tagann an t-ainm “mulesing” ó John W. H. Mules, ceannródaí an chleachtais sin san Astráil sna 1930í; ní bhaineann sé le miúileanna.   Miúileanna, an t-Uasal Mules, caoirigh, agus mulesing — ábhair blagmhíre eile, b’fhéidir! 

Freagraí

1) trí _leibhéal_

2) dhá _dhréimire_  _bhána_

3) dhá _bheathadán_

4) _buidéal_ uisce amháin

5) _roth_ aclaíochta _dearg_ amháin

6) _tigín_ amháin le _fuinneog_ amháin agus _doras_ amháin (infheicthe) agus ? sliotán poist (poll beag le hais an dorais).  B’fhéidir go bhfuil fuinneog eile ann ach ní fheiceann muid í.

Tags: , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: