Irish Language Blog
Menu
Search

Ceistiúchán faoi Rudolf an Réinfhia Posted by on Dec 24, 2009 in Irish Language

(This was supposed to come out a few days ago; brón orm)

We all probably know the song about Rudolph.  But can you answer these questions about him in Irish?  Answers (“A”) given below, together with a short glossary.

 

1. Cén sórt fia é Rudolf?:  a) fia fionn (fia buí)  b) fia Baictriach  c) muscfhia  d) carabú

 

2. Cén dath atá ar shrón Rudolf?: a) rua  b) flannbhuí  c) flanndearg  d) dearg

 

3. An bhfaca tú riamh réinfhia deargshrónach?  a) chonaic  b) ní fhaca     

 

4. Dá bhfeicfeá réinfhia deargshrónach, cad a dhéanfá?  a) Ghlacfainn grianghraf de  b) Dhíolfainn le sorcas é  c) Ghlaofainn ar Dhaidí na Nollag le rá go raibh a réinfhia ar strae

 

5. Cén sórt pearsantachta atá ag na réinfhianna eile?:  a) deas  b) dána  c) mínormalach

 

6. Céard a dhéanann na réinfhianna eile?      

a) Bíonn siad ag súgradh le Rudolf.  b) Bíonn siad ag magadh faoi Rudolf.  

 

7. Ar lig siad do Rudolf a bheith ag súgradh leo?  a) lig  b) níor lig

 

8. Cén oíche a bhí ann?  a) Oíche Nollag  b) Oíche Chinn Bhliana

 

9. Cé a tháinig?  a) San Proinsias Assisi  b) San Críostóir  c) San Nioclás (Daidí na Nollag)

 

10. Cad a d’iarr sé ar Rudolf?  a) a shleamhnán a tharraingt       

b) báirseoireacht a dhéanamh ar na réinfhianna eile

 

11. Cén fáth a raibh solas breise de dhíth ar Dhaidí na Nollag?  a) ceo   b) báisteach 

 

12. Maidir lena shrón, cén sórt fia atá i Rudolf?  Is fia ______é.  a) bánsrónach  b) biorshrónach c) bolgshrónach  d) caolsrónach  e) clúmhshrónach  f) cruinnsocach (-socach, snouted, cf. soc snout)  g) deargshrónach  h) iomairshrónach  i) mucshrónach  j) sceadsrónach  k) sciansocach, and, breaking the pattern, l) gob-bhuí (gob, beak), defined below.  Note: Both of the liostaí are in ord aibítre, so you’ll need to search the English list for the Irish terms.  Answers below (B).  

Nose types: 1) bottle-  2) hairy-  3) knife-  4) narrow-  5) pig-  6) red-  7) ridge-  8)) round-  9) sharp-  10) spot-  11) white-  12) yellow-

 

13. An raibh fearg ar na réinfhianna eile gur roghnaigh Daidí na Nollag Rudolf?  a) Bhí, agus bhí siad iontach mioscaiseach ina dhiaidh sin  b) Ní raibh, bhí siad go deas

 

14. An ndéanfar dearmad ar Rudolf choíche?  a) Déanfar  b) ní dhéanfar

 

Freagraí “A”: 1d, 2d, 3 & 4 do rogha féin, 5b, 6b, 7b, 8a, 9c, 10a, 11a, 12g, 13b, 14b

 

Freagraí “B” (an cineál sróine): a-11, b-9, c-1, d-4, e-2, f-8, g-6, h-7, i-5, j-10, k-3, l-12

 

Nótaí: fionn, buí, fallow; dath, color; riamh [REE-uv] ever; grianghraf [GREE-un-γraf] photograph; dhíolfainn [YEEL-hin] I’d sell; go raibh X, that X was; mínormalach, abnormal; súgradh, playing; magadh faoi, making fun of; d’iarr, asked; tarraingt, pulling; báirseoireacht, scolding; breise, extra; roghnaigh, chose; mioscaiseach, spiteful; dearmad, forgetting

Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: