Irish Language Blog
Menu
Search

Cleachtadh leis na focail ‘orlach,’ ‘troigh’ agus ‘cos’ (Inches and Feet in Irish) Posted by on Mar 9, 2015 in Irish Language

(le Róislín)

While we’re still on the theme (téama) of inches (orlaí) and both kinds of feet (troithe agus cosa), perhaps you’d like to try these titles (teidil) and names (ainmneacha) from the fields of cinema and music.  The exact number of blanks to be filled in are given, based on the words “orlach,” “cos,” and “troigh.”  Freagraí thíos.

  1. Hedwig agus an  __ __ __ __ __ __ __  Feargach (NB: seacht mbearna le líonadh)
  2. Tairní Naoi  __ __ __ __ __ __
  3. __ __ __ __ __ __  ar Airde, Bleachtaire (sorry, the Irish doesn’t have the catchy rhyme of the original English)
  4. Mo  __ __ __ __  Chlé
  5. __ __ __  Coinín
  6. Ionsaí an Chola 30  __ __ __ __ __ __ (ní shílim go bhfuil Gaeilge ar bith ar “Chola”)
  7. __ __ __  Amháin in Ifreann
  8. __ __ __  Amháin san Uaigh
  9. Sé  __ __ __ __ __ __ __  faoin bhFód (i.e. “I gCré na Cille,” but that doesn’t capture using the measurement)
  10. Ionsaí na Mná Caoga  __ __ __ __ __ __ (agus cineál “spin-off” de, Ionsaí an Gharthóra Mholta Caoga  __ __ __ __ __ __).

And one last “unit of measurement” title that’s not in inches, feet, centimeters, or kilometers:

  1. Fiche Míle  __ __ __ __  faoi na Farraigí (NB: sa Bhéarla, tá an focal “farraige” uatha, i.e. “under the sea,” ach sa Fhraincis agus sa Ghaeilge, tá an focal iolra, i.e. “sous les mersagus “faoi na farraigí.”  Sin an Ghaeilge mar thagairt don leabhar — fad m’eolais, níl aistriúchán ann).

Tá súil agam gur bhain tú sult as sin agus gur cleachtadh maith a bhí ann.   SGF — Róislín

Freagraí

  1. Hedwig agus an tOrlach Feargach (2001): Hedwig and the Angry Inch
  2. Tairní Naoi nOrlaí (bunaithe 1988, ag seinm fós): Nine Foot Nails
  3. Orlach ar Airde, Bleachtaire (1973): Inch High, Private Eye (mar a dúirt mé thuas, gan rím an Bhéarla)
  4. Mo Chos Chlé (1989): My Left Foot
  5. Cos Coinín (cláracha agus scannáin éagsúla: 1954, 2004, 2012, 2014): Rabbit’s Foot Rabbit Foot. Agus, lena “chois” sin (for good measure), An Chos Coinín Ámharach (1963) sa tsraith Dennis the Menace (1959-63). Tabhair faoi deara nach “Cos an Choinín Ámharaigh” atá i gceist mar ní “ámharach” a bhí an coinín atá i gceist! I mBéarla, tuigeann muid “the rabbit’s foot that is lucky” as “The Lucky Rabbit’s Foot” ach de réir na bhfocal, is féidir linn “the foot of the lucky rabbit” a thuiscint as freisin.
  6. Ionsaí an Chola 30 Troigh (2014): The Attack of the 30 Foot Chola. Ní shílim go bhfuil Gaeilge ar bith ar “Chola.”
  7. Cos Amháin in Ifreann (1960), One Foot in Hell
  8. Cos Amháin san Uaigh (1990), One Foot in the Grave
  9. Sé Troithe faoin bhFód (2001-2005, i.e. “i gcré na cille,” but that doesn’t capture using the measurement): Six Feet Under
  10. Ionsaí na Mná Caoga Troigh (1958): Attack of the 50-ft. Womanagus cineál “spin-off” de, Ionsaí an Gharthóra Mholta Caoga Troigh (2012), Attack of the 50 ft. Cheerleadernó b’fhéidir go mbeadh sé ní b’fhearr “bangharthóir” a úsáid (agus “an bhangharthóra mholta”). B’fhéidir gur cineál spin-off eile de a bhí sa scannán An Bhrídeach Tríocha Troigh ó Charraig an Chandaí (1959): The Thirty Foot Bride of Candy Rock.

Agus leis na huimhreacha scríofa ina ndigití:  Ionsaí na Mná 50 Troigh, Ionsaí an (Bhan)Gharthóir Mholta 50 Troigh, agus An Bhrídeach 30 Troigh ó Charraig an Chandaí.  Agus mar phointe mioneolais, athraíodh na “troithe” go “méadair” i gcuid de na teidil atá ar an scannán deireanach in áiteanna a úsáideann an córas méadrach.  Seo cúpla sampla:

Die 9-Meter Braut (Gearmáinis)

La novia de nueve metros (Spáinnis, Meicsiceo)

Mnisti deka metra boi (Gréigis)

Hmmm, “9-Meter achdeka metra“?  What’s a meter here or there when you’re talking about a “banfhathach” ([BAHN-AH-hukh], giantess)?

  1. Fiche Míle Léig faoi na Farraigí (1954, 1997). NB: sa Bhéarla, tá an focal “farraige” uatha, i.e. “under the sea,” ach sa Fhraincis agus sa Ghaeilge, tá an focal iolra, i.e. “sous les mers agus “faoi na farraigí.” Sin an Ghaeilge mar thagairt don leabhar — fad m’eolais, níl aistriúchán ann.).

 

 

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: