Irish Language Blog
Menu
Search

Comhrá: Diarmaid agus Dearbháil agus Na Dearcáin Posted by on Oct 10, 2015 in Irish Language

(le Róislín)

Here’s a little conversation to practice some of the sounds we saw in the blog post for 6 October 2015 (When Is ‘dh’ pronounced like ‘y’ in Irish words?  Think ‘a Dhia’ and ‘a Dhiarmaid’ Posted by in Irish Language; https://blogs.transparent.com/irish/when-is-dh-pronounced-like-y-in-irish-words-think-a-dhia-and-a-dhiarmaid/).  As you can see, I’ve gone a bit out of my way to work in the sounds “dhe” and “dhi.”  Remember, these “dh’s” are essentially the same as the “y” in English words like “yes” or “year.”

Dhá iora ghlasa, Diarmaid agus Dearbháil, agus a gcuid dearcán. Cad a dúirt siad le chéile? Léigh leat le fáil amach! (http://www.wpclipart.com/animals/S/squirrel/squirrel_2/2_squirrels.png.html)

Dhá iora ghlasa, Diarmaid agus Dearbháil, agus a gcuid dearcán. Cad a dúirt siad le chéile? Léigh leat le fáil amach! (http://www.wpclipart.com/animals/S/squirrel/squirrel_2/2_squirrels.png.html)

Na Carachtair: dhá iora ghlasa, Diarmaid agus Dearbháil

An Áit: páirc chathrach, in aice le dair dhearg

Séasúr: An Fómhar (mí Dheireadh Fómhair, le bheith cruinn)

An Comhrá

Dearbháil: Dia dhuit, a Dhiarmaid.

Diarmaid: Dia is Muire dhuit, a Dhearbháil.  Cén chaoi a bhfuil tú?

Dearbháil: Tá mé go maith ach ní féidir liom na dearcáin a chuir mé i bhfolach a fháil.

Diarmaid: Ó, cé mhéad dearcán atá i gceist?

Dearbháil: Trí dhearcán is nócha.

Diarmaid: Sin moll mór!  Ar chuardaigh tú faoin dair dhearg seo?

Dearbháil: Chuardaigh, ach ní bhfuair mé iad.

Diarmaid: Ar chuardaigh tú ar an dá thaobh den chrann–ar dheis agus ar chlé?

Dearbháil:  Chuardaigh mé ar chlé ach níor chuardaigh mé ar dheis fós.

Diarmaid: Cuideoidh mé leat agus cuardóidh muid agus b’fhéidir go bhfaighidh muid iad.

(Tochlaíonn siad leo)

Diarmaid:  Tar anseo, a Dhearbháil.  Sílim go bhfuil siad anseo.

(Tochlaíonn Dearbháil léi, go díograiseach)

Dearbháil:  Á, mo dhearmad, a Dhiarmaid!  Chuir mé na dearcáin sa talamh ar an taobh deas den chrann.  Shíl mé gur chuir mé mo dhearcáin ar an taobh clé den chrann.  Ó, tá an-áthas orm anois!  Go raibh maith agat as do chuidiú, a Dhiarmaid!

Diarmaid: Fadhb ar bith, a Dhearbháil.  Anois is féidir linn sult a bhaint as an gcuid eile den lá.  Tá sé deas grianmhar inniu, nach bhfuil, cé go bhfuil muid i lár mhí Dheireadh Fómhair anois.

Dearbháil:  Tá sé ana-dheas inniu, cinnte.  [N.B.  Is iora glas Muimhneach í! — R].  Níl ach gaoth bhog éadrom ann agus tá sí ó dheas.

Diarmaid: Lá deas, aimsir dheas, cuideachta dheas, agus na dearcáin faighte.  Go hiontach!  Anois céard ba mhaith leat a dhéanamh sa chuid eile den lá, a Dhearbháil?

Dearbháil: Hmmm, fan go bhfeice mé.  Mo rothar a dheisiú?  Dealbh a dhealbhú?  Plúr dearcáin a dhéanamh?  Piocaireacht a dhéanamh ar dhiasa arbhar?  Cuairt a thabhairt ar mo dheartháir agus ar mo dheirfiúr, Déaglán agus Diána?  Taisc-chófra a dhéanamh do na dearcáin, sa dóigh nach mbeidh siad scaipthe sa talamh?

Diarmaid: Sin smaoineamh maith.  Taisc-chófra a dhéanamh chun na dearcáin a stóráil.  Cuideoidh mé leat.

Dearbháil: Ó, a Dhiarmaid, is tú mo dhearbhchara.

Diarmaid: Agus is tusa mo dhearbhcharasa.

(cúig mhí ina dhiaidh sin)

Dearbháil: Ó, a Dhiarmaid, nach gleoite iad, ár mbabaithe?  Tagaigí anseo, a Dhiarmaidín agus a Dhearbháilín agus a Dhealrúilín agus a Dheannóidín agus a Dheidimín agus a Dhreochlóigín agus a Dhrithleóigín!  Tá sé in am daoibh a dhul a luí anois.

Na babaithe (le chéile): Ó, a Mhamaí, an gcaithfidh muid?

Diarmaid: Éistigí le bhur mamaí, a stóiríní!

Na babaithe: Ó, ceart go leor, a Dheaide!

(Diarmaid agus Dearbháil ag sróiníneacht ar a chéile, iad breá sásta go bhfuil an saol ag dul ar aghaidh go maith, a lán páistí acu agus cnónna go leor tar éis an gheimhridh).  — le Róislín

Ainmneacha na mBabaithe (all, except Dearbháilín and Diarmaidín, were made up for this blog)

Dealrúilín, little shining one

Deannóidín, tiny little bit

Deidimín, little flighty one

Dearbháilín, little Dervla

Diarmaidín, little Diarmaid, could also mean “little wee creature”

Dreochlóigín, little spark

Drithleóigín, little sparky one

Nóta: maidir le “ar dheis” agus “ar chlé” — these phrases can also show up without lenition, “ar deis” and  “ar clé.”

Gluais: Irish language glossary for ‘Comhrá idir an dá iora ghlasa’ (Diarmaid agus Dearbháil) Posted by  on Oct 15, 2015 in Irish Language

Dála an scéil, I read the following articles as “taighde” for this blog post:

http://www.sciencedaily.com/releases/1998/11/981126102802.htm   Researchers Tackle The Nutty Truth on Acorns and Squirrels, Nov. 26, 1998. University of Richmond

https://www.nwf.org/News-and-Magazines/National-Wildlife/Animals/Archives/2008/Science-Sleuths-How-Squirrels-Hide-Nuts.aspx, 10-01-08 Molly Newman

http://www.nytimes.com/1994/12/11/nyregion/cuttings-now-it-can-be-told-all-about-squirrels-and-nuts.html, by Anne Raver, Dec 11, 1994

https://www.nwf.org/News-and-Magazines/National-Wildlife/Animals/Archives/2008/Science-Sleuths-How-Squirrels-Hide-Nuts.aspx

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: