Drochaimsir: Ó Hairicín Katrina (2005) Siar go hOíche na Gaoithe Móire (1839) Posted by róislín on Aug 29, 2010 in Uncategorized
As we remember Hairicín Katrina, today’s blog will outline a few major weather events in Irish and American history. Where available, I’ve also included references to literary interpretations of the events, since I, at least, find that reading about history through fiction is often an appealing window into times past, even when the events themselves are relentlessly tragic.
1. Stáit Aontaithe: 2005, an 29ú lá de mhí Lúnasa: Hairicín Katrina
Cad a Tharla? Fearthainn, tuilte, gaoth fórsa hairicín (ar ndóigh), briseadh leibhéanna, básanna (1836 ar a laghad), i measc rudaí eile. A lán lán peataí scartha óna n-úinéirí (agus sin ina ábhar scannáin, An American Opera: The Greatest Pet Rescue Ever, le Tom McPhee (http://www.myspace.com/eyetoeyedocumentary)
An Hairicín Seo i bhFicsean: Tá cuid mhór úrscéalta agus gearrscéalta foilsithe anois faoi Hairicín Katrina. Níl spás agam anseo ach údar amháin a lua, James Lee Burke. Cén fáth eisean? Gael-Mheiriceánach é agus mar sin b’fhéidir go mbeadh suim ar leith ag léitheoirí an bhlag seo ina chuid oibre. A dhúchas féin mar chuid mhór de chúlra a leabhair, White Doves in Mourning. Tháinig a mhuintir ó Phort Láirge sa bhliain 1836, céad bliain sular rugadh eisean, i 1936, i Houston, Texas. Is é Jesus Out to Sea (2007) ainm a leabhar faoi Katrina. Tuilleadh faoin údar seo san alt seo: http://irishedition.com/2008/09/25/james-lee-burke-an-interview-and-appreciation/
2. Éire agus Tuaisceart Éireann: 1974, an 11ú go dtí an 12ú de mhí Eanáir; ar chósta Thoraigh, bhí stoirmeacha ón 11ú lá de mhí Eanáir go tús mhí an Mhárta (thart fá ocht seachtainí!)
Cad a Tharla?: Gaoth mhór; amanna gaoth fórsa hairicín in áiteanna; 150,000 teach gan leictreachas, séideán leibhéal farraige: 124 msu (200 km san uair) .
Maidir leis an stoirm seo mar foinse spreagtha do litríocht, ní fheicim aon rud. Eolas ag duine ar bith faoi ghearrscéal nó úrscéal suite sa storim seo?
3. Stáit Aontaithe: 1900, an 8ú lá de mhí Mheán Fómhair, Hairicín 1900 (Galveston, Texas)
Cad a tharla? Gaotha 135 msu (217 km san uair) ag radharc talún, tuilte, básanna idir 6,000 agus 12,000. An tubaiste nádúrtha is marfaí a tharla sna Stáit riamh. Gaotha 65 msu (105 km san uair) fiú i gCathair Nua-Eabhrac agus bás amháin ansin mar gheall ar Hairicín 1900
Tugtar ainmneacha eile mar “An Stoirm Mhór” nó “Stoirm 1900” nó “Tuile Galveston” ar an hairicín seo mar tharla sé sular thosaigh na meitéareolaithe a bheith ag tabhairt ainmneacha pearsanta ar na hairicíní.
An Hairicín seo i bhFicsean: The Windows of Heaven, le Ron Rozelle (2000). Agus ar ndóigh, maidir le ceol, “Wasn’t That A Mighty Storm?,” an t-amhrán clúiteach traidisiúnta a thaifead Alan Lomax agus a chan Tom Rush agus Nanci Griffith.
4. Éire: 1839, an 5ú go dtí an 7ú lá de mhí Eanáir: Oíche na Gaoithe Móire (The Night of the Big Wind)
Cad a Tharla? Sneachta, fearthainn, clocha sneachta, tintreach, tuilte, gaoth fórsa gála agus fórsa hairicín, simléir leagtha anuas, díonta millte, tinte mar gheall ar dhíonta tuí séidte go háit na tine, clocha agus bruscar ag eitilt tríd an aer, féar tirim fliuch agus lofa, ainmhithe maraithe nó scaipthe mar gheall ar thitim na mballaí a bhí déanta de chloch shingil (gan mhoirtéal), báid scriosta, básanna: idir 250 agus 300
An Stoirm Seo i bhFicsean: The Big Wind, le Beatrice Coogan (máthair Tim Pat Coogan). Foilsithe sa bhliain 1969. Scéal staire, suite i gContae Thiobrad Árann. Rómánsúil ach bunaithe ar an stair. Aistrithe go Gearmáinis (Im Grossen Sturm) agus go hOllainnis (de Grote storm). Sílim go bhfuil sé suimiúil gur go Gearmáinis agus go hOllainnis a aistríodh é (agus ní go teangacha eile) mar gheall ar na stoirmeacha móra a bhí sna tíortha sin i 1953 (An Ísiltír is mó, an Bheilg agus an Ríocht Aontaithe freisin, básanna: thart fá 2400, an mhórchuid san Ísiltír í féin ach thart fá 307 i Sasana agus thar 230 ar an bhfarraige) agus i 1962 sa Ghearmáin (básanna thart fá 315). Suim ar leith ag daoine sna tíortha sin in úrscéal faoi stoirm agus a toradh mar gheall ar na himeachtaí sin?
Nótaí: ar leith, special, particular; cúlra, background; díon, roof; droch-, bad- (prefix only); dúchas, heritage; féar tirim, hay (lit. dry grass, here the reference is to “féar tirim fliuch,” wet hay); is marfaí, deadliest; km = ciliméadar, lofa, rotten; msu = mílte san uair; mar gheall ar X, because of X; radharc talún, landfall; scaipthe, scattered; scartha, separated; scéal staire, historical novel; séideán, gust (n); séidte, blown; siar, back, west; suite, set, situated; thaifead, recorded; tintreach, lightning; úrscéal, novel
Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.
Comments:
Johnny:
I live in Houston and I have heard Irish speakers (the small amount there are!) here call it hUisdean or Baile hUisdean when speaking in a formal context. I am assuming it is because Sam Houston was Scottish and Irish in heritage so his last name has a Gaelic form? Is this common usage for our town in Ireland or Scotland? Sorry I am still learning and am not sure where to put the fadas on the words above. Just curious. Thanks!
róislín:
@Johnny A Johnny, a chara,
Ceist shuimiúil (interesting question)! Can’t say I’ve noticed much use of the Irish term for Houston, but it does reflect the history of the surname. “Houston” either derives from French “Hugh” + Middle English “toun” (settlement) or from Uisdean, the Gaelicized version of the French name “Huchon,” which also stems back to “Hugh.” It isn’t unusual for a lower-case “h” to be prefixed before vowel in certain Irish or Gaelic words, due to grammatical circumstances. Hope this helps!