Irish Language Blog
Menu
Search

Irish reading practice + quiz Posted by on Aug 31, 2021 in Irish Language

Haigh, a chairde!

Here’s some Irish read practicing + a quiz, try it out in the comments below!

________________________________________________________________________________

Spáinneach in Éirinn – Spaniard in Ireland 

 

Léigh an sliocht seo thíos agus ansin léigh na ráitis. Cuir tic le A (Fíor), B (Bréagach), nó C (Ní deirtear) i ngach cás. Read this passage below and then read the statements. Choose ​​A (true), B (false), or C (not stated) in each case.

Is mise Maria. Is Spáinneach mé ach tá mé i mo chónaí in Éirinn le cúpla bliain. Tá mé ag obair i mbialann i mBaile Átha Cliath. Is breá liom an tír seo agus na hÉireannaigh ach tá an saol laethúil an-difriúil. Is as sráidbhaile beag faoin tuath mé. Tá Baile Átha Cliath an-mhór agus an-ghnóthach. San áit a raibh cónaí ormsa, éiríonn na Spáinnigh timpeall a hocht a chlog agus tosaíonn siad ag obair idir a naoi agus leath i ndiaidh a naoi. I mBaile Átha Cliath, éirím ar leath i ndiaidh a sé ar maidin. Téim isteach sa chathair ar an Luas agus tosaím ag obair sa bhialann ar a hocht a chlog. Ólaim cupán caifé go tapa agus déanaim an bricfeasta do na custaiméirí. Ní bhíonn mo bhricfeasta agam féin go dtí leath i ndiaidh a deich. 

Tosaím ag obair arís ar a haon déag agus oibrím go dtí leath i ndiaidh a dó. Ithim mo lón sa bhialann agus ansin téim amach ag siúl nó ag féachaint ar na siopaí, nó bíonn cupán caifé agam le cara. Tosaím ag obair ansin ar a ceathair agus oibrím go dtí a hocht a chlog. 

Má bhím tuirseach, téim díreach abhaile agus féachaim ar an teilifís nó léim leabhar. Go minic, casaim ar mo chairde sa chathair agus téimid chuig scannán. Anois is arís, téimid go dtí an teach tábhairne agus éistimid le grúpa ceoil ag seinm. Is breá liom ceol traidisiúnta – éistim leis ar an raidió go minic agus téim chuig seisiúin sa teach tábhairne in aice le mo theach. Sa samhradh, téim ag siúl cois farraige agus uaireanta, téim ag snámh. Bím saor de ghnáth Dé Domhnaigh agus Dé Luain. Is aoibhinn liom na laethanta sin! 

 

1.Ní itheann sí bricfeasta. 

A Fíor B Bréagach C Ní deirtear 

 

2. Ólann sí caifé san oifig ar a 9 a chlog. 

A Fíor B Bréagach C Ní deirtear 

 

3. Má bhíonn sí tuirseach, téann sí abhaile agus téann sí a luí. 

A Fíor B Bréagach C Ní deirtear 

 

4. Go minic, téann sí chuig scannán le cairde. 

  A Fíor B Bréagach C Ní deirtear 

 

5. Ní maith léi ceol traidisiúnta. 

A Fíor B Bréagach C Ní deirtear 

 

6. Sa samhradh, téann sí abhaile go dtí an Spáinn. 

A Fíor B Bréagach C Ní deirtear 

 

7. Bíonn sí saor ón obair dhá lá gach seachtain. 

A Fíor B Bréagach C Ní deirtear 

____________________________________________________________________________________

Check back soon for the answers and translations!

Photo from Pixabay, CCO.

Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

About the Author: Bridgette

Just your average Irish-American Italo-Francophone. Client Engagement for Transparent Language.


Leave a comment: