Irish Language Blog
Menu
Search

Beirt, Cáis Ghlas, agus an Fhreaslannais Posted by on Jan 29, 2011 in Uncategorized

Tá dhá fhreagra faighte againn anois.  We’ve received two answers so far.

Freaslannach/Gearmánach – 1

Éireannach – 1

Agus Gaeilge mhaith ag an mbeirt acu.  And good Irish at both of them. 

Sin beirt as an liosta.  Go raibh maith agaibh, a Shiobhán agus a Sabine, as scríobh isteach.  Duine ar bith eile?

Hmm, an t-ainm sin, “Sabine.”  Ciallaíonn “Saibíneach” “Sabine” mar aidiacht (ag cur síos ar na Saibínigh a bhíodh ina gcónaí i dTuaisceart na hIodáile).  Tá “Saidhbhín” ar an ainm cailín “Sabina.”  Tagann “Saidhbhín” ón ainm “Sadhbh.”  Cérbh í Sadhbh?  Máthair Oisín.  Ba é Fionn Mac Cumhaill athair Oisín, agus ar ndóigh ní hionann sin is a rá gur lanúin a bhí i Sadhbh agus Fionn.  Ach tuismitheoirí, ar a laghad.  Is dócha nach raibh baint ar bith idir na Saibínigh agus an t-ainm Sadhbh i nGaeilge ach tá na hainmneacha cosúil le chéile.  Suimiúil.

An bhfuil Freaslannais ag duine ar bith eile ar an liosta seachas Sabine?  Ba bhreá liomsa í a fhoghlaim lá den tsaol.  Deirtear go bhfuil an Fhreaslannais níos cosúla le Béarla ná teanga ar bith eile sa domhan.  Níos cosúla fiú ná an Ollainnis (agus tá an Ollainnis iontach cosúil le Béarla freisin). 

Is cuimhin liom an frása thíos a fhoghlaim.  Tá sé beagnach mar a gcéanna sa Bhéarla agus sa Fhreaslannais:

Brea, bûter en griene tsiis is goed Ingelsk en goed Frysk

“Rye bread, butter and green cheese is good English and good Frisian”

Is dócha go dtig linn Gaeilge a chur air sin ach ní bheidh an rithim agus an rím ann:

Arán seagail, im, agus cáis ghlas, sin Béarla maith agus Freaslannais mhaith freisin. 

Bheadh sé go deas cloisteáil ó dhaoine eile.  Dá mhéad is amhlaidh is fearr (the more the merrier). 

Gluais: a bhíodh, who used to be; ag cur síos, describing; baint, connection; beagnach, almost; ciallaíonn, means (an briathar, the verb); faighte, received, gotten; fiú, even (an dobhriathar, adverb, that is, not an aidiacht); is cuimhin liom, I remember; lá den tsaol, some day; lanúin, married or engaged couple; mar a gcéanna, the same; ní hionann, not the same; níos cosúla, more similar; seachas, besides; seagal, rye; iontach, very

Tags: , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Comments:

  1. Mise Áine:

    Éireannach eile anseo, a Róislín!

    • róislín:

      @Mise Áine Go raibh maith agat as scríobh, a Áine. An bhfuil mórán sneachta agaibh faoi láthair? Thart fá throigh go leith ar an talamh anseo agus flichshneachta ag teacht amárach. Sneachta gan stad!

  2. Aidan:

    … agus is Eireannach breise mé, ó Dhún na nGall! Go raibh maith agat as na blaganna – tá siad an-súimiúl, agus cúpla focail nua domsa in achan.

    • róislín:

      @Aidan Go raibh maith agat, a Aodháin. Tá a fhios agam anois go bhfuil cúpla duine, ar a laghad, ó Dhún na nGall ar an liosta. Déanfaidh mé iarracht úsáid a bhaint as tuilleadh Gaeilge Dhún na nGall ó am go ham (“bomaite,” mar shampla!). Tá áthas orm a chluinstin go mbíonn rud inteacht nua duit go minic mar chím go bhfuil an Ghaeilge ar do thoil agat cheana féin!

      Gluaisín d’fhoghlaimeoirí nua: breise, additional; achan = gach aon (deirtear “achan” in Ulaidh); inteacht = eigin = éigineach; chím = feicim


Leave a comment: