Irish Language Blog
Menu
Search

Bia Lá an Altaithe: Mónóga, Puimcíní, Turcaithe, srl. Posted by on Nov 24, 2009 in Irish Language

(le Róislín)

Ar na Ceanadaigh is na Meiriceánaigh is mó atá an cheist seo.   Easaoránaigh, freisin, agus, bhuel, duine ar bith eile a bhfuil suim aige nó aici ann!  Cad iad na cineálacha bia Lá an Altaithe is fearr leat?

 

These will mostly pertain to the Canadians and Americans.  Expats, also, and, well, anyone who’s interested.  What kinds of Thanksgiving foods do you like best? 

 

A Cheanadaigh, brón orm nár tháinig sé seo amach an mhí seo caite, in am do bhur bhféile féin.  B’fhéidir an bhliain seo chugainn!

 

Notes are interspersed here to help with aistriúchán (translation).

 

Feoil: turcaí, ar ndóigh, ní déarfainn go bhfuil an dara rogha ann, seachas ar son na veigeatóirí (feoilséantóirí) agus na veigeán.  Agus ar ndóigh búiste (líonadh) ann.  Cineálacha búiste: soilire, arán arbhair, srl.    

 

Nótaí: ní déarfainn [nee DJAYR-hin] I wouldn’t say; dara rogha [row, like cow i mBéarla S.A.M] second/other choice; seachas, except; feoilséantóir, lit. meat-avoider; veigeán, (of the) vegans; búiste, stuffing; soilire [SIL-irzh-eh] celery; arbhair, of corn

 

Glasraí: casaról pónairí glasa, meacain dhearga, meacain bhána, bachlóga Bhruiséil, oinniúin, agus cineálacha éagsúla prátaí: brúitín, prátaí rósta, gráitín prátaí, agus prátaí faoi uachtar.  Agus prátaí milse, go mór mór prátaí milse candaithe le leamhacháin, agus ionaim. 

 

Nótaí: pónairí, beans; meacan, edible root, can be “dearg” for carrots, or “bán” for parsnips; brúitín, mashed potatoes, uachtar [OO-ukh-tar] cream; milis, milse, sweet; leamhacháin, marshmallows; ionaim, yams

 

Ba chóir dúinn níos mó succotash a ithe, is dócha, in ómós (homage) do na hIndiaigh a chuidigh leis na Pilgrims* sa chéad gheimhreadh (first winter) dóibh anseo.   Cad iad an dá ghlasra (the two vegetables) atá i succotash**?  Duine ar bith?  (Freagra thíos)

 

Tarsainn: súlach, anlann mónóg (geilitíneach nó comhdhlúite), anlann mónóg (neamhchomhdhlúite nó “le caora iomlána”)

 

Nótaí: súlach, gravy; anlann, sauce; geilitíneach, gelatinous; comhdhlúite, condensed; neamhchomhdhlúite [NYOW-KHOH-GHLOO-cheh] uncondensed; caor, berry; iomlán, full

 

Milseoga: caibléireog: úll, fraochán gorm; pióga: úll, mónóg agus gallchnó, puimcín, práta milis.  Uair amháin rinne mé pióg d’fhíonchaora “Comhchorda” (Concord) – bhí sé go maith ach bhí a lán oibre ann.  Glónraithe (glazed) agus le taosrán i gcruth duilleoga, de bhuta leis.  Blasta ach choíche arís!

 

Nótaí: fraochán gorm, blueberry; gallchnó, walnut; fíonchaor, grape, lit. wineberry; de bhuta leis, to boot; choíche arís [KHEE-heh uh-REESH], never again

 

Athrith (re-run) le cineálacha bia cosúil leis seo ag am Nollag do na hÉireannaigh!  I gceann míosa!  Yum!

 

*Tá Gaeilge ar “pilgrim,” cinnte, i. oilithreach, ach de ghnáth ní úsáidtear é ar son na “Pilgrims” i stair Mheiriceá. 

 

**Freagra do “succotash”: pónairí móra (lima beans) agus arbhar Indiach.  I mo thaithí (experience) féin, ar an drochuair, bíonn sé bruite go dtí go bhfuil sé práibeach (mushy), an buille báis (death blow) don bhia seo.  An chéad bhuille?  Is fuath le cuid mhór páistí i Meiriceá pónairí móra, is cuma an t-arbhar Indiach ann nó as.  Ar cheann de na cineálacha bia is mó a bhfuil dímheas air i Meiriceá (one of the most disparaged foods in America).  Fraeic mise, is dócha (guess I’m a freak), is maith liom iad!

Tags: , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: