Irish Language Blog
Menu
Search

Séasúr na dTurcaithe (Turkey Season) Posted by on Nov 24, 2009 in Irish Language

(le Róislín)

An Mháirt, agus dhá lá go Lá an Altaithe.  Séasúr na dTurcaithe sna Stáit. Turcaithe sna fógraí ar an teilifís.  Pardún uachtaráin do thurcaí ámharach amháin ar an nuacht.  Duine i gculaith thurcaí ag bualadh a sciathán taobh thiar de thuairisceoir na haimsire ar maidin.  B’fhéidir duine eile i gculaith thurcaí ina sheasamh taobh amuigh de sheomra taispeántais carranna ag iarraidh cur ar shúile na ndaoine ag dul an bealach go bhfuil lascaine Lá an Altaithe ann.  Go díreach mar a dhéanfaidh Coiníní Cásca ar thomhas daonnaí um Cháisc. Bhuel, is jab é agus caithfidh duine éigin é a dhéanamh!   Pluis, abú! 

B’fhéidir Little Eva ag canadh “C’mon an’ Turkey Trot,” popamhrán ó na seascaidí.  Gach duine ag “caint turcaí.”  Sin breaceolas ar cheiliúradh Shéasúr na dTurcaithe i Meiriceá.  Ó, agus a bheith ag altú!

Á, a lucht dhílis léite an bhlag, ní raibh sé ar intinn agam é sin a scríobh i nGaeilge amháin, ach cad is féidir liom a rá?  Bhí mé ag imeacht as mo chraiceann le háthas ag smaoineamh ar an ábhar.  Seo an miondealú!  Dear blog-readers, I didn’t really intend to write the whole passage in Irish, but what can I say?  I just got carried away thinking about the topic – here’s the breakdown:

An Mháirt, agus dhá lá go Lá an Altaithe: Tuesday, and two days till Thanksgiving

Séasúr na dTurcaithe sna Stáit: Turkey Season in the States

Turcaithe sna fógraí ar an teilifís: Turkeys in the ads on television

Ar an nuacht — pardún uachtaráin do thurcaí ámharach amháin: In the news – a presidential pardon for one lucky turkey

Duine i gculaith thurcaí ag bualadh a sciathán taobh thiar de thuairisceoir na haimsire ar maidin: A person in a turkey costume flapping his wings behind the weather forecaster this morning

B’fhéidir duine eile i gculaith thurcaí ina sheasamh taobh amuigh de sheomra taispeántais carranna ag iarraidh cur ar shúile na ndaoine ag dul an bealach go bhfuil lascaine Lá an Altaithe ann: Perhaps someone else in a turkey costume standing outside a car showroom trying to let passersby know that there’s a Thanksgiving discount

Go díreach mar a dhéanfaidh Coiníní Cásca ar thomhas daonnaí um Cháisc: Just like the human-sized Easter Rabbits will do around Easter

Bhuel, is jab é agus caithfidh duine éigin é a dhéanamh!   Well, it’s a job and someone’s “gotta” do it!

Pluis, abú!  Plush rules! (Well, a bit more literally, “Plush forever!,” from the old Irish battle cry)

B’fhéidir Little Eva ag canadh “Let’s Turkey Trot,” popamhrán ó na seascaidí: Maybe Little Eva singing “Let’s Turkey Trot,” a 1960s pop song 

Gach duine ag “caint turcaí:” Everyone “talking turkey”

Sin breaceolas ar cheiliúradh Shéasúr na dTurcaithe i Meiriceá: That’s a smattering of information about celebrating Turkey Season in America.

Ó, sea, agus a bheith ag altú!  Oh, yes, and giving thanks!  Slán go fóill–Róislín

Nótaí: an Mháirt [un wawrtch] Tuesday, lit. “the Tuesday;” bualadh [BOO-uh-luh] beating; taobh thiar de [teev HEE-ur djeh] in back of; b’fhéidir [BAYDJ-ir, silent f and h] perhaps; culaith, costume; lascaine, discount; ar thomhas daonnaí [err HOHSS DEEN-ee] lit. on the size of a human being; caithfidh [KAH-hee, silent th, f, and dh] must; pluis [plish]; abú [ah-BOO] forever; ar cheiliúradh [err HYEL-yur-uh] on/about celebrating

Tags: , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: