Irish Language Blog
Menu
Search

Cá Bhfuil Tú i do Chónaí? I “mBratach Mheiriceá,” AZ (!) Posted by on Jul 4, 2011 in Uncategorized

(le Róislín)

Oifig an Phoist sa scáilbhaile "American Flag" in Arizona.  Pictiúr ó 9 Meán Fómhair 2013 ag taispeáint go bhfuil an bhratach ar foluain fós.  GRMA, a Ammodramas a ghlac an grianghraf (http://en.wikipedia.org/wiki/File:American_Flag_post_office_from_N_3.JPG); curtha leis an mblag seo 25 Eanáir 2014

Oifig an Phoist sa scáilbhaile “American Flag” in Arizona. Pictiúr ó 9 Meán Fómhair 2013 ag taispeáint go bhfuil an bhratach ar foluain fós. GRMA, a Ammodramas a ghlac an grianghraf (http://en.wikipedia.org/wiki/File:American_Flag_post_office_from_N_3.JPG); curtha leis an mblag seo 25 Eanáir 2014

Bhí mé réidh le níos mó a scríobh faoi na trídhathaigh a bhfuil ceithre dhath orthu, ach tháinig mé ar bheagán eolais faoin scáilbhaile, Bratach Mheiriceá, in Arizona agus shíl mé go mbeadh sé suimiúil blaigín a scríobh faoi.  Ciallaíonn ainm an bhaile “American Flag.”  Go teoiriciúil, d’fhéadfadh duine “Tá mé i mo chónaí i mBratach Mheiriceá” a rá, ach … (agus is mór an “ach” é)!

(Achoimre: So there’s this place in Arizona called “American Flag” …)

Leis an fhírinne a dhéanamh, ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid sin d’áit ann go dtí go raibh mé ar lorg tuilleadh eolais faoi Bhratach Mheiriceá agus tháinig mé air seo. 

(… which I hadn’t heard of until now)

Bhunaigh Isaac Lorraine an baile sna 1870í.  Ba shirtheoir as Martinique é.  Thug sé an t-ainm  “American Flag Mine” ar an mianach a d’oscail sé ansin.    Agus as sin a tháinig ainm an bhaile.  Ní raibh sé riamh mór – b’fhéidir daichead duine nuair a bhí an mianach i mbarr a réime.  Ach bhí oifig phoist ann agus mar sin, ba bhaile é. 

(The name came from the American Flag Mine and at its peak, the town had about 40 residents.  Having a post office gave it official status)

Is scáilbhaile anois é.  Sa bhliain 1884 ní raibh ach cúig dhuine dhéag fágtha sa “bhaile.”  Dúnadh oifig an phoist sa bhaile seo ar an 16ú lá de mhí Iúil i 1890 agus d’imigh na daoine a bhí fágtha ina dhiaidh sin. 

(It’s been a ghost town since the 1890s)

Tá oifig phoist Bhratach Mheiriceá ina seasamh fós agus tá sí ar an National Register of Historic Places.  Níl a fhios agam an bhfuil Bratach Mheiriceá ar foluain taobh amuigh den oifig phoist sin.  Níl a fhios agam cén rialacha a bhaineann le taispeáint bratacha taobh amuigh d’oifigí poist atá buandúnta nó atá buandúnta ach ina láthair stairiúil.  Agus ar ndóigh ní raibh Arizona ina stát go dtí 1912.  Ba chríoch é agus ba oifigí poist críochacha a bhí san áit roimhe sin. 

(The historic post office still stands but I don’t know if it has a flag)

(Nuashonrúchán 25 Eanáir 2014: Tá sé soiléir ón ngrianghraf go bhfuil an bhratach ann fós! – R) 

Duine ar bith ar an liosta seo atá ina chónaí sa chuid sin d’Arizona a mbeadh tuilleadh eolais aige nó aici faoin scáilbhaile?  Nó faoi oifig phoist Bhratach Mheiriceá?  Fáilte roimh nótaí tráchta!

(Anyone local to the area know anything more about it?)

Anois go bhfuil a fhios againn nach bhfuil duine ar bith ina chónaí ann anois, ba chóir ceist mar “Cé a bhíodh ina chónaí i mBratach Mheiriceá, Arizona? “ a rá (san Aimsir Ghnáthchaite).

(So I really should have put my initial question in the past habitual mood, that is, using “bhíodh” or “mbíodh, depending on the specific question)

Mh’anam nach mbíonn cuid de na logainmneacha suimiúil!  An féidir leat Béarla a chur ar na logainmneacha seo a leanas?  Ar ndóigh, is i mBéarla atá siad go hoifigiúil, mar atá “American Flag, AZ.”  Tá sé seo le haghaidh cleachtaidh le stór focal i nGaeilge!  Tá na háiteanna seo go léir i Meiriceá Thuaidh. 

(Unusual place names all over North America, and now you get to practice and test your eolas tíreolaíochta and your stór focal Gaeilge)

1)      Fírinne nó Iarmhairtí

Leid: stát: Nua-Mheicsiceo; iarainm na cathrach seo: Foinsí Uisce Teo

2) Éan i Lámh (nó b’fhéidir: Éan i nGlac)

Leid: stát: Pennsylvania.  Nóta tráchta: i gceantar na nAmanach

3)      Mala Mhoncaí

Leid: stát: Kentucky.  Nóta tráchta: Mh’anam!  Níor smaoinigh mé mórán faoi mhalaí moncaithe roimhe seo!

4)      Ordóg Thiar

Leid: stát: Wyoming.  Nóta tráchta: Is dócha go bhfuil “Ordóg Thoir” sa treo eile.  Hmmm, b’fhéidir nach dócha!

Agus ceann suimiúil i gCeanada:

5)      Hata Leighis

Leid: cúige: Alberta; ainm áitiúil: “An Hata”

And of course, there are plenty of logainmneacha suimiúla i nGaeilge that we can talk about in future blogs.  Just following up on the theme of Lá na Saoirse i Meiriceá (An 4ú Lá de mhí Iúil), of which Bratach Mheiriceá is key part.  So, with the upcoming blog log loaded, sgf ó Róislín  

Gluais: Amanach, Amish; ar foluain, flying, fluttering; bratach, flag; buan, permanent; críoch, territory; críochach, territorial; logainm, place name; scáilbhaile, ghost town (note: not based on “taibhse,” a ghost, but on “scáil,” which primarily means “shade,” “shadow,” “darkness,” but which can also mean “ghost,” especially in the sense of a reflection or image); sirtheoir, prospector; stór focal, vocabulary; tíreolaíocht, geography; trídhathach, tricolo(u)r; tuilleadh, more;

Freagraí: 1, Truth or Consequences, NM; 2) Bird-in-Hand, PA; 3) Monkey’s Eyebrow, KY; 4) West Thumb, WY; 5) Medicine Hat, Alberta

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Comments:

  1. JpusaColleen:

    Go raibh maith agat as an blag seo – an-suimiúil! Is as Nua-Mheicsiceo mé ach níor chuala mé faoin baile sin riamh. Ach is as Cathair Airgead mé. Beannachtaí!

    • róislín:

      @JpusaColleen Go raibh maith agat as scríobh agus as a bheith ag léamh an bhlag. Agus tú i Nua-Mheicsiceo bheadh seans agat cuairt a thabhairt ar an áit sin, Bratach Mheiriceá, is dócha. Is dócha freisin go bhfuil a lán scáilbhailte ar fud an Iarthair i Meiriceá. Ar thug tú cuairt ar cheann r b acu?

    • róislín:

      @JpusaColleen FYI A Chailín, Nuashonrúchán don bhlag faoi “American Flag, AZ” – grianghraf curtha leis. Shíl mé go mbeadh suim agat ann

  2. Brad Wilson:

    Ní bhfuair mé Ordóg Thiar i Virginia Thiar, ach i Wyoming. Bá ar taobh thiar den Loch na Clocha Bhuí is ea í. Tá baile beag suite ar cladach thiar na bá féin a bhfuil an t-ainm chéanna air.


Leave a comment to Brad Wilson