Irish Language Blog
Menu
Search

Cultacha Samhna don Bhliain 2011 Posted by on Oct 18, 2011 in Irish Language

(le Róislín)

As some of you may recall, last year we did a little vocabulary match-up with Halloween costumes.  Let’s try it again for 2011.

Each costume name has two words or phrases in Irish, one in Colún A and the other in Colún B.  One thing to remember is that word order in Irish is frequently the reverse of the English, so Colún A may not come first in English!

Nóta eile: Chuir mé comharthaí athfhriotail (“ …”) thart fá dhá théarma anseo mar ní dóigh liom gur gnáthchomhfhocail iad. 

Colún A:                                   Colún B

1) “Coslampa”                        a) gairdín

2) feairín                                 b) Gryffindor

3) róba                                    c) Uigingeach (Lochlannach)

4) laoch                                   d) zombaí

5) “stocamhoncaí”               e) Scéal Nollag

“Stocamhoncaí,” an ea?  ‘Sea, tá a leithéid sin de chulaith ann, agus cineálacha eile stocamhoncaithe freisin.  Tagann an “gnáthstocamhoncaí” i méideanna do naíonáin go daoine fásta agus tá leagan  “sassy” de ann freisin, do mhná fásta, le gúna agus loirgneáin theolaí!

“Coslampa”?  Sin focal nach gcloisfidh tú go minic ach is cuid de phopíocónagrafaíocht Mheiriceánach anois é, ó 1983 nuair a tháinig an scannán faoi “Ralphie Parker” amach.  Cé hé an “Ralphie Parker” sin?  Leagan ficseanach d’údar an bhunscéil, Jean Shepherd, faoina óige.

Céard fútsa, maidir le cultacha Oíche Shamhna? Cén chulaith is fearr leat, nó cén chulaith ab fhearr leat nuair a bhí tú óg?  Nó an ea nach ndeachaigh tú amach agus culaith Oíche Shamhna ort?  Ní dhéantar é in áiteanna.

An ceann ab fhearr liomsa, ceann a chuir mé féin le chéile as rudaí sa teach agus péint spraeála liath ná “mactíre i gcraiceann na gcaorach.”  Fiosrach?  Níos mó eolais an chéad uair eile.  SGF, ó Róislín

Gluais: amhras, doubt; comhfhocal, compound word; cos, leg (also means “foot” but not here); fásta, grown; feairín, gnome; gnáth-, ordinary; leagan, version; Lochlannach, Scandinavian, sometimes “Viking;” loirgneán teolaí, leg warmer (pl. loirgneáin theolaí, with the adjective lenited because of the plural ending of “loirgneáin,” created by inserting the letter “i”); dála an scéil, focal eile orthu: lóipíní); moncaí, monkey (pl: moncaithe); Uigingeach, Viking (related to the surname “Ó hUiginn” / Higgins)

Freagraí: 1e) Coslampa Scéal Nollag, 2a) feairín gairdín, 3b) róba Gryffindor, 4c) laoch Uigingeach (Lochlannach), 5d) stocamhoncaí zombaí

Nóta: má tá aon amhras agat faoi stocamhoncaithe mar chultacha Oíche Samhna: http://www.buycostumes.com/Zombie-Sock-Monkey-Child-Costume/800412/ProductDetail.aspx

 

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: