Irish Language Blog
Menu
Search

Lá Náisiúnta Arbhar Candaí i S.A.M. = an 30ú Deireadh Fómhair (October 30th) Posted by on Oct 29, 2009 in Irish Language

(le Róislín)

Although there don’t seem to be any taifid ó Chomhdháil na Stát Aontaithe or forógraí uachtaráin for this holiday, it has some popularity in what I’ll call the penchant for Laethe Náisiúnta Mhic Uí Rudaí (National Days of Thingamajigs), sna Stáit Aontaith , ar a laghad.  And these days, we have more and more ways to mark these days, thanks to an tIdirlíon (le cártaí agus féilirí leictreonacha)

 

Cad is “arbhar candaí” ann?  What is “candy corn”?

 

Fad m’eolais ní dhíoltar in Éirinn é ach díoltar i Meiriceá agus i gCeanada é (aon áit eile, a léitheoirí?).  Siúcra, mil, agus síoróp arbhair na comhábhair is mó atá ann.  Bagairt faoi thrí é!  Tá cruth eithne (kernel) arbhar Indiach air. 

 

Tá gach píosa trídhathach (tri-colored).  San Fhómhar bíonn na dathanna ina siombail ar arbhar Indiach: buí, bán agus flannbhuí (nó “oráiste” mar a deir a lán daoine inniu) ach níl aon eithne arbhar Indiach chomh siméadrach [SHIM-ayd-rukh, symmetrical] sa leagan amach (layout)!  Déantar thart fá 35 milliún punt d’arbhar candaí i Meiriceá sa bhliain.  Díoltar an chuid is mó de idir aimsir Shamhna agus Lá an Altaithe (Thanksgiving). 

 

Ag am Lá an Altaithe i Meiriceá díoltar “arbhar candaí” le scéim dathanna (color scheme) eile: flannbhuí (oráiste), bán, agus donn (mar thurcaí rósta?).  Deirtear go bhfuil scéimeanna dathanna eile ann freisin don Nollaig (Arbhar Réinfhia), do Lá Vailintín (Arbhar Cúipid), agus don Cháisc (Arbhar Coinín) ach ní fhaca mé riamh iad.  

 

Maidir leis an bhfocal “candaí” — ní úsáidtear mórán i nGaeilge é ach tá sé sa téarmaí seo: flas candaí, candy floss (aka “cotton candy”) agus cé gur lú i bhfad a blastacht, an leithphéist stríoca candaí (candy-striped worm, Prostheceraeus vittatus)

 

An gnáthfhocal Gaeilge ar an ainmfhocal “sweet” — milseán (rud atá “milis,” sweet).  Tá a lán cineálacha ann, searbhmhilseán (SHAR-uv-VIL-shawn] acid drop sweet) agus milseán miontais (peppermint humbug) ina measc. 

 

Ag caint ar “Laethe Náisiúnta Mhic Uí Rudaí,” seo cuid de na hábhair eile a bhfuil a lá speisialta acu: foclóirí, galf, seacláid, agus frappes (focal Bostúnach ar chreatháin bhainne).  Caveat lector, is dócha go dtabharfaidh mé cuairt ar ábhair mar seo ó am go ham i rith na bliana.  Níos neamhiomráití, níos fearr!  SGF — Róislín

 

Nótaí: taifead, record (n); forógraí, proclamation; na Stáit Aontaithe, the U.S.; na Stát Aontaithe, of the U.S. (note the change from “Stáit” to “Stát” for the possessive form); comhábhar, ingredient; díoltar, is sold; bagairt, threat; faoi thrí [fwee hree], triple; eithne [EH-nyuh, silent “t” but very breathy in the middle] kernel; , less; stríoca, striped; gnáth-, ordinary; ábhar, topic; creathán bainne, milkshake; neamhiomráiteach [NYOW-UM-rawtch-ukh] little-known; níos neamhiomráití, more little-known (!)

 

Arbhar (can be pronounced “AR-uh-vur” or “AR-oor”), corn, grain (in general).  The phrase “arbhar Indiach” can be used to specify “maize,” but “Indiach” is often dropped in compound words or phrases, like “arbhar ar an dias” (corn on the cob).

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: