Irish Language Blog
Menu
Search

Maidir le Succotash (nó msickquatash sa teanga Narragansett) (Cuid a hAon) Posted by on Nov 25, 2010 in Uncategorized

Last time, I promised you a little more on succotash, which is a timely dish for this season, at least in the northeastern United States.  But it’s also a good opportunity to discuss the Irish names of various types of beans (here in part 1) and the different meanings of the word “corn” in Irish, Irish/UK English, and American English (that’ll be part 2). 

So, “sufferin’ succotash,” let’s get started, even if the corn part has to wait for an chéad bhlag eile.  Cad is “succotash” ann?  Ar ith tú riamh é?

Is meascán de phónairí móra (líoma) agus arbhar Indiach (maize) é “succotash.”  Amanna cuirtear píosaí beaga de phiobair dhearga nó de thrátaí ann freisin – cuireann sin dath air agus cuireann sé leis an mblas.  Tagann ainm an bhia seo ón teanga Narragansett (teanga sa teaghlach Algancach), as Rhode Island ó dhúchas, agus tá dhá bharúil ann faoi chiall an fhocail, “eithní arbhair beirithe” (boiled kernels of corn) nó “píosaí briste” (broken pieces). 

Cén cineál pónairí iadsan, na pónairí móra?  Is “butter beans” iad i mBéarla iad ach níl an focal “im” (butter) sa téarma Gaeilge ar chor ar bith.  I mBéarla tá díospóireacht ann faoin difear idir “butter beans” agus “lima beans,” ach ar a laghad, is den speiceas céanna iad, Phaseolus lunatus.  Tá “lima beans” agus “butter beans” cosúil le chéile, tá beagnach an cruth céanna acu ach tá difear sa mhéid agus sa dath (glas, scothbhui), agus tá beagnach an uigeacht chéanna acu, ‘s é sin a rá, stáirseach, i gcomparáid le pónaire mar an phónaire fhrancach, mar shampla.  Is féidir ceachtar acu a úsáid i succotash ach bheadh an chuma níos deise ar succotash a dhéantar leis na pónairí atá glas (líoma) ná leis na pónairí atá scothbhuí (butter beans).  

Chuir mé an focal “líoma” idir lúibíní (parentheses) mar ní shílim go bhfuil an téarma “pónairí móra” an-bheacht, go mór mór leis an díospóireacht faoin chiall atá i gceist.  Is é Peiriú tír dhúchais na bpónairí móra (líoma).  Fásann siad sna hAindéis.  Agus ar ndóigh is í Líoma (Lima) príomhchathair Pheiriú.  As sin a thagann an t-ainm “lima beans.”  Ach maidir le fuaimniú, ní deirtear an “lima” sa téarma “lima beans” mar ainm na príomhchathrach sin, ach deirtear “lima” mar “dime a” i bhfrása mar “dime a dozen” nó mar Lima, Ohio.  Tá an Ghaeilge ar Lima (príomhchathair Pheiriú), “Líoma,” cosúil leis an Spáinnis.   

So that passage above tells us how succotash is made (lima beans and maize, primarily) and introduces two types of beans in Irish.  Here are a few more types of beans, plus some clarification of “pónaire fhrancach

pónairí francacha, French beans, aka “green beans” i mBéarla Mheiriceá

pónairí cacó, cocoa (cacao) beans

pónairí caife, coffee beans

pónairí duánacha, kidney beans

pónairí leathana, broad beans

pónairí soighe, soy (soya) beans

And according to the style of cooking:

pónairí bácáilte, baked beans.  A single baked bean would be “pónaire bhácáilte,” but there’s probably not much need to be so specific.  Why the lenition of bácáilte, changing it to “bhácáilte” [WAWK-awl-tchuh]?  Because “pónaire” is grammatically feminine.  Maybe you noticed the same situation with “pónaire fhrancach” (a french bean, with lenition) and “pónairí francacha” (french beans, with no lenition)

pónairí *athfhriochta.  OK, as far as I can tell, I may have just coined that second word.  No trace of it online, as far as I can tell, and not very likely it’ll be in my 1980s-era book of téarmaí faoi eacnamaíocht bhaile.  Just checked, and nope.  Didn’t think so, given that there probably wasn’t too much discussion of bia Meicsiceach in Irish when that was compiled.  An bhfuil an t-aistriúchán agat?  Muna bhfuil, féach thíos. 

Here’s a fun bean-related term – pónaireán!  Keep in mind that the ending “-án” tends to make a physical item out of an abstract concept, or here, we might say an inanimate object out of a living (sort of) one.  The freagra is thíos, as usual, so you have time to think about it before do shúile stray to the answer.  An example of the abstract to physical change with “-án” would be “eachtrach” (external) and “eachtrán” (an alien, in science fiction).  Of course, the alien is, presumably, alive, so it’s not as though the ending –“án” is limited to physcicalizing the abstract.  Some more examples of “-án” at work are “cos” (foot) and “cosán” (footpath, sidewalk) and “cosc” (prohibition) and “coscán” (brake, of car, etc.).  And of course, our friend the pónaireán. 

An bhfuil sé agat anois?  Muna bhfuil, féach ar an bhfreagra thíos.     

One last dúshlán [doo-hlawn] before we close here.  Can you convert the other bean names to the singular, keeping in mind that “pónaire” is a feminine noun?  I know one might not talk often about beans in the singular, but one could, especially if it’s a pónaire phreabach Mheicsiceach.  So for that last one, since I gave it in the singular, how about changing it to the plural?

And remember, beidharbhar” agus “arbhar Indiach” sa chéad bhlag eile

Gluais: Algancach, Algonquian; ar a laghad, at least; beiriú, to boil; díospaireacht, debate (n); maidir le, regarding; muna bhfuil, if there is not; nach bhfuair, didn’t get; scoth-, -ish (with colors); tráta, tomato; uigeacht, texture

Freagraí: *athfhriochta, refried (tá an réiltín, *, le cur in iúl nach bhfuair mé aon sampla den fhocal seo ar líne ná sna leabhartha ábharthacha a bhí le fáil); pónaireán, bean bag chair

foirm iolra go foirm uatha: pónaire chacó, pónaire chaife, pónaire dhuánach, pónaire leathan, pónaire shoighe

foirm uatha go foirm iolra: pónairí preabacha Meicsiceacha, Mexican jumping beans. 

And the ceistiúcháinín for next time is (… tormáil drumaí …) Which carachtair chartúin were famous for exclaiming “sufferin’ succotash”?  Leid: lacha ceann acu.  Ó, agus cartúin Mheiriceánacha atá i gceist.

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: