Irish Language Blog
Menu
Search

Séamus Ó hÉanaí / Seamus Heaney (1939-2013) Posted by on Sep 6, 2013 in Irish Language

(le Róislín)

Photo credit: Simon Garbutt (Creative Commons)

Seamus Heaney, 1970, Uppingham School, Rutland (Photo: Simon Garbutt, Creative Commons)

Numerous tributes have been written in memory of Seamus Heaney, Ireland’s premier poet of the mid/late 20th- and early 21st-century, who passed away on August 30.  The facts of his biography are too well known to be entered in detail here, but I will highlight a few key points, i nGaeilge, which may also give readers a chance to explore the facts of his life from another language viewpoint.  Although I searched quite a bit on the Internet following Heaney’s death, I can’t say I found much actually written in Irish, either about his life or his passing.  I’m sure there will be more as time goes by, but meanwhile, this is at least a small tribute.  If any readers know of any articles in Irish about him, perhaps you could pass the link on.  Bheadh muid buíoch díbh.

Beatha Shéamus Uí Éanaí

13 Aibreán 1939: Rugadh i dteach feirme an teaghlaigh é (idir An Seanmhullach agus Tuaim, Contae Dhoire)

1953: Bhog an teaghlach go Baile Eachaidh, Contae Dhoire

1966: a chéad leabhar filíochta, Death of a Naturalist

1980: cnuasach aistí, Preoccupations: Selected Prose, 1968-78

1983: a chéad phríomhaistriúchán, Sweeney Astray

1990: dráma, The Cure at Troy, leagan de Philoctetes de chuid Sophocles

9 Mí na Nollag 1995: An Duais Nobel sa Litríocht (Stócólm, an tSualainn)

2004: dráma, The Burial at Thebes, leagan de Antigone de chuid Sophocles

30 Lúnasa 2013: a fhocail dheireanacha, téacsáilte chuig a bhean, “Noli timere” (Ná bíodh eagla ort), bunaithe ar an Laidin, “Habete fiduciam ego sum nolite timere.” (Matha 14:27, i nGaeilge: Bíodh misneach oraibh.  Mise atá ann.  Ná bíodh eagla oraibh).  Tá an bhunLaidin agus an Ghaeilge sa Bhíobla san fhoirm iolra (Laidin: nolite timere, be ye not afraid, Gaeilge: ná bíodh eagla oraibh, let there not be fear on you all)

30 Lúnasa 2013: bás i mBaile Átha Cliath,

30 Lúnasa 2013: na hailt nuachta ba luaithe faoi bhás Shéamus Uí Éanaí ar tháinig mise orthu:

11:22 roimh nóin MAG (meán-am Greenwich; do dhaoine ar chósta thoir na Stát Aontaithe, sin 06:22 roimh nóin ACO, Am Caighdeánach Oirthearach, i. EST)

http://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/tributes-paid-to-keeper-of-language-seamus-heaney-1.1510607

10:35 roimh nóin MAG (05:35 ACO, Am Caighdeánach Oirthearach, i. EST)

http://www.dailymail.co.uk/news/article-2406672/Seamus-Heaney-humble-heart-throb-poetry-Nobel-Prize-winner-dies-74.html

2 Meán Fómhair 2013, sochraid i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath; adhlacadh i mBaile Eachaidh, Co. Dhoire, áit a bhfuil a thuismitheoirí agus a dheartháir óg, Christopher, curtha, chomh maith le baill eile den teaghlach.

Seamus Heaney (2009, University College, Dublin; Photo credit: Sean O'Connor)

Seamus Heaney (2009, University College, Dublin; Photo: Sean O’Connor)

Bhí mé ag iarraidh a fháil amach cén t-am go díreach a fuair Ó hÉanaí bás.  Níl a fhios agam cén fáth a bhfuil mé fiosrach faoi sin agus ní raibh mé ábalta teacht ar an eolas sin.  Ach do dhaoine i Meiriceá Thuaidh, bhí sé go moch sa mhaidin.  D’éirigh an ghrian thart fá 06:25 an mhaidin sin (30 Lúnasa) agus tá mé ag déanamh gur éirigh a lán daoine thart fán am sin agus gur chuala siad an nuacht bhrónach go díreach ag an am sin.  Solas an lae ag teacht ach ga mór amháin sholas na filíochta ar shlí na fírinne.  Requiescat in pace, a Shéamuis, agus go raibh maith agat as do chuid smaointí, do chuid filíochta agus as síniú cúpla leabhar dom.  Is taiscí níos taiscithe dom anois iad.  – Róislín

Naisc do bhlagmhíreanna faoi Heaney sa tsraigh seo, an bhlagmhí r seo ina measc :

Séamus Ó hÉanaí / Seamus Heaney (1939-2013)Posted by róislín on Sep 6, 2013 in Irish Language

Ag Caint faoi Heaney, a shaol agus a bhás (i nGaeilge) agus gluaisPosted by róislín on Sep 11, 2013 in Irish Language

Seamus Heaney and the Irish Language (Cuid a hAon as ‘N’Fheadar’)Posted by róislín on Sep 15, 2013 in Irish Language

Seamus Heaney and the Irish Language (Cuid a Dó as Trí)Posted by róislín on Sep 19, 2013 in Irish Language

Seamus Heaney and the Irish Language (Cuid a Trí as Trí)Posted by róislín on Sep 22, 2013 in Irish Language

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Comments:

  1. Tom Gallagher:

    Ma’ ata’ rugadh e’ cinnte I nGaoth Dobhair nios mo’ a bheadh scriofa

    • róislín:

      @Tom Gallagher Go raibh maith agat as scríobh isteach, a Tom. Tá an ceart agat–dá mba rud é gurbh fhile Gaeilge é, bheadh níos mó scríofa faoi i nGaeilge, gan dabht.

  2. An Croí Ait:

    • róislín:

      @An Croí Ait Go raibh maith agat as sin, a Chroí Ait. Scríofa go halainn!

  3. Tomás ÓBroin:

    An chuid eile i síocháin Seamus!


Leave a comment to An Croí Ait