Irish Language Blog
Menu
Search

An Vaidhtéir Ab Óige Riamh: Logan Stevenson, 22 Deireadh Fómhair 2010-5 Lúnasa 2013 Posted by on Aug 14, 2013 in Irish Language

(le Róislín)

Normally when we talk about children participating in weddings, it’s either as iompróirí fáinne or as cailíní bláthanna.   But I recently read a heart-breaking story about a young boy, terminally ill, who served as vaidhtéir (best man) at his parents’ wedding.  Ní raibh sé ach dhá bhliain d’aois.

Cén fáth an brú seo, leanbh chomh hóg sin a bheith ina vaidhtéir ag bainis?  Bhí an buachaill bocht an-tinn; an ailse (leoicéime) a bhí air.  Earlier in July, the parents found out that this young boy had only a few more weeks to live.  When the seriousness of the boy’s condition was discovered, the entire wedding service was planned in approximately one week.   The original intention was to have the wedding in 2014, but given the situation in late July, the ceremony was held on August 3, 2013.  Bhí an searmanas i Jeannette, Pennsylvania, in aice le Pittsburgh.

Bhí Logan Stevenson ina vaidhtéir.  His parents wanted him to be present as they wed.  The news reports describe him as looking “dapper” in a pinstriped suit.

Níl aithne ar bith agam ar an teaghlach ach bhris mo chroí faoi dhó nuair a léigh mé go bhfuair sé bás dhá lá tar éis na bainise. 

Bhí nia agam nár mhair lá agus bhí col ceathar agam a fuair bás (leoicéime arís) nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois.   Fuair páirtí ranga bás (leoicéime faoi thrí) nuair a bhí muid trí bliana déag d’aois.  Tá sé an-bhrónach nuair a fhaigheann páiste ar bith bás, ach an scéal seo, scéal Logan, caithfidh mé a rá gur chuir sé tocht ar mo chroí.    

Níl a fhios agam an bhfuil baint ar bith le hÉirinn ag Logan agus a thuismitheoirí, Christine (Swidorsky) agus Seán Stevenson, ach le “Logan” ar an mac agus “Seán” ar an athair, déarfainn go bhfuil.  “Ó Leocháin” atá ar an ainm “Logan” mar shloinne i nGaeilge (i.e. descendant of Leochán).   Cuirtear “Loghan” agus “Lohan” air i mBéarla freisin.

Requiescat in pace, a Leocháin.  Mo chomhbhrón le do mhuintir agus fiú leis an gceathrar Bun Bun a bhí agat.

Coiníní stuáilte a bhí sna Bun Bunannaí sin, le cluasa liobarnacha agus gnúis thaitneamhach tharraingteach.  Bhí ceathrar acu aige mar bhréagáin mar go minic bhí cúpla ceann acu sa níochán.  Bréagáin uaigneacha a bheas iontu as seo amach.  Ach is dócha go bhfuil siad i gcuideachta bréagán eile a chaill a bpáistí/úinéirí, mar shampla na bréagáin sa scannán Toy Story agus roimhe sin, An Coinín Veilbhitín.

Pictiúirí de Logan, dena thuismitheoirí, de Bun Bun amháin, agus d’íomhánna beaga de Logan agus de Bun Bun mar chuid de mhaisiúchán an chíste bainise anseo:

http://triblive.com/news/westmoreland/4455736-74/logan-stevenson-support#axzz2cv9ZfaBs

http://www.nydailynews.com/news/national/dying-2-year-old-pennsylvania-couple-best-man-wedding-article-1.1416838

Go brónach,

Róislín

Gluais: ab óige, youngest; baint, connection; bás, death; bréagán, toy; císte bainise, wedding cake; col ceathar, cousin; croí, heart; íomhá, image, statue; nia, nephew; páirtí ranga, classmate; sloinne, surname; stuáilte, stuffed; tocht, stoppage, an emotional catch in voice, etc.; uaigneach, lonely; vaidhtéir, best man (at a wedding)

P.S. I suppose there is no way to be completely sure if Logan was actually the youngest best man at any wedding ever, but if there are any little boys who served in that role at a younger age, I hope it was under happier circumstances.

Tags: , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Comments:

  1. Mise Áine:

    Scéal an-bhrónach ar fad, a Róislín. Líon mo shúile féin, agus é á léamh agam.

    Is ait an mac an saol. Deacair na nithe seo a thuiscint..:-(

    • róislín:

      @Mise Áine Go raibh maith agat as scríobh, a Áine. Maidir leis an saol, is ait an mac é, cinnte, mar a deir tú. Ach ar a laghad bhí Logan ábalta a bheith páirteach agus is sólás de shaghas éigin é sin.


Leave a comment: