Irish Language Blog
Menu
Search

Cad Is *Tófurcaí Ann? Posted by on Nov 15, 2011 in Irish Language

(le Róislín)

Is bia veigeatórach é “tófurcaí,” déanta as tófú nó as seitan (prótéin chruithneachta) i gcruth builín (loaf) nó i gcasaról.  Cá ndeachaigh an litir “t” a bhí san fhocal “turcaí”?  An áit chéanna ina bhfuil an litir “t” a bhí san fhocal Béarla “turkey” nuair a cumadh “tofurkey.”  Imithe mar gheall ar rith (flow) an fhocail.  Ar ndóigh, thiocfadh linn an focal a litriú le “-th-“ sa lár, mar seo, “*tófthurcaí” ach go minic fágtar litir shéimhithe (lenited) as an áireamh nuair a chumtar comhfhocal.  Tharla sin sna focail “muiceoil” (muc + feoil) agus “oiseoil” (os + feoil).  Bhíodh (used to be) an “-fh-” ann (muicfheoil) ach bíonn “fh” balbh (tostach) i nGaeilge agus mar sin ní raibh difear ar bith san fhuaimniú:

muicfheoil [mwik-yoh-il], pork

muiceoil [mwik-yoh-il], pork

I gcomparáid, tá an focal “el tofupavo(tofurkey) i Spáinnis agus tá túslitir an fhocail “pavo,” “p,” san fhocal fós.   Aestéitic atá i gceist, is dócha.  Tá rith maith ar “tofupavo” mar fhocal Spáinnise, sílim (más fiú tada mo bharúil ar ábhar aestéitic na Spáinnise!), ach ní shílim go bhfuil rith maith ag “tofuturkey” ná ag “tófthurcaí.”  Maidir leis na focail “tófurcaí” agus “tófthurcaí,” is é cuma (appearance) an fhocail is mó atá i gceist agam anseo.  Níl mórán difir san fhuaimniú:

tófurcaí [toh-FURK-ee]

tófthurcaí [tohff-HURK-ee]

So having said all that, and having weighed the various possibilities for spelling “tofurkey” in Irish, which of these could you have as a side dish, assuming you were putting together a béile veigeatórach, or more rigorously still, béile veigeáin?  Freagraí thíos. 

1)      prátaí rósta

2)      brúitín (prátaí brúite le bainne agus le him)

3)      súlach (gnáthshúlach le heagaoisí agus a leithéid)

4)      súlach gan fheoil

5)      cúróg cháise

6)      ionaim

7)      cúróg sheacláide (mar mhilseog)

Caint ar thófurcaí i nGaeilge?  Focal ní bhfuair mé air i nGaeilge in áit ar bith ar an Idirlíon.  B’fhéidir go mba chóir dom cuairt a thabhairt ar chumann veigeatóirí in Éirinn.

Agus maidir le “Tofurky” ™, much as there is a world of difference between “whiskey” and “whisky,” at least according to the connoisseurs, there is also a major difference between “tofurkey” and “ Tofurky.”  “Tofurkey” is an “ainmfhocal aicmeach” (generic noun) but “Tofurky” is an “ainm branda” (brand name, v. http://www.tofurky.com/)

Ar bhealach, tá an saol níos simplí mar níl  an t-éileamh ar “faux turkey” chomh mór in Éirinn (sa Ghaeltacht)  is atá sé i Meiriceá.  Bheadh sé deacair an t-idirdhealú a dhéanamh idir “tofurkey” (aicmeach) agus “tofurky” (branda) mar is ionann an fhuaim “-ey” agus “-y,” scríofa i nGaeilge mar “aí.”

SGF, Róislín

Freagraí: 1, 4, 6 ceart go leor; 2, 5, 7 ceart go leor má itheann an duine tairgí déiríochta agus uibheacha; 3 cosc air (prohibited)

Gluais: bainne, milk; cruithneacht, wheat; cúróg, soufflé; eagaois, gizzard; éileamh, demand (in marketing, etc.), claim; gnáthshúlach [GNAW-HOO-lukh, remember the “g” here is pronounced, not like the English verb “to gnaw”], ordinary gravy; im, butter (le him, with butter), ionaim, yams

Perhaps there’s a way to make cúróga without uibheacha or tairgí déiríochta, but if so, I’m not aware of it.  Oideas (recipe) ag duine ar bith?  

 

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: