Irish Language Blog
Menu
Search

Cad Is *Turlaicín Ann? (Discussing ‘Turducken’ in Irish) Posted by on Nov 18, 2011 in Irish Language

(le Róislín)

Más neamhchoitianta agus réasúnta nua an bia sin “tófurcaí,” a bhí sa bhlag is déanaí, cén t-ainm a bheadh air seo – turcaí agus lacha agus sicín?  *Turlachín, an ea?  Ní hea, ní bheadh sa rud sin ach “turcaí” agus “lachín” (duckling).  “*Turlaicín,” mar sin, is dócha, más fiú Gaeilge a chur air.  Tá cling dheas air, sílim, mar fhocal Gaeilge.  Hmmm!  “Turducken,” pé scéal é, i mBéarla.  Mholfainn “*turlaicín” a chur air ach caithfidh mé a admháil nach bhfaca mé in áit ar bith ar an Idirlíon é (fós!). 

Ar ndóigh, ní bia veigeatórach ná bia veigeáin (mar thófurcaí) é seo, ach a mhalairt.  Trí chineál feola atá ann, an dá cheann is lú (lacha, sicín) istigh sa cheann is mó (turcaí), iad neadaithe de réir méide.  Mar sin tugtar “three-bird roast”“triple-bird roast” air i mBéarla amanna, ach ní bhfuair mé Gaeilge dhearbhaithe orthu siúd (“rósta trí éan,” is dócha, a bheadh air, dá mbeadh a leithéid d’fhocal ann). 

 

 

 

 

 

 

 

 

De réir cosúlachta, is ó Dheisceart Mheiriceá a tháinig an nós cócaireachta seo, ó Louisiana le bheith cruinn.  Feicfidh tú turlaicíní le díol ar an Idirlíon.  Bíonn idir US$60 agus US$95 orthu de ghnáth.  Ar ndóigh, ní fhaca mé suíomh Idirlín i nGaeilge a raibh turlaicíní le díol air!

Cén chaoi a ndeirtear “turducken” i dteangacha eile?  Ní bhfuair mé ach “turducken” ar an Idirlíon air seo i bhFraincis.  Dé réir cosúlachta, mar sin, fanann an t-ainmfhocal seo i mBéarla agus ní dhéantar focal portmanteau as “dinde-canard-poulet.” Ach fuair mé amas amháin do leagan Gearmáinise de, Trutentchen (Truthahn-Ente-Hähnchen) agus leagan amháin i Spáinnis, “pavpatollo.”  An ceann deireanach ar shuíomh a bhfuil ainm feiliúnach air, “Curiosidades Gastrnómicas” (http://curiosidadesgastronomicas.com/?p=271).

Maidir leis na focail “turcaí” agus “lacha” agus “sicín,” seo na foirmeacha.  Tá “turcaí” agus “sicín” iontach díreach mar ainmfhocail (sa 4ú díochlaonadh) ach tá “lacha” sa 5ú díochlaonadh agus mar sin tá cuma cineál neamhrialta air (not that it’s really irregular, just 5th-declension, but that’s starting to look irregular these days, since it’s rarely tackled systematically). 

turcaí, círín agus sprochaille an turcaí; na turcaithe, círíní agus sprochaillí na dturcaithe

lacha, ubh na lachan; na lachain, uibheacha na lachan (N.B. “of the duck” is the same as “of the ducks”)

sicín, nead an tsicín; na sicíní, neadacha na sicíní

Agus babaithe, dála an scéil?

éan turcaí (turkey chick)

lachín (duckling, lit. little duck) or éinín lachan (lit. “chick/bird of duck”)

scalltán (unfledged chick) or eireog (fledged), or more generally, éan circe (lit. “chick/bird of hen”)

Mh’anam, níl deireadh leis na féidearthachtaí!  “Gooducken” (le gé in ionad turcaí) agus “turbaconducken” – focal a bhfuil a mhíniú féin ann!  Bhuel, ábhar do bhlag éigin eile é más ábhar do bhlag ar bith é.  Got “goile”? – SGF, Róislín

Gluais: a bhfuil a mhíniú féin ann, self-explanatory; amas, hit (on website); anam, soul (mh’anam!, my soul); babaí, baby; círín, comb (on rooster, turkey, etc.); cling, ring; dearbhaithe, attested; díreach, straightforward;, goose; goile, appetite; ionad, place; malairt, opposite; nead, nest; neamhchoitianta, uncommon; neamhrialta, irregular; sprochaille, wattle

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: