Irish Language Blog
Menu
Search

Céard a déarfá dá mba thusa … Posted by on Feb 15, 2016 in Irish Language

www(le Róislín)

Seo deich n-abairt le líonadh isteach le mianta agus le manaí agus le hathfhriotail.

Is féidir dhá fhreagra nó níos mó a úsáid le cuid acu seo. Agus amanna téann freagra amháin le cúpla frása. Ar ndóigh, ní raibh Gaeilge ag na daoine atá luaite sna habairtí seo (fad m’eolais) ach cuir i gcás go raibh Gaeilge acu …

There are seventeen answers in the word bank and just 10 questions so you can double them up as you see appropriate. Is féidir focail eile a roghnú freisin, as do shamhlaíocht féin; tá freagraí samplacha thíos. You can choose other words as well, from your imagination; representative answers are below.

Banc Focal:        taoschnó             scuab nua          bunúsach            Is lománaí mé                   bainne

mo thuismitheoirí a fheiceáil     is lá eile é an lá amárach             an mhairteoil                    iasc

mainéar (teach tiarna)                 is dócha         Catherine Earnshaw         buidéal beorach

díoltas       gan a bheith i dteach Slytherin       carbhat leadránach eile agus dath modartha liath air 

Tá níos mó uaim (an frása a mhol Áine mar nóta tráchta anseo cúpla bliain ó shin; nasc thíos — GRMA arís, a Áine!)

Na hAbairti

  1. Céard a déarfá dá mba thusa Harry Potter? “Ba mhaith liom ______________.”
  2. Céard a déarfá dá mba thusa Homer Simpson? “Ba mhaith liom ____________.”
  3. Céard a déarfá dá mba thusa Heathcliff (an fear)? “Ba mhaith liom __________.”
  4. Céard a déarfá dá mba thusa Heathcliff (an cat)? “Ba mhaith liom __________.”
  5. Céard a déarfá le Dr. Watson dá mba thusa Sherlock Holmes? “________, a Watson dhílis!”
  6. Céard a déarfá dá mba thusa Henry Stanley? “An Dochtúir Livingstone, _______”
  7. Céard a déarfá dá mba thusa Oliver Twist agus tú i dteach na mbocht? “________”
  8. Céard a déarfá dá mba thusa Scarlóidín Ní Eadhra? “Ar deireadh thiar thall, __________.”
  9. Céard a déarfá dá mba thusa an ban-aisteoir Clara Peller? “Cá bhfuil _________?”
  10. Céard a déarfá (nó “a chanfá” sa chás seo) dá mba thusa Michael Palin? ” ___________ agus tá mé ceart go leor.”

Tá súil agam gur bhain tú sult as sin agus go bhfuair tú cleachtadh leis an diabhal ‘Modh Coinníollach’ sin. — SGF  – Róislín

Nóta a hAon:

As you can see, these are fun sentences for practicing the oft-dreaded “Modh Coinníollach.” The conditional mood verb forms as presented here are quite limited though — the fun part (tá súil agam) is thinking of the quotation or catchphrase associated with the character or person. The actual conditional verb forms are:

a)) déarfá, you would say

b)) dá mba thusa, if you were (i.e. if you would be) … This form is used when the “linking verb” is needed.  To simply say “I am Harry Potter,” you’d use “is” (Is mise Harry Potter).  To say sentences like “If you were here” or “If you were satisfied,” which don’t require the linking verb, you’d use “Dá mbeifeá … “.

c)) ba mhaith liom, I would like …

Nóta a Dó
a) Dála an scéil, for a little more on Katie Scarlett’s famous quote, please see the following blog: ‘Is Lá Eile É An Lá Amárach’ … agus ‘Lá an Oirthear’ (More on ‘After’ in Irish). Posted on 24. Oct, 2010   by róislín in Irish Language ( https://blogs.transparent.com/irish/“is-la-eile-e-an-la-amarach”-…-agus-la-an-oirthear-more-on-“after”-in-irish/ )

b) Six Ways to Say, “I Want Some More” in Irish (ag cur Gaeilge ar athfhriotal clúiteach Oilibhéir)
Posted on 10. May, 2014 by róislín in Irish Language https://blogs.transparent.com/irish/six-ways-to-say-i-want-some-more-in-irish-ag-cur-gaeilge-ar-athfhriotal-cluiteach-oilibheir/ )

Na Freagraí — seo freagraí samplacha ach tá siad tipiciúil — is féidir leat d’fhreagra féin a chumadh:

  1. Céard a déarfá dá mba thusa Harry Potter? “Ba mhaith liom mo thuismitheoirí a fheiceáil / gan a bheith i dTeach Slytherin / scuab nua.”
  2. Céard a déarfá dá mba thusa Homer Simpson? “Ba mhaith liom taoschnó / buidéal beorach.”
  3. Céard a déarfá dá mba thusa Heathcliff (an fear)? “Ba mhaith liom talamh, mainéar, Catherine Earnshaw agus díoltas.”
  4. Céard a déarfá dá mba thusa Heathcliff (an cat)? “Ba mhaith liom bainne agus iasc..”
  5. Céard a déarfá le Dr. Watson dá mba thusa Sherlock Holmes? “Bunúsach, a Watson dhílis!”
  6. Céard a déarfá dá mba thusa Henry Stanley? “An Dochtúir Livingstone, is dócha.”  Nó b’fhéidir, “A Dhochtúir Livingstone, is dócha,” depending on if we consider the phrase “Dr. Livingstone” to be an identification, as in “Tusa an Dochtúir Livingstone, is dócha!” or a greeting, with “direct address,” (“a Dhochtúir Livingstone“). The English quotation avoids the issue because English has no vocative particle (like the Irish “a“) and it doesn’t use the definite article (“an“) with titles, the way Irish does (An Dochtúir/Doctor; An tOllamh/ Professor; An tAthair/Father, An tSiúr/ Sister, srl.). Whether Stanley ever really said this exact phrase doesn’t really concern us here–we’re just practicing Irish!
  1. Céard a déarfá dá mba thusa Oliver Twist agus tú i dteach na mbocht? “Tá níos mó uaim, le do thoil, a dhuine uasail.”
  2. Céard a déarfá dá mba thusa Scarlóidín Ní Eadhra? “Ar deireadh thiar thall, is lá eile é an lá amárach.”
  3. Céard a déarfá dá mba thusa an ban-aisteoir Clara Peller? “Cá bhfuil an mhairteoil?”
  4. Céard a déarfá (nó “a chanfá” sa chás seo) dá mba thusa Michael Palin? “Is lománaí mé agus tá mé ceart go leor.
Tags: , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: