Irish Language Blog
Menu
Search

Comhrá le Cat Posted by on Jun 21, 2017 in Irish Language

(le Róislín)

Since so many of you seemed to enjoy the recent piscín gleoite (cute kitten) post (nasc thíos), I figured I’d extend the topic with an conversation with a cat.  Many of the questions could easily be transformed into dialogues between people about cats, since, mostly, we assume cats don’t really talk, even if they do communicate.   Likewise, we could also imagine that the comhrá is “cat ag caint le cat.”  No special reason to assume that “mise” has to be human.   So, cat-to-cat, cat-to-person, or person-to-person, seo an comhrá.

And btw, the remainder of this post will be pretty much completely in Irish, unlike my usual bilingual, back-and-forth style.  Cén fáth (why)?  Because that’s how the “mews” struck me (Mar sin mar a bhuail na naoi mbéithe mé).  And actually that last bit means, “because that’s how the nine muses struck me.”  Beagán d’áibhéil fhileata ansin  – naoi mbéithe, muise.   Nach leor bé amháin?

The next post will include the translation, notes, and a “gluais.

Mise:  Dia dhuit,

Cat: Dia ‘s Muirrre dhuit.

Mise: Cén t-ainm atá ort?

Cat: Mise Fluffy.

Mise: Agus cén t-ainm atá ar d’úinéir?

Cat: Ise?  ‘S é Máirrrín an t-ainm atá uirthi.  Tá sí ina seasamh thall ansin.  Agus cén t-ainm atá ortsa?

Mise: Bhuel, iontas na n-iontas!  Mise Máirín freisin.

Cat: Tusa Máirrrín eile?

Mise: Is mé.  Cén fáth a deir tú, “Máirrrín” le tri “R”?

Cat: Mar tá mé ag crónán agus ag caint ag an am céanna.

Mise: Ó, tuigim.  Tá áthas orm go bhfuil tú ag crónán.  Taispeánann sé sin go bhfuil tú sona sásta.

Cat: Tá áthas orrr-um.

Mise: Tá tú ag crónán fós.  Go deas.  Ar aon chaoi, ar ais go dtí ár spruschaint.  Cá as thú?

Cat: Is as Iúr Cinn Trá mé.

Mise: Iúr Cinn Trá?  Cad é sin i mBéarla?

Cat: Mewry!

Mise: “Mewry,” an ea?  Siúráilte níl tú i ndáiríre!

Cat: Níl.  Níl mé ach ag magadh chugat. “Newry” an t-ainm ceart atá ar an áit i mBéarla.

Mise: Ó, “Newry,” tuigim anois.  Tugtar “An Iúir” air freisin, nach dtugtar?

Cat: Tugtar.

Mise: Ar ábhar eile, cén pór cait thú?

Cat: Is cat Siamach mé.  Is dócha go bhfuil sé sin réasúnta soiléir.

Mise: Tá, ar ndóigh.   Cad é an bia is fearr leat?

Cat: Bradán.  Is maith liom go mór é.

Mise: An maith leat miontas cait?

Cat: An ndéanann béir a mún sna coillte?

Mise: Cén sórt freagra é sin?

Cat: Freagra frithbhearta do cheist amaideach.

Mise: Ó, tá brón orm.  Ní raibh a fhios agam gur ceist amaideach a bhí ann.  Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí mé ag iarraidh mo chuid Gaeilge a chleachtadh, leis an struchtúr sin “is + maith + le …”

Cat: Ó, bhuel, más ag iarraidh a bheith ag cleachtadh Gaeilge atá tú, leanfaidh muid ar aghaidh.  Dúirt tusa, “An maith leat miontas cait?” sa modh ceisteach, le ‘an’ + ‘maith’ + ‘le’ + an forainm ‘tú,’ .i. leat.”  Seo m’fhreagra: Is maith liom go mór miontas cait.  Agus ar ndóigh, múnann béir sna coillte.

Mise: Maidir leis na béir, múnann.  Agus go raibh maith agat as an gcleachtadh Gaeilge.  Tá mála de mhiontas cait i mo charr.  Gheobhaidh mé duit é tar éis ár gcomhrá.

Cat:  Ó, nach tú an bhean lách fhlaithiúil?  Tá mé ag tnúth leis sin!

Mise: Cinnte, beidh sé agat, ach ba mhaith liom ceist amháin eile a chur ort roimh ré, mura mhiste leat.

Cat: Fadhb ar bith, is cat stuama staidéarach mé.

Mise:  Seo mo cheist deiridh.  An bhfuil seanfhocal ar bith ina luaitear cait?  I nGaeilge, ar ndóigh.  Tá cúpla ceann ar eolas agam i mBéarla cheana féin (mar shampla, “A cat may look at a king, you know,” nó an ceann mailíseach faoi ligean an chait amach as an mála — cén fáth a raibh an cat sa mála ar aon chuma?)

Cat: Tá seanfhocail faoi chait ann, cinnte.  Seo ceann: “Briseann an dúchas trí shúile an chait.”

Mise: Cad is ciall leis sin?

Cat: Ciallaíonn sé gur treise dúchas ná oiliúint.

Mise: Agus cad a chiallaíonn sin?

Cat: Seo leagan traidisiúnta Béarla: What’s bred in the bone will come out in the flesh.

Mise: Agus cad a chiallaíonn an Ghaeilge focal ar fhocal?

Cat: An chéad leagan, “Heritage shows (lit. breaks) through the eyes of the cat.”

Mise: Agus an dara leagan?

Cat: “Heritage is stronger than training.”  Ach, ar ndóigh, ní luaitear cait sa dara leagan.

Mise: Ní luaitear, ach tá an bhunchiall chéanna ann.  Bhuel, bhí sé go han-deas a bheith ag caint leat.

Cat: Bhain mé féin sult as ár gcomhrá freisin.

Mise: Gheobhaidh mé an miontas cait anois.  Slán agat go dtí go dtagaim ar ais!

Cat: Slán leat ach tar ar ais go luath!

______________________________________________________

Sin deireadh leis an gcomhrá.  Tá súil agam gur bhain tú sult as!  — RRRóislín

Nasc don bhlagmhír faoi phiscíní gleoiteAn bhfuil peata agat?  Talking about Pets in Irish: Piscíní (Kittens)Posted by  on Jun 16, 2017 in Irish Language

For a follow-up to this topic, please see: Aghaidheanna Cat (Faces of Cats) — Their Main Features in Irish Posted by  on Jun 25, 2017 in Irish Language

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: