Irish Language Blog
Menu
Search

Séasúr na Nollag (The Christmas Season) – Ó Thús go Deireadh (From Beginning to End) Posted by on Dec 24, 2011 in Irish Language

(le Róislín)

Ceist mhaith, nach ea?  Cathain a thosaíonn séasúr na Nollag? Braitheann sé, is dócha, ar an áit ina bhfuil tú.  I Meiriceá?  In Éirinn?  In áit eile?

Ar bhealach d’fhéadfadh muid a rá go dtosaíonn an Nollaig i mí Iúil mar bíonn an oiread sin de rudaí a bhaineanns leis an gcoincheap sin.  B’fhéidir gur thosaigh sé leis an scannán Christmas in July (1940) nó b’fhéidir go raibh an coincheap ann roimhe sin.  Níl a fhios agam.  Ach faoi láthair tá thart fá 4,000,000 tagairt do Christmas in July mar théarma cuardaigh (sin i gcomharthaí athfhriotail leis!).  Fiosrach faoi “Nollaig in Iúil” (i nGaeilge) mar théarma cuardaigh? – gan ann ach amas amháin agus téann an ceann sin ar ais go dtí an blag seo (https://blogs.transparent.com/irish/aoine-dhubh-aoine-an-bhreacain-agus-cibearluan-tearmai-siopadoireachta-iar-la-an-altaithe/)!  Fuair mé dhá amas do “Nollaig i mí Iúil” (le “”) ach níor oibrigh ceachtar acu agus pé scéal é, ní mórán dhá amas d’ábhar sa lá atá inniu ann.  Is dócha go dtig linn a rá, mar sin, nach mbactar mórán le “Nollaig in Iúil” in Éirinn.

What’s the next landmark date then?  I Meiriceá, cinnte, Oíche Shamhna (31 Deireadh Fómhair).  Go díreach an mhaidin i ndiaidh na hoíche sin, tosaíonn margaíocht na Nollag i ndáiríre.  Ach i Meiriceá tagann Lá Altaithe idir Oíche Shamhna agus an Nollaig agus mar sin bíonn an dá shórt margaíochta “gob ar ghob” – margaíocht Lá Altaithe (turcaithe plaisteacha, srl.) agus margaíocht na Nollag (Daidithe na Nollag plaisteacha, drualus plaisteach, srl.)  Ar feadh thart fá mhí, ar a laghad, go dtí Lá Altaithe é féin.  Agus ansin, an mhaidin i ndiaidh Lá Altaithe, níl aon éalú ó mhargaíocht na Nollag.  Aoine Dhubh, Cibearluan, srl.  Maisiúcháin, caiféanna latté le lus an phiobair, gimicí díolacháin go leor, lascainí réamh-Nollaigceol Nollag in ardaitheoirí (aon Ghaeilge ar “mhuzak”?  Is trádmharc é “muzak,” mar sin déarfaimid “ceol timpeallach”!).

Ní dóigh liom go bhfuil rás mhargaíocht na Nollag chomh láidir in Éirinn is atá sé sna S.A.M.  Ar a laghad, ní dóigh liom go bhfuil sé chomh láidir chomh luath is atá sé sna S.A.M, go díreach i ndiaidh Oíche Shamhna.  In Éirinn níl lá saoire mór mar Lá Altaithe ann mar atá sna Stáit Aontaithe is de bhrí sin níl an mhearchiall siopadóireachta chomh dian i mí na Samhna.

That’s not to say, of course, that there isn’t some “brú” in it in Ireland as well.  I checked out the dates of the Christmas markets listed in an interesting article “10 Best: Irish Christmas Markets,” by Pól Ó Conghaile (http://poloconghaile.com/10-best-irish-christmas-markets/, for 2010).  As I suspected, the markets he describes start a little later than the Christmas rush in America, the earliest being November 19th, but most being squarely in December itself.

Ach rud amháin, ar a laghad, a thosaíonn in Éirinn i ndiaidh Oíche Shamhna — doirteadh an fhuisce isteach sna cístí Nollag go mbeidh siad deas, bhuel, deas ar maos faoin Nollaig.

Ach cad faoin bhféilire a bhaineanns leis an Nollaig mar lá saoire creidimh?

D’fhéadfadh muid tosú leis an Aidbhint (na ceithre Dhomhnach roimh an Nollaig).  Athraíonn na dátaí gach bliain.  I 2012, tosóidh an Aidbhint ar an 2ú lá de mhí na Nollag.  Interesting, isn’t it, that the big marketing push, in the U.S.at least, nearly coincides with the beginning of Advent!

27 Mí na Samhna 2011: An Chéad Domhnach den Aidbhint

4 Mí na Nollag 2011: An Dara Domhnach den Aidbhint

6 Mí na Nollag: Féile San Nioclás, an-tábhachtach san Ísiltír, “Sinterklaas kapoentje, Gooi wat in mijn schoentje,” srl., mar a chantar sa scannán Miracle on 34th Street.

11 Mí na Nollag 2011: An Tríú Domhnach den Aidbhint (“Gaudete Sunday”)

18 Mí na Nollag 2011: An Ceathrú Domhnach den Aidbhint

24 Mí na Nollag: Oíche Nollag

25 Mí na Nollag: An Nollaig

26 Mí na Nollag: Lá na Dreoilín, Lá Fhéile Stiofáin

31 Mí na Nollag: Oíche Chinn Bhliana, Oíche na Coda Móire, Oíche Nollag Beag (not to be mistaken with the other use of “an Nollaig Bheag,” which is on 6 Eanáir!)

Note that none of typical phrases used to say “New Year’s Eve” actually use the word “nua” (new).  Nor do they use the word “athbhliain” as found in the greeting “Happy New Year” (Athbhliain faoi mhaise!).  They translate literally as “Eve of the end of the year,” “The Night of the Big Portion (of food),” and “The Eve of Little Christmas.”

1 Mí Eanáir: Lá Coille (Lá Caille); Lá na nIarsmaí (féach “Handsel Monday,” thíos, freisin); Lá Nollag Beag (as with Oíche Nollag Beag, not to be mistaken with the other use of “an Nollaig Bheag,” which is on 6 Eanáir!).  Literally, these are “Calends Day,” “The Day of the Little Gifts,” and “The Day of Little Christmas.”

An Chéad Luan den Bhliain Úr (2 Eanáir 2012):  Handsel Monday (ní bhfuair mé Gaeilge ar ainm an Luain seo in áit ar bith ach tá trí fhocal i nGaeilge ar “handsel” é féin: féirín (an ceann is fearr liomsa mar níl sé chomh ginearálta; ciallaíonn sé “fairing” freisin), bronntanas (a chiallaíonn “gift” de shórt ar bith freisin), agus “iarsma” (a chiallaíonn “remainder, remnant, encumbrance” chomh maith).  Tagann an focal Béarla “handsel” ón SeanBhéarlahandselen, hand-gift”).

Ar “Handsel Monday” thugtaí bronntanais bheaga do pháistí, airgead is mó ach amanna cístí beaga is a leithéid.  In áiteanna, tugadh “suggit” ar an mbronntanas é féin agus síltear go dtagann sé seo ón nGaeilge “seo dhuit” nó “so dhuit” (“here to you,” said when giving the gift).  In áiteanna théadh na páistí ó theach go teach ar Lá Coille féin agus thugtaí na bronntanais ar an lá sin.  Mar sin tugtar “Lá na nIarsmaí” ar 1 Eanáir amanna freisin.

6 Mí Eanáir: An Nollaig Bheag, Nollaig na mBan, Eipeafáine, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag,

Cé go bhfuil trí théarma ar a laghad ar na “Magi,” ní fheicim mórán tráchta orthu mar chuid d’ainm an lae seo.  Seo na téarmaí ar na Magi: na Saoithe, an Triúr Eagnaithe, na Trí Ríthe.  Ar ndóigh, i dteangacha eile, deirtear rudaí mar “Three Kings’ Day,” “Dreikönigstag,” “O Dia de Reis,”  “Trijkungu diena,” “It-Tre Re,” “Trzech Kroli,” “El Dia de los Reyes”  Wondering what languages those are?  Ainmneacha na dteangacha thíos.

7 Mí Eanáir: dó an duilliúir (cuileann, fleasca síorghlasa, srl.) agus cur na maisiúchán eile i dtaisce.

Níl anseo ach achoimre ar na dátaí is na nósanna a bhaineanns leis an Nollaig ach tá súil agam go raibh siad suimiúil duit.  Dá mba rud é gur chuala tú aon téarma eile ar na laethe seo, bheadh sé go deas dá scríobhfá isteach chugainn leis an eolas.  SGF, Róislín

Gluais: amas, hit (in Internet search); ar maos, steeped (as in drink, etc.); comharthaí athfhriotail, quotation marks; , burning; dreoilín [DRzhOH-leen], wren; drualus [DROO-uh-luss], mistletoe; duilliúr, greenery; eagnaí, wise man (pl: eagnaithe [AG-nih-huh]); fleasc, wreath; fuisce, whiskey; gob ar ghob, neck and neck (lit. beak on beak); lus an phiobair, peppermint; mearchiall, frenzy, craziness; síorghlas, evergreen; thugtaí [HUG-tee], used to be given; théadh, used to go; timpeallach, ambient

Ainmneacha na dTeangacha (ina ndeirtear “Triúr Ríthe” is a leithéid): Gearmáinis, Portaingéilis, Laitvis, Máltais, Polainnis, Spáinnis

Tags: , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: