Irish Language Blog
Menu
Search

Puimcín Amháin, Dhá Phuimcín, Trí Phuimcín, Ollphuimcín … Puimcíní Go Leor (One Pumpkin … Pumpkins Galore, and the Great Pumpkin too) Posted by on Oct 18, 2012 in Irish Language

(le Róislín)

Cé mhéad puimcín anseo? Freagra (A) thíos

More counting practice, this time, le bheith tráthúil, le puimcíní.  First a quick review of the basic set-up for counting objects in Irish: the word for “one” follows the noun, other numbers come before the noun, two through six cause lenition (here, “p” becoming “ph”), and seven through ten cause eclipsis (here, “p” becomes “bp”).

And before we start, you probably already noticed that “Ollphuimcín” doesn’t really fit the pattern.  Le haghaidh an chraic a chuir mé isteach sa tsraith é.  Made you look, ar aon chaoi!

Ollphuimcín” means “Great Pumpkin” and uses the same prefix as “ollscoil,” “ollmhór,” and “olldealbh,” to name just a few.  So we have “Great Pumpkin” (ááá, cuimhne dheas na hóige, mise agus na páistí eile ag breathnú ar “It’s The Great Pumpkin, Charlie Brown”), and the other examples are “university” (oll + scoil), “very big” (oll + mór), and “colossus” (oll + dealbh, statue).  The prefix “oll-” usually causes lenition, so we have “Ollphuimcín” [OL-FIM-keen] and “ollmhór” [ol-wor].

Why no lenition of “scoil“?  The consonant cluster “sc” never gets lenited (bunscoil, meánscoil, gairmscoil, mo scoil, a scoil, srl.)

Why no lenition of “dealbh,” especially since “d” is lenitable (as we see in “mo dheasc” or “A Dhiarmaid!”).  It’s the so-called “DNTLS” rule, where a pair of these letters usually causes “resistance” to lenition (as, for example, in “seanteach,” “seansaighdiúir,” “seandún,” “olldord,” “olltoghchán,” and “ollsnáithín,” the latter of which, somewhat scarily, means “giant fiber”!).  So “dealbh” remains the same, simply because it starts with the letter “d.”  The standard examples, showing lenition, of course would include “seanbhean,” “seanfhear,” “ollchathair” (megalopolis) and “ollmhargadh” (supermarket).

Réidh le bheith ag comhaireamh?

puimcín amháin

dhá phuimcín

trí phuimcín

ceithre phuimcín

cúig phuimcín

sé phuimcín

(and now urú, or eclipsis, sets in)

seacht bpuimcín [shakht BIM-keen]

ocht bpuimcín

naoi bpuimcín

deich bpuimcín

Ag caint faoi phuimcíní ollmhóra (i gcomórtas leis an Ollphuimcín é féin), cad é an puimcín is mó a d’fhás i mbliana?  Ceann a bhfuil 2009 punt (911.267 kg) ann (mar mheáchan) a d’fhás i bpaiste puimcíní Ron Wallace ó Greene, Rhode Island.  Thar na bearta, go hoifigiúil (http://www.huffingtonpost.com/2012/10/05/the-largest-pumpkin-world-record_n_1939922.html)

Agus faoi dheireadh, seans leis an bhfocal “paiste” (patch) a úsáid (i gcomórtas leis an bhfocal “páiste,” a úsáidim go minic).  Hmmm, cad eile a fhásann i bpaistí?  Pápánna (Asimina tribola), is dócha.  Agus cabáistí, cinnte (áit ina bhfuarthas mise, och, ní hea, just ag magadh, ach deirtear sin).  Ach an ionann “paiste” agus “gairdín”?  Sin ábhar blag eile, is dócha.

And finally, cad é mar a deirtear “Ollphuimcín” i dteangacha eile?  An féidir leat iad seo a mheaitseáil?  Freagraí (B) thíos.

a) Magna Concurbita  b) Labu Raksasa  c) Il Grande Cocomero d) La Gran Calabaza e) La Grande Citrouille

1) Spáinnis  2) Iodáilis  3) Laidin  4) Indinéis  5) Fraincis

Hmmm, I can just see it now.  Linus agus Luaithríona, an bheirt acu, ag fanacht leis an Ollphuimcín.  Luaithríona ag fanacht ar Ollphuimcín ar rothaí (a cóiste), agus Linus ag fanacht ar an ngnáthOllphuimcín (má tá aon rud “gnáth-” faoina leithéid).  Agus céard faoi Pheadar, an “*Puimcíniteoir” freisin?  Caithfidh sé go raibh an puimcín inár “choinnigh” sé a bhean ollmhór.  Ach níorbh é an tOllphuimcín é féin é, is dócha.  Le bheith cinnte, áfach, ba chóir gur chuir muid ceist ar Anne Bancroft.

Pé scéal é, fáilte romhat, a Ollphuimcín, más amhlaidh go bhfuil tú ag léamh an phíosa seo! 

SGF, Róislín

Freagra (A): puimcín agus daichead (41 pumpkins), de réir mo chomhairimh 

Freagraí (B): a3, Laidin, b4 Indinéis, c2 Iodáilis, d1 Spáinnis, e5 Fraincis

P.S. Cé go bhfuil an chuma ar an bhfocalCocomerogo bhfuil sé cosúil le “cúcamar” (cucumber), ní chiallaíonn sé “cúcamar.”  Sin “cetriolo” san Iodáilis.  And if you already know “zucca” (pumpkin in Italian), that can also mean “gourd,” so appears to be a more general term.

P.P.S.  Anne Bancroft?  Ba í “bean Jake Armitage” í sa scannán The Pumpkin Eater (1964).  Ach ní raibh sí ina cónaí i bpuimcín.  I seanmhuileann gaoithe, ceart go leor, ar feadh cuid den scéal ach ní i bpuimcín.  Cén fáth an t-ainm sin ar an scannán?  Hmmm, caithfidh mé é a fheiceáil arís.  Is fada ó chonaic mé é.  Ach is cuimhin liom an t-ochtar páistí! 

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: