Irish Language Blog
Menu
Search

Titles, Quotes, and Sayings in Irish to Practice Terms for ‘Daoine Muinteartha’ (Family Members), Cuid/Part 1 Posted by on Nov 28, 2016 in Irish Language

(le Róislín)

Aithreacha, máithreacha, deirfiúracha agus deartháireacha agus a thuilleadh.  Fathers, mothers, sisters, brothers, and more.  Today’s blogpost consists of a few traditional proverbs in Irish and a variety of quotes, paraphrases, and classic book, movie, or TV program titles that I have translated into Irish or written in Irish.  In each case, a key word defining a family relationship is left blank.  See if you can fill in na bearnaí.  I can think of dozens of these, so this will probably be the first in another “mionsraith.”  And contributions from readers are welcome — can you think of some fun ones that are also good practice to follow up on our recent posts on “gaolta teaghlaigh“? (nasc thíos)

    1. “Is mise d’_____,” a dúirt Darth Vader le Luke Skywalker. The full quote really should start with “Níor mharaigh,” or perhaps “Ní hea,” but those additional phrases seem a little too “as comhthéacs” for present purposes.
    2. Seachtar Brídeach do Sheachtar _____ (scannán, 1958)
    3. Mol an páiste agus molann tú an _____. (seanfhocal traidisiúnta)
    4. ______ Vanya, dráma le Chekhov a foilsíodh sa bhliain 1897.
    5. An _____ leis an _____ agus an _____ leis an _____. (seanfhocal traidisiúnta — whether you agree with it or not! Leid: baill teaghlach traidisiúnta núicléach atá i gceist anseo)
    6. Déanfaidh mé tairiscint duit nach féidir leat diúltú di,” a dúirt an _____ _____ (dhá fhocal).
    7. Olga, Maria agus Irina, triúr ban sa dráma Triúr _____ a scríobh Chekhov sa bhliain 1900.
    8. Is mé do _____ _____,” a dúirt an tsióg le Luaithríona (dhá fhocal).  [Tagairt don leabhar thíos].
    9. “Tá do _____ tinn,” a dúirt an mháthair le Clóicín Dearg.  [Tagairt don leabhar thíos].
    10. “Níl sé trom. Is é mo dheartháir é,” a dúirt an cailín óg. (Seanrá a d’úsáid Bob Russell agus Bobby Scott mar theideal agus loinneog d’amhrán a bhí ina chnagshingil de chuid na Hollies i 1969.  Téann an seanrá é féin i bhfad níos faide siar, go dtí an bhliain 1884, an chéad tagairt dó i bhfoilseachán ar bith a bhfuil eolas againn air.  B’fhéidir go bhfuil sé níos sine, fiú.)

Sin deich gcinn duit, ar a laghad.  Tuilleadh le teacht.  Tá súil agam go mbainfidh tú sult as.  —  Róislín

Freagraí.

  1. “Is mise d’athair,” a dúirt Darth Vader le Luke Skywalker.
  2. Seachtar Brídeach do Sheachtar Deartháireacha (scannán, 1958). Amanna deirtear “Seachtar Deartháir”
  3. Mol an páiste agus molann tú an mháthair. (seanfhocal traidisiúnta nach dtagraíonn do chúram an athar ar chor ar bith!)
  4. Uncail Vanya, dráma le Chekhov a foilsíodh sa bhliain 1897.
  5. An mháthair leis an mac agus an iníon leis an athair. (seanfhocal traidisiúnta — whether you agree with it or not!)
  6. “Déanfaidh mé tairiscint duit nach féidir leat diúltú di,” a dúirt an tAthair Baistí.
  7. Olga, Maria agus Irina, triúr ban sa dráma Triúr Deirfiúracha a scríobh Chekhov sa bhliain 1900. Amanna deirtear “deirfiúr” in ionad “deirfiúracha.”
  8. “Is mé do mháthair bhaistí,” a dúirt an tsióg le Luaithríona.
  9. “Tá do sheanmháthair tinn,” a dúirt an mháthair le Clóicín Dearg.
  10. “Níl sé trom. Is é mo dheartháir é,” a dúirt an cailín óg. (Seanrá a d’úsáid Bob Russell agus Bobby Scott mar theideal agus loinneog d’amhrán a bhí ina chnagshingil de chuid na Hollies i 1969.).

Naisc agus tagairtí:

1) Terms for Family Relationships in Irish — Gaolta Teaghlaigh Posted by róislín on Nov 16, 2016 in Irish Language

2) Luaithríona, (BÁC: An Gúm, 2007), ISBN 978-1-85791-675-1

3) Clóicín Dearg (Cincinnati: Another Language Press, 2001), ISBN 0922852553

Nuashonrúchán (8 Mí na Nollag): Cleachtadh (Practice)
a) Titles, Quotes, and Sayings in Irish to Practice Terms for ‘Daoine Muinteartha’ (Family Members), Cuid/Part 2
Posted by róislín on Nov 30, 2016 in Irish Language

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: