Irish Language Blog
Menu
Search

Deireadh Shéasúr na Nollag – faoi dheireadh! Posted by on Jan 9, 2010 in Irish Language

(le Róislín)

Bhuel, here are the last few terms I can eke out before we’re totally báite i dtéarmaí Vailintín.  Perhaps you can save them for an Nollaig seo chugainn (next Christmas).

an páipéar beartán, the wrapping paper

an chloch guail, the lump of coal (for the stockings of all ye buachaillí agus cailíní dána, otherwise known as “bold brazen articles”).

an sprús Lochlannach, as in the 76-foot high tree which was taken down yesterday from Lárionad Rockefeller i Nua-Eabhrac after its réimeas [reign] cúig seachtainí, overlooking Sráid Daichead a Naoi agus Sráid a Caoga i meánbhaile Mhanhattan.

And finally, three different names for Epiphany or Three Kings’ Day (January 6):

Eipeafáine, Epiphany

Nollaig Bheag, Little Christmas, a term also found in some other languages like Gailísis (Nadalinho) and Fionnlainnis (pikkujoulu).  This term can lead to some confusion, though, in Irish, since it can also mean New Year’s Day (which is normally Lá Caille, lit. “Day of the Caileann or “Calends”).  So I’d recommend using either the formal term (Eipeafáine) or “Nollaig na mBan” for January 6th.

Nollaig na mBan, lit. the Christmas of the Women, so-called because, supposedly, men did the obair tí and women got to relax and socialize together.  “Lá amháin sa bhliain ag déanamh obair an tí, a fheara?” a deirimse.  What about the other 364?  A chuid is a chomhroinn do gach aon duine, whether we want it or not.

As “Twelfth-day,” we also have the terms “Lá Chinn an Dá Lá Dhéag” (day of end/head of the twelve days).  Note that this phrase doesn’t literarally use the adjective “twelfth,” which would be composed of “dara” or “dóú” plus “déag,” as in “an dara duine déag” (the 12th person) or “an dóú bord déag” (the 12th table).  Instead, we have “an dá lá dhéag,” which is literally “the two (and) ten days,” that is “twelve days,” not “of the twelfth day.”   “Twelfth-night” is “Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag

Nótaí: faoi dheireadh [fwee YERzh-uh] at last, lit. “under end;” bhuel [wel] well, just as in English; meánbhaile [MYAWN-WAHL-yeh] midtown (note: bhí orm cor a bhaint as [to tweak] an gcomhfhocal seo mar ní bhfuair mé aon réamhshampla [precedent] ); Mhanhattan [wan-HAT-an], the possessive form of “Manhattan” in Irish, with lenition; a fheara! [uh AR-uh] men! (in direct address); comhroinn [koh-rin] equal part.

Sprús Lochlannach,” this is literally “Scandinavian spruce,” sometimes translated as “Norwegian;” it’s not exactly “Norway spruce,” as the English specifies. Irish does the same for “Canada goose” (gé Cheanadach, instead of using “Cheanada“).  I’ve actually never understood why we don’t use the adjective forms (Norwegian, Canadian) in English (or at least we’re not supposed to, though I’ve heard “Canadian” for geese often enough). Slán go fóill – Róislín

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Comments:

  1. aonghus:

    Lár (bhaile) Manhattan a bheadh agamsa, sílim.

    Agus le bheith cruinn Lochlann = Scandinavia

    (Áit ina bhfuil mórchuid lochanna!)

  2. Mise Áine:

    Faisnéiseach, mar is iondúil. Go raibh maith agat!

    Bliain nua faoi mhaise agus faoi shláinte, a Róislín, agus chuile ní dá fhéabhas!

  3. Róislín:

    A Áine, a chara,

    Go raibh maith agat as do nóta. Tá áthas orm gur bhain tú sult as. Agus is mó an dea-léirmheas ag teacht ó dhuine a bhfuil an Ghaeilge ar a toil aici (mar is eol dúinn ó do bhlag féin (http://miseaine.blogspot.com/)

    Bliain nua faoi mhaise agus faoi shéan dhuitse freisin!

  4. Róislín:

    A Aonghuis, a chara,

    Go raibh maith agat as do nóta agus do mholtaí. Bhí mé ag smaoineamh ar fhrásaí mar “meániarthar” agus “an mheán-Eoraip” nuair a dúirt mé “meánbhaile” ach tá “lár” go maith freisin. Is dócha nach bhfuil aon rud oifigiúil ann, go mór mór leis an bhéim ar an choincheap “baile,” mar a deir muintir Nua-Eabhrac. An rud céanna le “Manhattan/Mhanhattan” – ní raibh mé ábalta teacht ar aon rud oifigiúil. Feicim “Mhanhattan” ar an Idiríon ó am go ham mar thuiseal ginideach ach tuigim gur ceist mhaith i nGaeilge anois í – cén fhoirm a bheadh ar logainmneacha iasachta. Is cuimhin liom “An Mhississippi” agus “An Mhissouri” a fheiceáil i dtéacsleabhar tíreolaíochta (Folens Teo. ). Tugaim faoi deara go bhfuil claonadh ann anois gan aon chlaochlú a bheith ann.

    Mhothaigh mé go mba chóir an focal “Lochlannach” a shoiléiriú nuair a bhí mé i ndiaidh an blag a phostáil. Scríobh mé an chéad bhlag eile ar an ábhar sin agus nuair a d’oscail mé an suíomh, chonaic mé do nóta! Dá mba rud é gur cuireadh “Ioruach” nó “na hIorua” ar an chineál sin de chrann sa chéad dul síos (cé a chum an téarma, meas tú?), ní bheadh an scéal chomh casta. Ach rud amháin maith, ar a laghad. Bhain siad úsáid as “sprús” in ionad “giúis ghallda,” an t-ainm eile ar “spruce.” Dá mbeadh “giúis ghallda” ar “spruce” go ginearálta, bheadh “giúis ghallda Lochlannach” agus “giúis ghallda Sheirbiach” agus a leithéid againn. Beagán casta, déarfainn!

    Tá súil agam go bhfuil an soiléiriú “soiléir” go leor anois.

    Pé scéal é, go raibh maith agat arís agus go raibh maith agat as a bheith ag léamh na mblaganna!

  5. Mise Áine:

    Go raibh maith agat, a chara, ach bíonn botúin ghramadaí agam ar an mblag, ó am go chéile, go háirithe agus mé ag plé leis an gclásal coibhneasta!

    Mar sin féin, déanaim iarracht iad a cheartú, agus déanaim athbhreithniú ar na postálacha uaim go minic, le botúin a cheartú, le cuidiú ó chara nó dhó, daoine le Gaeilge i bhfad níos fearr acu ná mar atá agamsa. Is ar scáth a chéile…

    Beidh mé ag roinnt na gceartúchán sin le léitheoirí mo bhlag amach anseo, nuair a bheas mé níos eagraithe, rud nach bhfuilim i láthair na huaire.

    Idir an dá linn, an bhfuil aon rud scríofa agat féin maidir leis an gclásal coibhneasta?

  6. Róislín:

    A Áine, a chara,

    “Ar scáth a chéile” sin í an fhírinne! Sílim go ndéanann gach duine botúin ó am go ham. Tarlaíonn sé domsa go mór mór má dhéanaim athrú sa téacs agus bíonn cineál “éifeacht an domanó” ann. Mar shampla, frása le hainmfhocal firinscneach a athrú go frása le hainmfhocal baininscneach (le haghaidh stíle nó mionchruinnis srl.) – athraíonn aidiachtaí, claochluithe, srl. Gan a bheith ag trácht ar an ghnáthbhotún cló.

    Maidir leis an chlásal coibhneasta, is rud casta é, ar ndóigh. ‘Séard is tábhachtaí faoi, sílim, ná idirdhealú idir na cinn dhíreacha agus na cinn neamhdhíreacha. (an fear atá tinn, an fear a bhfuil a mhac tinn – an sampla clasaiceach). Is smaoineamh maith é níos mó a scríobh faoi. Déanfaidh mé sin roimh i bhfad. GRMA as an mholadh.

  7. Mise Áine:

    Maith thú! Beidh mé ag dúil go mór le do threoir…:-)


Leave a comment: