Irish Language Blog
Menu
Search

Ag seinm uirlisí ceoil, ó alpchorn go xileafón (Alpenhorn to Xylophone in Irish): Pt. 3: Pianó go siotar AGUS siotár Posted by on Mar 25, 2015 in Irish Language

(le Róislín)

Piscíní ar na heochracha -- dáiríre! (Carl Reichert, 1908, The Kittens Recital; http://vintageprintable.swivelchairmedia.com/animal/animal-animals-acting-human/animal-animal-acting-human-kittens-playing-piano/)

Piscíní ar na heochracha — dáiríre! (Carl Reichert, 1908, The Kittens Recital; http://vintageprintable.swivelchairmedia.com/animal/animal-animals-acting-human/animal-animal-acting-human-kittens-playing-piano/)

Time for cuid a trí of our musical instrument series.  And yes, it will eventually end with “x,” not “z,” since I don’t see any musical instruments that start with a “z” in Irish.  No, not even the “zither.” There is an Irish word for “zither” (buíochas le Dia, a déarfadh Anton Karas, RIP), but it doesn’t start with the letter “z.”  Very few words do start with “z” in Irish, for that matter, but that’s largely a matter for another blog.  So how is “zither” spelled in Irish?  Á, á, feicfidh tú thíos é.

Stad muid leis an bhfocal “ócairín” an uair dheireanach agus mar sin tosóidh muid leis an litir “p.”  Mar a rinne muid cheana, déanfaidh mise an tuiseal ginideach don chéad sampla, agus tusa don dara sampla. Freagraí thíos. 

(Uimhreacha 1-8 i mblag 19 Márta 2015; 9-13 i mblag 21 Márta 2015)

14) pianó: Cé mhéad piscín atá ag seinm an phianó sa phictiúr?  NB: séimhiú (“pianó” becomes “phianó“) in this sentence.  The “ph” here is pronounced like “f”: ag seinm an phianó [egg SHEN-yim un fee-AN-oh].  M’fhreagra féin don cheist — piscín amháin; níl an ceann eile (ar clé) ach ina seasamh ar na heochracha.  Ach cad é do bharúil?  Aonréad nó dísréad atá ann?  Croí agus Anam“?  Nó Cipíní Itheacháin“?

Maidir le “q,” ní fheicim uirlis cheoil ar bith i nGaeilge a thosaíonn le “q,” agus is beag ceann atá ann i mBéarla fiú.  An “quena” agus an “quenacho,” agus an “quinticlave,” ‘sea, ach dá mbeadh Gaeilge orthu, seans maith go dtosódh an focal le “c” in ionad “q.”  Bíodh cuimhne agat, tá Ó Coigligh ar “Quigley” i nGaeilge, agus Ó Coinnar “Quinn.”  Ní thosaíonn na sloinnte sin le “q” i nGaeilge.  Na focail is mó a fheiceann tú i nGaeilge le “q,” is iad “quinín” agus “quionól” iad (quinine and quinol, focail iasachta), i mo thaithí féin, ar a laghad.  Agus ní minic a fheiceann tú iad sin.

15) reabab: Tá an Beidiúnach ag seinm an _____________.  Leid: “reabab” is a first-declension masculine noun, so the pattern is similar to the following: cupán / dath an chupáin, uachtarán / Áras an Uachtaráin, fear / hata an fhir.  “Beidiúnach” means “Bedouin,” which should help place this instrument geographically, though it does range from an Afraic Thuaidh to an Mhalaeisia agus an tSín (le hainmneacha difriúla sna teangacha difriúla, ar ndóigh).

No spelling change at the beginning of the word, since it starts with the letter “r.”

16) siotar: Tá Anton Karas ag seinm an tsiotair.  Yes, that’s taking some liberties with the time frame, since Karas passed away in 1985.  But his ceol fuaimriain is eternal, as is the movie in which it appeared.  I don’t think there’s an Irish language version of it, but if there is, it would be An Tríú Fear.  And that, in English, is ____?  Freagra thíos.

And for good measure, how about “an siotár,” with the long mark?  To say someone’s playing it: “ag seinm an tsiotáir.”  And who’s playing it?  Well, using the name that comes first to mind, “Tá Ravi Shankar (RIP) ag seinm an tsiotáir.” Which should be a good hint.

Bhuel, sin cuid a trí den tsraith seo, “Ó Alpchorn go Xileafón.”  Tá súil agam go bhfuil tú ag baint suilt as.  Ag deireadh na sraithe is féidir linn a bheith ag caint faoi na huirlisí ceoil a sheinneann léitheoirí an liosta seo.  Leis an fhírinne a dhéanamh, bheadh sé suimiúil dá scríobhfá isteach am ar bith le habairt nó dhó faoi do shuim i gceol.  Cén sórt ceoil is fearr leat?  An seinneann tú aon uirlis cheoil?  An mbíonn tú ag amhránaíocht?  Nó an é nach mbíonn tú ag canadh ach sa chithfolcadh?  Agus nach mbíonn tú ag seinm rud ar bith seachas an seinnteoir CDanna.  Nó mar a deirtí fadó(-ish!), an seinnteoir ceirníní.  Slán go fóill – Róislín 

Freagraí

15) ag seinm an reabaib, playing the rebab (a spike fiddle, usually played with the instrument held vertically on the ground, on a “spike,” and the player seated on the ground)

16) ainm an scannáin: The Third Man (1949) in Irish would be An Tríú Fear.  An bhfaca tú é? 

Gluais: ar a laghad, at least; cithfholcadh, shower; dísréad, duet; fuaimrian, soundtrack; seinnteoir, player; tosóidh, will start

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: