Irish Language Blog
Menu
Search

JFK agus a Chúlra Éireannach Posted by on Nov 21, 2013 in Irish Language

(le Róislín)

An tUachtarán John Fitzgerald Kennedy (1917-63) Photo: Cecil Stoughton, White House

An tUachtarán John Fitzgerald Kennedy (1917-63) Photo: Cecil Stoughton, White House

Let me start out by saying that other than a Vicipéid article (flagged by Vicipéid itself as containing “droch-Ghaeilge“) and one brief bio in Irish that appears to have been machine-translated (naisc thíos), I haven’t found much biographical information on John F. Kennedy written in Irish.  So this blog will just present the basics, capsúlbheathaisnéis agus beagán faoi chúlra a mhuintire in Éirinn.

For those who are fairly new to Irish, here’s a mini-glossary with a rough guide to pronunciation that covers some of the vocabulary below:

rugadh [RUGG-uh], a key word for this topic, “rugadh” means “was born”

seanathair [SHAN-AH-hirzh], grandfather; plural: seanaithreacha [SHAN-AH-hruh-khuh]

seanmháthair [SHAN-WAW-hirzh], grandmother; plural: seanmháithreacha [SHAN-WAW-hruh-khuh]

sin-seanathair [SHIN-SHAN-AH-hirzh]; plural: sin-seanaithreacha [SHIN-SHAN-AH-hruh-khuh]

sin-seanmháthair [SHIN-SHAN-WAW-hirzh]; plural: sin-seanmháithreacha [SHIN-SHAN-WAW-hruh-khuh]

SIN-SEANAITHREACHA AGUS SIN-SEANMHÁITHREACHA

1821 Rugadh Bridget Murphy, sin-seanmháthair JFK (máthair a sheanathar) i gContae Loch Garman; Bridget Murphy Kennedy a hainm pósta (fuair sí bás i 1888)

1823 Rugadh Patrick Kennedy, sin-seanathair JFK, i mBaile Uí Dhonnagáin, Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman, áit ina bhfuil an “Kennedy Homestead” anois (http://www.kennedyhomestead.ie/). Fuair Patrick bás i 1858, nuair a bhí a mhac, Patrick Joseph, an-óg.

1832 Rugadh Michael Hannon, sin-seanathair JFK (athair a sheanmháthar) i gContae Luimnigh, in aice le Loch Gair (fuair sé bás i 1900)

1834 Rugadh Mary Ann Fitzgerald, sin-seanmháthair JFK (máthair a sheanmháthar) i gContae Luimnigh; Mary Ann Fitzgerald Hannon a hainm pósta (fuair sí bás i 1904)

1835 Rugadh Thomas Fitzgerald, sin-seanathair JFK (athair a sheanathar) i gContae Luimnigh (fuair sé bás i 1885)

1836 Rugadh Rosanna Cox, sin-seanmháthair JFK (máthair a sheanathar) i gContae an Chabháin; Rosanna Cox Fitzgerald a hainm pósta (fuair sí bás i 1879)

1836 Rugadh James Hickey, sin-seanathair JFK (athair a sheanmháthar); tháinig sé go Meiriceá ó  Chontae Chorcaí (fuair sé bás i 1900)

ca. 1836 Rugadh Margaret Field, sin-seanmháthair JFK (máthair a sheanmháthar); tháinig sí go Meiriceá ó Chontae Chorcaí (fuair sí bás i 1911)

1849 Bhain Patrick Kennedy Bostún amach ar 22 Aibreán.  Sheol sé ó Learpholl.  Phós sé Bridget Murphy sa bhliain chéanna.  Bhí cúigear páistí acu, Patrick Joseph ina measc, agus sin tús “na Kennedys” i Meiriceá.

SEANAITHREACHA AGUS SEANMHÁITHREACHA

1857 Rugadh Mary Augusta Hickey, seanmháthair JFK ar thaobh a athar, i Winthrop, Massachusetts (fuair sí bás i 1923)

1858  Rugadh Patrick Joseph “P.J.” Kennedy, seanathair JFK ar thaobh a athar, i mBostún (fuair sé bás i 1929)

1863 Rugadh John Francis “Honey Fitz” Fitzgerald, seanathair JFK ar thaobh a mháthar (fuair sé bás in 1950)

1865 Rugadh Mary Josephine “Josie” Hannon, seanmháthair JFK ar thaobh a mháthar; Mary Josephine Hannon Fitzgerald a hainm pósta (fuair sí bás i 1964)

ATHAIR AGUS MÁTHAIR

1888: Rugadh Joseph Patrick “Joe” Kennedy i mBostún (fuair sé bás i 1969)

1890: Rugadh Rose Elizabeth Fitzgerald i mBostún; Rose Elizabeth Fitzgerald Kennedy a hainm pósta; (fuair sí bás i 1995, bhí sí 104 bliain d’aois!)

JFK É FÉIN

1917: Rugadh JFK i mBrookline, Massachusetts ar 29 Bealtaine

1922-26: D’fhreastail sé ar Scoil Edward Devotion i mBrookline

1926-1931: D’fhreastail sé ar scoileanna éagsúla (Scoil Dexter i mBrookline, Riverdale Country School sa Bhroncs, Scoil Canterbury i New Milford, Connecticut)

1931-1935: D’fhreastail sé ar Scoil Choate Rosemary Hall i Wallingford, Connecticut (céim, 1935)

1935: Rinne sé staidéar ag Ollscoil Princeton, níos lú ná téarma (fadhbanna sláinte)

1936-40: D’fhreastail sé ar Ollscoil Harvard, céim B.S. 1940 i nGnóthaí Idirnáisiúnta

1941: Seirbhís mhíleata sa Chabhlach

1946: Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe

“The rest,” mar a deirtear, “is history.”

Somehow I thought there would be more biographical information on JFK available online in Irish than there appears to be.  The Vicipéid article is worth reading, ach ná bí ag foghlaim gramadaí uaidh.  As for the “skolarbete” article, I pretty much gave up on it after reading that “tar éis chuaigh Harvard” [sic] JFK and his brother went “sa sciathán Mheiriceá” [sic again].  “Sciathán” (wing, arm) can refer to a division of the military forces, and has a variety of other interesting meanings as well (sciathán diallaite, sciathán tobac, sciathán basúin, srl.) but afaik, there is no way to go directly into the “wing of America.”  “Arm [AHR-um],” logically enough, is the Irish for “army;” the word “sciathán” isn’t used for the army as a whole.  Not to mention the fact that the preposition “in” generally gets doubled up if one is going “into” something (“ag dul isteach sa siopa,” not just “ag dul” + “sa siopa“).  If anyone knows of any other good resources for reading about Kennedy in Irish, I’m sure plenty of readers here would be interested.  SGF–Róislín

Naisc: http://ga.wikipedia.org/wiki/John_F._Kennedy (ach bíodh a fhios agat go bhfuil an nóta seo ann ag an am a scríobhadh an t-alt seo, 21 Mí na Samhna, 2013: “Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: droch-Ghaeilge.” 

http://skolarbete.nu/ga/skolarbeten/john-f-kennedy-5/#more-2473 (NB: de réir cosúlachta is aistriúchán uathoibríoch [machine translation] é seo) 

Tags: , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , , ,
Keep learning Irish with us!

Build vocabulary, practice pronunciation, and more with Transparent Language Online. Available anytime, anywhere, on any device.

Try it Free Find it at your Library
Share this:
Pin it

Leave a comment: